100 Year Journey
Turas 100 Bliain

Cuireadh an tAistear 100 Bliain seo i dtoll a chéile chun béim a leagan ar chomh casta agus chomh héagsúil agus a bhí taithí na mban le 100 bliain anuas.

Ní liosta críochnaitheach é an liosta sin ach tá sé i gceist gur cáipéis bheo a bheadh inti agus molaimid do dhaoine páirt a ghlacadh sa tionscadal agus moltaí a dhéanamh lena gcur san áireamh.









1990s

An Dara Coimisiún um Stádas na mBan

Bhunaigh an Taoiseach Charles Haughey an Dara Coimisiún um Stádas na mBan in 1990. Tháinig an glaoch air ón gComhairle um Stádas na mBan (a dhéanann ionadaíocht anois do níos mó na 80 eagraíocht ban). Ar an 1 Samhain 1990, tháinig an coimisiún de 19 mball le chéile den chéad uair (16 bhean agus triúr fear) faoi chathaoirleacht an Bhreithimh Mella Carroll.

Uachtarán na hÉireann, Mary Robinson

Roinnt laethanta ina dhiaidh sin, reáchtáladh an chéad toghchán Uachtaránachta a bhí ann ó 1973. Roimhe sin, ba iad iarrthóirí de chuid Fhianna Fáil amháin a d’éirigh leo. Theastaigh ón Lucht Oibre iarrthóir láidir a ainmniú don Uachtaránacht. Bhí Mary Robinson ina Seanadóir le fiche bliain ach ní raibh sí ag iarraidh go n-atoghfaí í in 1989. Sa bhliain 1990, d’iarr an Lucht Oibre uirthi seasamh mar iarrthóir sa toghchán Uachtaránachta sa bhliain sin agus ghlac sí leis gan dul isteach sa Lucht Oibre arís. Ón tús, chuaigh Mary Robinson i mbun feachtais dinimiciúil agus na manaí seo a leanas san  áireamh aici: ‘Uachtarán le Cuspóir’ agus ‘ Tá guth agat agus cuirfidh mise in iúl é’.

Ba é Brian Lenihan, Tánaiste, agus Aire Cosanta, iarrthóir Fhianna Fáil, agus bhí Austin Currie,  bunaitheoir an SDLP, ina iarrthóir ag Fine Gael. Tar éis fheachtas toghchánach conspóideach, toghadh Mary Robinson ina céad ban-uachtarán ar Éirinn. Insealbhaíodh í ar an 3 Nollaig 1990. 

Cás X agus an méid a tharla ina dhiaidh 

Sna fiche bliain deiridh den chéad seo caite, tháinig méadú ar líon na máithreacha neamhphósta in Éirinn, ar bhonn leanúnach, go dtí 28% agus ba é an líon ab airde in Iarthar na Eorpa. I Mí Feabhra 1992, i gcás dlí, an tArd-Aighne in éadan X agus daoine eile, (ar a dtugtar Cás X) dheonaigh an Ardchúirt urghaire a chuir bac ar chailín 14 bliana d’aois (X) a bhí ag iompar clainne, taisteal thar lear lena tuismitheoirí, i gcomhair ginmhillte. Rinne comharsa éigniú reachtúil uirthi. Tháinig na mílte amach ar na sráideanna i mbun agóide, lena n-áirítear an Óige ar son Rogha.

Rinneadh achomharc ar urghaire na hArd-Chúirte chuig an gCúirt Uachtarach, agus iompaíodh an cinneadh a fuair an Stát roimhe sin bac a chur uirthi an tír a fhágáil, iompaíodh é le tromlach 4 le 1. Ba chás cinniúnach é sa Chúirt Uachtarach, cás a chuir tús le ceart ban na hÉireann ar ghinmhilleadh sa chás ina raibh riosca mór agus substaintiúil ann don mháthair, lena  n-áirítear riosca féinmharaithe. Ba é conclúid na Cúirte Eorpaigh um Chearta an Duine, ná go raibh ceart bunreachtúil ann cheana.

