100 Year Journey
Turas 100 Bliain

Cuireadh an tAistear 100 Bliain seo i dtoll a chéile chun béim a leagan ar chomh casta agus chomh héagsúil agus a bhí taithí na mban le 100 bliain anuas.

Ní liosta críochnaitheach é an liosta sin ach tá sé i gceist gur cáipéis bheo a bheadh inti agus molaimid do dhaoine páirt a ghlacadh sa tionscadal agus moltaí a dhéanamh lena gcur san áireamh.







1970s

Na 1970idí, Deich mBliana d’Athrú

Bunaíodh an chéad Choimisiún um Stádas Ban ag tús na 1970idí. Ceapadh an Dr Thekla Beere (an chéad bhean a ceapadh ina Rúnaí Roinn Státseirbhíse in 1959) ina Cathaoirleach air. Bhí ar an gcoimisiún ‘moltaí a dhéanamh ar na bearta riachtanacha le rannpháirtíocht na mban a chinntiú faoi théarmaí agus coinníollacha a bhí mar an gcéanna leo siúd d’fhir i mbeatha pholaitiúil, shóisialta, chultúrtha agus gheilleagrach na tíre.’ 

Foráladh san Acht Leasa Shóisialaigh, 1970 do liúntas banchéile thréigthe. Rialaíodh sa chás Cúirte Murtagh Properties v Clery, faoi Airteagal 40.3 den Bhunreacht, go raibh an ceart ag mná chun slí mhaireachtála a thuilleamh agus go raibh idirdhealú ar bhonn gnéis i mbeartais earcaíochta fostaíochta míbhunreachtúil.

Cumann Forásach na mBan

In 1970, bhunaigh Margaret Waugh Cumann Forásach na mBan. Cuireadh na chéad chruinnithe ar bun ina teach. Tugadh Cumann Polaitiúil na mBan air ina dhiaidh sin. Ba é a chuspóir chun an bhaint a bhí ag mná sa saol poiblí agus polaitiúil in Éirinn a mhéadú tríd an gcóras páirtithe polaitíochta. Ceapadh an Seanadóir Máire Bourke ina céad Uachtarán ar an gcumann (tugadh an tUasal Robinson uirthi ní ba dhéanaí an bhliain sin). 

Faoi Chos nó Athrú?

Reáchtáladh na chéad chruinnithe de chuid Ghluaiseacht Saoirse Mhná na hÉireann i dteach Mary Maher. Seoladh a gcáipéis, Chains or Change ar an gclár teilifíse The Late Late Show in 1971. D’éiligh sé pá cothrom, comhionannas os comhair an dlí, oideachas cothrom, frithghiniúint, agus ceartas do mhná céile tréigthe, máithreacha neamhphósta agus baintreacha. Cuireadh an chéad chruinniú poiblí ar siúl i dTeach an Ard-Mhéara in Aibreán 1971.

Gníomhaíochas na mBan

Chas mná a raibh an dearcadh céanna acu lena chéile agus thosaigh siad gníomhaíochas dírithe agus rinne daichead a seacht díobh an cinneadh chun ceann de na toirmisc a thástáil ar an 22 Bealtaine. I dtionlacan na meán, thaistil siad ó Bhaile Átha Cliath go Béal Feirste ar an traein chun coiscíní a cheannach, agus scaip siad iad nuair a d’fhill siad. Níor léadh an bille a d’fhoilsigh na Seanadóirí Mary Robinson, John Horgan agus Trevor West sa Seanad chun an dlí a rialaigh an fháil a bhí ar fhrithghiniúnaigh a léirscaoileadh.

Thug Cumann Náisiúnta na mBaintreach (a bunaíodh in 1967) faoi mháirseáil chuig Dáil Éireann i Samhain 1972 chun riachtanais a mball a thabhairt chun solais, i ndiaidh cruinniú i Halla na Saoirse.

D’aithin go leor daoine an luach a bhain le brústocaireacht a dhéanamh le chéile. Rinne Cónaidhm Eagraíochtaí Ban Chorcaí seacht gcumann déag áitiúla a chónascadh agus bhí an chéad Bhiúró Comhairle Saoránach mar thoradh ar a gcuid oibre.

I rith na tréimhse deich mbliana seo, d’eascair eagraíochtaí nua as an ról traidisiúnta a bhí ag mná  chun cúram a thabhairt do dhaoine díothacha. Caitheadh an méid ba lú in Éirinn ag an tráth sin ar sheirbhísí sóisialta i dtaobh olltáirgeacht náisiúnta in Iarthar na hEorpa. In 1973, bhain géarchéim na hola le fadhbanna reatha le boilsciú.

Bhunaigh seisear máithreacha singile Cherish in 1972 faoi stiúir Maura O’Dea Richards chun seirbhísí a sholáthar do thuismitheoirí singile agus a leanaí, agus chun feachtas a dhéanamh ar a son, chomh maith. Ba í Mary Robinson a chéad Uachtarán. Cruthaíodh ADAPT (Cumann na dTuismitheoirí Tréigthe agus Aonair) in Aibreán 1973. An bhliain chéanna, cháiligh máithreacha idirscartha, colscartha agus singile do liúntas leasa shóisialaigh.

Gníomh, Eolas, Spreagadh

Bhunaigh Nuala Fennell agus daoine eile AIM (Action Information Motivation) in 1972. Bunaíodh é chun staidéar a dhéanamh ar dhlíthe a bhaineann le pósadh agus sonraí agus staitisticí a bhailiú. Faoin mbliain 1974, bhí ionad comhairle oscailte aige. Chuir an Ghluaiseacht um Shaoirse Ghnéasach (SLM) a chéad chruinniú poiblí ar siúl in 1973. Bunaíodh Cúnamh do Mhná i mí Bealtaine 1974. D’oscail sé a chéad tearmann do mhná céile buailte ar Shráid Fhearchair i mí Iúil na bliana céanna.

1973

Ghlac Éire ballraíocht i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa ar an 1 Eanáir 1973. Bhain seo go leor athruithe amach, ar deireadh thiar, d’fhir agus mná i bhfoirm reachtaíochta nua. Leagadh oibleagáid in Airteagal 119 de Chonradh na Róimhe ar bhallstáit lena chinntiú go bhfuair fir agus mná pá cothrom as obair chothrom. Rinne Treoir 75/117 agus Treoir 76/207 ón gComhairle Eorpach an t-airteagal seo a threisiú ní ba mhó.

Baineadh an toirmeasc ar mhná pósta sa státseirbhís, sna húdaráis áitiúla agus boird sláinte in Acht na Státseirbhíse (Fostú Ban Pósta), 1973.  Mná ab ea iad 27% díobh siúd a bhí fostaithe.

I measc na dTeachtaí Dála mná a toghadh in Olltoghchán na bliana 1973 bhí Celia Lynch d’Fhianna Fáil, Bridget Hogan-O’Higgins agus Joan T Burke d’Fhine Gael agus Eileen Desmond do Pháirtí an Lucht Oibre. Taobh amuigh den Dáil, d’fhógair Cumann Polaitiúil na mBan go raibh ‘ionadaíocht bhaineann i nDáil Éireann, ina gcuimsítear baintreacha agus iníonacha laochra’.

I dToghchán an tSeanaid ar an 23 Feabhra 1973,  bhí na Seanadóirí Kit Ahern, Mary Robinson agus Evelyn P. Owens i dteannta Mary Walsh (Painéal  Cultúrtha agus Oideachais) a ndearnadh an chéad  Chathaoirleach mná di ar Chomhairle Ghinearálta na gComhairlí Contae. Le linn an tseisiúin sin ba í Evelyn P. Owens an chéad bhean a bhí ina Leas-Chathaoirleach ar an Seanad.

Coimisiún ar Stádas na mBan

Foilsíodh tuarascáil an Choimisiúin um Stádas Ban i mí na Bealtaine 1973. Rinneadh moltaí ann sna limistéir seo a leanas: fostaíocht, leas sóisialach, cánachas, dlí, oideachas, bainistíocht teaghlaigh, pleanáil clainne agus polaitíocht agus an saol poiblí. Cruthaíodh an Chomhairle um Stádas Ban, brateagraíocht do ghrúpaí ban, chun brú a choimeád ar an Rialtas chun na moltaí  siúd a chur i bhfeidhm. Ceapadh Hilda Tweedy mar a chéad Chathaoirleach.

Bhunaigh an tAire Saothair Michael O’Leary Coiste Ionadaíoch na mBan a raibh Eileen Desmond ina cathaoirleach air, chun na moltaí a chur i bhfeidhm. D’fhógair an Coimisiún Eorpach go raibh pá cothrom d’fhir agus mná éigeantach. Fuair 3,000 bean sa státseirbhís a gcéad tráthchuid de phá cothrom in 1973.  Foilsíodh treoirlínte maidir leis an bhFeachtas do Phá Cothrom d’oibrithe mná agus ionadaithe ceardchumainn faoin Acht in Aghaidh Idirdhealú (Pá), 1974.