Lean na hagóidí idir Grúpaí ar son na Beatha agus Grúpaí ar son Rogha, de réir mar a cuireadh leasuithe ar an mBunreacht os comhair na ndaoine i Samhain 1992. D’fhaomh an reifreann seo an tríú leasú déag agus an ceathrú leasú déag ar an mBunreacht. D’fhoráil an tríú leasú déag nár chuir  an chosaint ar cheart chun beatha an linbh sa bhroinn, de réir na Bunreachta, bac ar shaoirse an duine taisteal amach ón Stát nó isteach ann.

D’fhoráil an ceathrú leasú déag nár chuir cosaint cheart an linbh sa bhroinn, bac ar eolas faoi sheirbhísí i dtíortha eile, a dháileadh. Faomhadh an dá leasú sa reifreann ar an 25 Samhain 1992 agus síníodh sa dlí iad ar an 23 Nollaig 1992.

De réir shuirbhé náisiúnta, ní raibh ach leath na mban a raibh sé furasta dóibh rochtain a fháil ar sheirbhís pleanála clainne (cé go raibh coiscíní ar fáil ó mheaisíní díola in 1993).

In 1993 bunaíodh an tAonad um Imscrúdú ar Ionsaithe Gnéis agus ar Fhoréigean Teaghlaigh, den Gharda Síochána. Bhunaigh Cúnamh do Mhná líne teagmhála 24 uair.

Ritheadh an tAcht um Rialáil Faisnéise (Seirbhísí lasmuigh den Stát chun toirchis a Fhoirceannadh), 1995. Cheadaigh an tAcht eolas faoi sheirbhísí ginmhillte lasmuigh d’Éirinn a chur ar fáil go dlíthiúil.

Ritheadh an tAcht um Fhoréigean Teaghlaigh (1996): leathnaigh sé orduithe urchoisc agus orduithe cosanta chuig neamh‑chéilí. Thug sé cumhacht do Bhoird Sláinte iarratas a dhéanamh ar Orduithe Cúirte. Neartaigh sé cumhachtaí na ngardaí chun duine a ghabhadh gan barántas i gcás sáraithe.

Bunaíodh Tascfhórsa Náisiúnta ar Fhoréigean in aghaidh na mBan in 1997. D’fhoráil sé do thascfhórsaí réigiúnacha agus náisiúnta agus do chomhordú taighde agus do chur i bhfeidhm pholasaithe.

In 1999 tar éis staidéar maoinithe ag an rialtas, foilsíodh Páipéar Glas ar Ghinmhilleadh, ina ndearnadh na roghanna éagsúla a leagan amach, lena n‑áirítear reachtaíocht agus an tríú reifreann ar ghinmhilleadh. Cuireadh deireadh leis na horduithe coisc a bhí ann faoi na hAchtanna um Chinsireacht Foilseacháin, a bhain le frithghiniúint agus le deireadh a chur leis an toircheas.

GLEN

Leasaíodh bunreacht na Cónaidhme do Dhaoine Aeracha i 1990 agus Rinneadh an Chónaidhm do Dhaoine Aeracha agus Leispiacha di. Bunaíodh roinnt grúpaí, an Líonra Comhionannais do Dhaoine Aeracha agus Leispiacha (Glen) ina measc, a rinne stocaireacht chun an dlí a leasú. Bronnadh cúram linbh ar mháthar leispiach den chéad uair i 1992. Bunaíodh LOT Lesbians Organising Together i 1991. Bhronn an Roinn Leasa Shóisialaigh deontas IR£50,000 ar an eagraíocht. D’oscail an eagraíocht ionad buail isteach ar Shráid Chéipil i 1995. Lean an t-imeacht ‘Lesbian Lives‘, ar aghaidh, imeacht a tosaíodh mar Lá de Phléití in Ionad Taighde agus Acmhainne na mBan i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Agus deireadh ag teacht leis na deich mbliana chuir LEA (Lesbian Education and Awareness) feachtas iomráiteach i dtoll a chéile, feachtas náisiúnta cláir fógraí agus deireadh seachtaine Togra Sofheictheachta ina measc. 

Clár Faisnéise Dear Daughter, 1992

Chuaigh Christine Buckley ar Sheó Gay Byrne in 1992 agus labhair sí faoin mí‑úsáid a d’fhulaing sí in Áras an Droichid Órga agus faoin mí‑úsáid i scoileanna saothair. I 1996 rinneadh clár faisnéise as a scéal ar a tugadh Dear Daughter. In 1999 bhunaigh Christine Buckley agus Carmel Mc Donnell, ionad oideachais agus tacaíochta Aislinn, chun tacú le hiar-chónaitheoirí na scoileanna saothair.

Na Mná a d’Éirigh Leo

Toghadh 20 bean chun Dáil Éireann le linn an olltoghcháin ar an 25 Samhain 1992, uimhir nach rabhthas ag súil leis.

Toghadh Niamh Bhreathnach, Joan Burton, Eithne FitzGerald, Breeda Moynihan-Cronin agus Roísín  Shortall don Lucht Oibre. Toghadh Frances Fitzgerald, Teachta Dála nua do Bhaile Átha Cliath Thoir Theas, d’Fhine Gael chomh maith le Theresa Ahern, Mary Flaherty, Nora Owen agus Avril Doyle. Toghadh Mary Coughlan, Síle de Valera, Mary Wallace, Mary O’Rourke agus Máire Geoghegan-Quinn d’Fhianna Fáil. Tháinig Helen Keogh agus Liz O’Donnell isteach le Mary Harney agus Mairín Quill mar Theachtaí Dála sa Pháirtí Daonlathach. Ba í Liz O’Donnell an chéad bhean a toghadh don Daonlathas Clé, nuachumtha.

Grúpa 84

Ba í an Seanadóir Mary Henry a bhunaigh Grúpa 84 an bhliain sin. Cumann traspháirtí de theachtaí dála agus de sheanadóirí mná a d’oibreodh le chéile ar shaincheisteanna ina raibh leas acu ar fad iontu,  ba ionann teideal an ghrúpa agus an méid a bhí siad ag iarraidh a bhaint amach,  is é sin 84 bean a bheith i dTithe an Oireachtais, an t-ionadaíocht chuí ar mhná.Group 84

That year Senator Mary Henry established the Group 84. A cross party association of women deputies and senators who would work together on issues of mutual interest, their title represented their aspiration, the ideal representation for women in the Houses of the Oireachtas was 84.

Toghadh Albert Reynolds ina Thaoiseach agus ceapadh Dick Spring, den Lucht Oibre ina Thánaiste. Den chéad uair, bhí beirt bhan sa chomh-aireacht, Máire Geoghegan Quinn, Fianna Fáil ina hAire Dlí is Cirt agus Niamh Bhreathnach, Lucht Oibre ina hAire Oideachais. Ceapadh Niamh Bhreathnach ina hAire Oideachais – an 6ú Aire Rialtais

Fad a bhí Máire Geoghegan-Quinn ina hAire Dlí agus Cirt achtaíodh an tAcht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha), a dhíchoirigh gníomhartha comhthoiliúla homaighnéasacha. 

Mná agus Obair sna 1990idí 

Tuairiscíodh gur tháinig athrú ar an lucht saothair agus fir agus mná óga, a raibh oideachas níos fearr orthu agus a bhí ‘níos solúbtha’ ag tógáil áit ‘na bhfear meánaosta gan mórán oideachais’.

Thug torthaí an Choimisiúin um Stádas na mBan ceisteanna do mhná chun solais, lena n-áirítear, an gá a bhí le córas iompair níos fearr, le hionaid sláinte móibíleacha agus le sraith áiseanna oiliúna agus oideachais.