Litríocht na bhFeimineachFeminists Literature

Rinne The Irish Times cinneadh in 1974  chun deireadh a chur lena alt ‘Womens First’ agus luaigh sé nach raibh ‘gnóthaí mná  á dteorannú a thuilleadh d’alt den nuachtán a bhí dírithe go hiomlán ar mhná’. In áiteanna eile, bhí irisleabhair fheimineacha, ar nós Spare Rib, ar fáil. Foilsíodh torthaí AIM (Action, Information, Motivation) mar Irish Marriage – How Are You! (Mercier Press, 1974) agus d’eisigh siad Can You Stay Married? a self-help guide for women ina dhiaidh sin. D’oscail AIM ionad ban an bhliain sin, chomh  maith, chun tacaíocht agus comhairle a sholáthar maidir le fadhbanna dlíthiúla agus pósta.

Dhiúltaigh Seanad Éireann Bille um Pleanáil Clainne Mary Robinson a léamh den dara huair. Thug an Taoiseach, Liam Cosgrave, seisear teachtaí le Fine Gael leis isteach i mbrúghrúpa an fhreasúra a chabhraigh le bille a rialtais féin a shárú maidir le hIompórtáil, Díol agus Déantúsú Frithghiniúnach a Rialú.

Banshee

Ba é 1975 Bliain Idirnáisiúnta na mBan de chuid na Náisiún Aontaithe. Bunaíodh Mná Éireannacha Aontaithe in Aibreán 1975 agus reáchtáladh a chéad chomhdháil i Halla na Saoirse i mí an Mheithimh. Rinne Nell McCafferty tuairisciú ar ‘grúpa óg agus radacach de  leispiaigh, radacaithe, agus lucht na heite clé’ a bhunaigh Mná Éireannacha Aontaithe i mí na Bealtaine 1975, ‘a thug an agóid ar ais ar na sráideanna, i dtaispeántas bríomhar a ghluais gan stró idir Cumann Leadóige uile-fhear Fitzwilliam agus ceanncheathrú Chónaidhm na bhFostóirí Aontaithe’.

Foilsíodh an t-irisleabhar Banshee de chuid an ghrúpa feiminigh radacaigh Mná na hÉireann Aontaithe toisc gur ‘bhrath baill gur ghá tús a chur le páipéar feimineach a luaithe agus ab fhéidir’.

Foilsíodh Cairt Mhná Éireannacha Aontaithe in Banshee in 1976. Chuir an Bord Cinsireachta toirmeasc ar an irisleabhar.

In 1977, cuireadh toirmeasc ar Spare Rib, rinne Mná Éireannacha Aontaithe agóid sna meáin náisiúnta chlóite agus thug siad ‘ionsaí ar an bhfeimineachas agus gluaiseacht na mban’ air.

In 1977 Rinne ‘comharghrúpa’ irisleabhar WICCA a fhoilsiú den chéad uair. Ba é an chéad irisleabhar nach raibh ceangailte le haon eagraíocht.

Bronnadh faoiseamh san Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 do theaghlaigh neamhchothabhála. Ina theannta sin, tugadh isteach ann orduithe urchoisc breithiúnacha do chéilí foréigneacha.

Foráladh san Acht um Chaomhnú Áras an Teaghlaigh, 1976 do chosaint do theach an teaghlaigh, d’fhonn nach bhféadfadh an céile a bhí i seilbh an tí an teaghlaigh a dhiúscairt (troscán agus feistis  ina measc) gan toiliú scríofa a fháil ón gcéile eile. Faoin Acht, bhí oibleagáid ar an dá chomhpháirtí i bpósadh chun tacú leis an teaghlach. D’fhéadfadh cúirt ordú urchoisc a dheonú a chuir cosc ar an gcéile a bhí i seilbh an tí ó theach an teaghlaigh a iontráil. D’fhéadfadh an bheirt chéilí i bpósadh iarratas a dhéanamh go ngearrfar cáin orthu go leithleach. Fuair mná céile oibre an liúntas céanna cánach pearsanta a fuair an fear céile. Aithníodh mná céile agus máithreacha idirscartha mar thionóntaí údaráis áitiúil ina gceart féin.

Foráladh in Acht na nGiúiréithe, 1976 go raibh mná agus fir chomh hincháilithe céanna do sheirbhís ghiúiré.