Sa bhliain sin, tháinig an Roinn Comhionannais agus Athchóirithe Dlí ar an bhfód, agus go ceann tréimhse idir Samhain agus Nollaig 1994, bhí Máire Geoghegan Quinn ina hAire Gníomhach tar éis do Mervyn Taylor, Aire an Lucht  Oibre, ón gComhrialtas, éirí as a phost.

Ba í Susan Denham an chéad bhean a ceapadh don Chúirt Uachtarach. Bunaíodh an chéad aonad den Fhórsa Cosanta Áitiúil, ar mhná iad go léir, i nDún an tSáirseálaigh, i Luimneach. In 1994 ceapadh Evelyn P. Owens ina céad cathaoirleach ar an gCúirt Oibreachais. Faoi 1997, mná ab ea iad 51% den  fhórsa oibre.

Leathnaigh an tAcht um Chomhionannas Fostaíochta (1998), na forais ina mbeadh cosc ar idirdhealú díreach nó indíreach i bhfostaíocht – lena n‑áirítear claonadh gnéasach agus stádas clainne. Rinne an dlí seo ciapadh gnéis a chódú.

Mná agus Saol na PolaitíochtaMná agus Athrú i gCúrsaí Polaitíochta 

San fhothoghchán a reáchtáladh i mí na Samhna 1994, toghadh Kathleen Lynch, a bhí ina gníomhaí polaitiúil sna 80idí, ina Teachta Dála don Daonlathas Clé, i gCorcaigh Thuaidh Lár. Mhéadaigh sí a vóta thar na mblianta. Agus í ina ball de Chumann Náisiúnta Eagraíocht na dTionóntaí, bhí sí i mbun feachtais in éadan tháillí seirbhíse na n-údarás áitiúla, mhaígh sí go raibh na táillí seo ina gcáin dhúbailte. Chuaigh sí isteach i bPairtí na nOibrithe agus toghadh í do Bhardas Chorcaí agus ina dhiaidh sin bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí an Daonlathais Chlé. Ar lá a tofa, thit Comhaireacht Fhianna Fáil agus an Lucht Oibre as a chéile.

Cruthaíodh Rialtas nua ar an 15 Nollaig 1994, comhrialtas ilpháirtí. Bhí Fine Gael, an Lucht Oibre agus an Daonlathas Clé ann, le John Bruton, ceannaire nua Fhine Gael, ina Thaoiseach. Ceapadh Bertie Ahern ina cheannaire ar Fhianna Fáil agus ceapadh Mary O’Rourke ina Leas-Cheannaire.

Ceapadh Nora Owen ina hAire Dlí agus Cirt – an 7ú Aire Rialtais 

Ceapadh Nora Owen ina hAire Dlí is Cirt agus bhí sí sa phost sin le linn théarma an Rialtais, am a tharla an sos comhraic i dTuaisceart Éireann, an chéad chuairt oifigiúil a thug Teaghlach Ríoga na Breataine ar an tír, an Doiciméad um Chreat Angla-Éireannach agus bunú an Fhóraim um Shíocháin agus Athmhuintearas. Tháinig an Fóram ar an bhfód in 1994 faoi chathaoirleacht Catherine Mc Guinness.

Toghadh Mildred  Fox san fhothoghchán i mí an Mheithimh 1995, nuair a ghlac sí suíochán a hathar, Johnny Fox, TD Neamhspleách, Chill Mhantáin, a bhásaigh.

Tar éis bhás Neil T. Blaney, toghadh Cecelia Keaveney don Dáil nDún na nGall Thoir Thuaidh, in Aibreán 1996. Bhí a hathair ina Theachta Dála ar feadh tamaill i lár na 1970idí. Bhí sise ina ball den Chomhairle Contae.

Ag Labhairt le Tithe an Oireachtais

Ábhar lena mBaineann Tábhacht Phoiblí

Ar an 2 Feabhra 1995, labhair Mary Robinson le dhá Theach an Oireachtais, den dara huair.

Rinneadh fógraíocht ar an aitheasc mar ‘ábhar lenar bhain tábhacht phoiblí leis’.  Cherishing the Irish Diaspora an teideal a bhí ar an aitheasc. Dhírigh sí ar mheas a léiriú ar Dhiaspóra na hÉireann le linn a téarma ina hUachtarán di – cé nach raibh sé ach i gceist aici sin a dhéanamh ar bhealach siombalach ar dtús trí sholas a scaladh i gceann d’fhuinneoga Árais an Uachtaráin. Ina haitheasc roinn sí a cuid taithí nuair a bhuail sí le daoine óga as Éirinn in áiteanna chomh fada ó bhaile le Calcúta agus an Astráil sna ceithre bliana roimhe sin, daoine a bhraith nach raibh aon rogha acu ach dul ar imirce. Labhair sí orthusan nár sheas riamh ar thailte na hÉireann ach a bhraitheann fós go mbaineann siad leis an tír seo. 

Tharla seo ag am ina raibh laghdú den chéad uair ar fhigiúirí  imirceacha ó bhí na 80idí ann. Tháinig  athrú suntasach ar an scéal ón mbliain 1995 nuair a thosaigh an inimirce go hÉirinn. Tugadh isteach reachtaíocht a thug cead do dhaoine nár náisiúnaigh den AE iad, glacadh le fostaíocht i réimse leathan tionscail, lena n-áirítear poist do dhaoine neamhoilte agus breacoilte.

1996 

Scaoil baill de dhrong coirpeach Veronica Guerin marbh ar an 26 Meitheamh 1996. B’iriseoir leis an Sunday Independent í agus ba de bharr a cuid tuairiscithe ar ghníomhaíochtaí coiriúla an dronga, a rinne siad é.

Thug Michelle Smith trí bhonn óir léi sa snámh an samhradh sin: Saorstíl 400m na mban, meascra aonair 400m na mban, snámh féileacáin 200m na mban agus bonn cré-umha i meascra aonair 200m na mban sna Cluichí Oilimpeacha in Atlanta.

Dúnadh na Neachtlanna Magdalene 

Dúnadh na Neachtlanna Magdalene deireanacha. Bhí cónaí ar 40 bean i Neachtlann Shráid Gloucester (Sráid Mhic Dhiarmada), ní raibh gaolta ar aithne ag naonúr acu agus shocraigh siad fanacht leis na mná rialta.

20:166

28ú Dáil Éireann: 

Le linn Olltoghchán 1997, bhuaigh mná 20 ceann de na 166 suíochán a bhí ar fáil: Toghadh Theresa Ahern,  Monica Barnes, Frances FitzGerald agus Nora Owen, an athuair d’Fhine Gael; toghadh Mary O’Rourke, Mary Coughlan, Síle de Valera, Cecilia Keaveney agus Mary Wallace an athuair d’Fhianna Fáil; toghadh Mary Harney agus Liz O’Donnell an athuair don Pháirtí Daonlathach; toghadh Breeda Moynihan-Cronin agus Roísín Shortall an athuair don Lucht Oibre agus toghadh Liz McManus (Daonlathas Clé), agus Mildred Fox (Neamhspleách) an athuair chomh maith.

Ina theannta sin, toghadh cúigear ban den chéad uair san olltoghchán in 1997: toghadh Deirdre Clune agus Olivia Mitchell d’Fhine Gael, Beverley Cooper Flynn, Mary Hanafin agus Marian McGennis d’Fhianna Fáil.

Éire ag Athrú: Droichid a Thógáil

Chuaigh  Máire Geoghegan Quinn ar scoir ón bpolaitíocht le linn Olltoghchán 1997, agus  luaigh  sí ceisteanna príobháideachais mar chúis leis.

Bean eile mór  le rá a d’fhág Éire in 1997 ba ea Mary Robinson, a d’éirigh as a post mar Uachtarán ar an 12 Meán Fómhair 1997, dhá mhí roimh dheireadh a tréimhse, agus chuaigh sí ar aghaidh chuig ról nua mar Ard-Choimisinéir na Náisiúin Aontaithe um Chearta an Duine. Cuireadh tús le hainmniúcháin don Uachtaránacht ar an 15 Mean Fómhair 1997. Ainmníodh cúigear agus bhí cáil air mar rás na mban, mar go raibh ceathrar ban ag seasamh ann.

Fuair Mary Banotti an lámh in uachtar ar Avril Doyle le bheith ina hiarrthóir d’Fhine Gael ach ní raibh mórán eatarthu. Bhí Mary Banotti (née O’Mahoney) ina MEP in am an toghcháin. Ainmníodh Adi Roche, 42 bliain  ag an am, don Lucht  Oibre agus bhí sí á tacú ag an bPáirtí Glas agus ag an Daonlathas Clé. Bhunaigh sí an charthanacht idirnáisiúnta, Chernobyl Children in 1991.

Mhol comhairlí contae Dhún na nGall, Chiarraí, Longfoirt, Thiobraid Árann agus Chill Mhantáin Rosemary Scallon (a bhfuil cáil uirthi  óna hainmn stáitse, Dana)  mar  iarrthóir. Bhí an-aithne uirthi n 1970 mar gur bhuaigh an cailín óg seo as Doire Comórtas Amhránaíochta Eoraifíse.

D’ainmnigh Fianna Fail Mary Mc Aleese, tar éis di an bua a fháil ar an iarThaoiseach Albert Reynolds i bpróiseas roghnúcháin inmheánach an pháirtí. Rugadh í i mBéal Feirste agus bhí sí ina hiriseoir, ina craoltóir agus ina Léachtóir Dlí agus ba í an chéad Leas-Seansailéir Cúnta mná í in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

Ba é Derek Nally, Garda ar scoir agus feachtasóir ar son cearta íospartach, an t-iarrthóir deireanach. Bhí ainmniúcháin faighte aige ó chomhairlí contae sa Chlár, i gCeatharlach, i gCill Dara, i mBaile Átha Cliath Theas agus  i Loch Garman.

Bhuaigh Mary Mc Aleese an toghchán uachtaránachta agus insealbhaíodh í ar an 11 Samhain 1997.

An Chéad Tánaiste Mná

Tháinig an 25ú Rialtas le chéile i mí an Mheithimh 1997 agus Bertie Ahern ina Thaoiseach air. Ba í Mary Harney den Pháirtí Daonlathach an chéad bhean riamh a ceapadh ina Tánaiste. Ba ise an tAire Fiontair, Trádála agus Fostaíochta chomh maith.

Ceapadh Mary Harney ina Tánaiste – an 8ú Aire Rialtais 

Ceapadh Síle de Valera ina hAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, don Chomhaireacht.

Síle de Valera – an 9ú Aire Rialtais – nasc chuig na hAirí Rialtais

Ceapadh Mary O’Rourke ina hAire Fiontar Poiblí. Ceapadh Mary Wallace ina hAire Stáit sa Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus  Athchóirithe Dlí agus ceapadh Liz O’Donnell ina hAire Stáit sa Roinn Gnóthaí Eachtracha.

Bhí coinníollacha chomhaontú Bhéal Feirste, (ar a dtugtar Comhaontú Aoine an Chéasta anois) á socrú agus thosaigh ré nua síochánta i dTuaisceart Éireann. Rinne vótálaithe ar fud oileán na hÉireann, an comhaontú a fhaomhadh, in dhá reifreann a tharla ar an 22 Bealtaine 1998.

I dtreo dheireadh an chéid, bhí an 28ú Dáil, le Bertie Ahern ina Thaoiseach agus Mary Harney ina Tánaiste, i gceannas ar thréimhse rathúnais gan fasach.

Ceapadh Inez Mc Cormack, ball de UNISON, ina céad Uachtarán mná ar Chomhdháil na gCeardchumann.

Craoladh States of Fear, clár faisnéise i dtrí chuid, le Mary Raftery, ina ndearnadh plé ar institiúidí cónaithe.