Ar an 27 Eanáir 1976, rinneadh mná a ghairm le haghaidh seirbhís ghiúiré ag an gCúirt Chuarda i mBaile Átha Troim, Contae  na Mí. Níor fhóin siad mar gheall nár theastaigh giúiré ó na cásanna nó cuireadh ar athlá iad.

CAP Contraceptive Action – feachtas i rith 1976 a thug neamhaird ar an dlí maidir le frithghiniúnaigh a dhíol.

Ceadaíodh san Acht Uchtála, 1976 uchtáil nach raibh an creideamh céanna ag na leanaí nádúrtha agus uchtaithe.

Bunaíodh an Coimisiún Comhdheiseanna (an CCD).

An Ghníomhaireacht um Chomhionannas Fostaíochta 

Bunaíodh an Ghníomhaireacht um Chomhionannas Fostaíochta in 1977 agus rinneadh ceann na gníomhaireachta de Sylvia Meehan. Chomh maith lena chinntiú gur cloíodh leis an Acht um Chomhionannas Fostaíochta, bhailigh an Ghníomhaireacht taighde ar steiréitíopáil ar bhonn inscne agus an gá a bhí le saoire mháithreachais agus cúram leanaí. Ritheadh an tAcht um Chomhionannas Fostaíochta (1977). Faoin Acht, bhí sé in aghaidh an dlí idirdhealú a dhéanamh i bhfostaíocht ar bhunús gnéis nó stádas pósta. Bunaíodh  an Ghníomhaireacht um Chomhionannas Fostaíochta.

Olltoghchán 1977

Ag an Olltoghchán don 21ú Dáil i mí an Mheithimh 1977, bhí fiche a sé iarrthóir mná ann. Chuir Cumann Polaitiúil na mBan (CPB) feachtas bríomhar ar siúl ina raibh na sluáin ‘Why not a woman’ agus ‘Whose your woman?’  Chuir CPB gach iarrthóir baineann chun cinn.

Bhrúigh an Taoiseach Jack Lynch roinnt iarrthóirí mná chun cinn seachas úsáid a bhaint as próiseas roghnaithe an choinbhinsiúin áitiúil – ina measc seo bhí Mary Harney i mBaile  Átha Cliath Thoir Theas agus Maírín Quill i gCathair Chorcaí. Níor roghnaíodh ceachtar díobh, agus níor roghnaíodh an Seanadóir Mary Robinson, Bourke roimh phósadh di, a sheas le Páirtí an Lucht Oibre i mBaile Átha Cliath (Ráth Maonais).

Sheas Nuala Fennell mar iarrthóir neamhspleách do Chontae Bhaile Átha Cliath Theas agus cé gur bhain sí breis agus 3,000 vóta céadrogha amach, níor leor sin chun í a thoghfaí. Ina ainneoin sin, ba chosúil go ndeachaigh feachtas CPB i bhfeidhm ar dhaoine ar fud na tíre,  agus tháinig méadú faoi dhó ar vótaí céadrogha do mhná.

Ba iad an seisear ban a toghadh leis an 21ú Dáil Eileen Desmond (Páirtí an Lucht Oibre), Joan T Burke (FG), a bhain na vótaí ba mhó amach arís, agus Máire Geoghegan-Quinn (FF). Toghadh triúr Teachtaí le Fianna Fáil, Kit Ahern (Seanadóir ar feadh 12 bhliain agus ionadaí na hÉireann le Comhairle  na hEorpa 1970-1973), Eileen Lemass agus Síle de Valera. Bhain Fianna Fáil tromlach soiléir, 84 suíochán, amach sa Dáil.

I dtoghchán an tSeanaid ar an 17 Lúnasa 1977, atoghadh an Seanadóir Mary Robinson chun ionadaíocht a dhéanamh ar Ollscoil Bhaile Átha Cliath agus bhí na Seanadóirí nua Tras Honan, Eileen Cassidy, Lady Valerie Goulding, Mary Harney, agus Gemma Hussey in éineacht léi.

I measc ainmniúcháin an Taoisigh Jack Lynch, bhí Lady Valerie Goulding, Monckton roimh phósadh di, as an gClinic Lárnach Íocshláinteach.

Roghnaigh sé Eileen Cassidy, Foreman roimh phósadh di, chomh maith. Cuireadh glao gan choinne ar an máthair le seachtar clainne a bhí 45 bliain d’aois agus fiafraíodh di an nglacfadh sí leis an ainmniúchán chuig an Seanad ón Taoiseach.

Ainmníodh Mary Harney ón bPainéal Oideachais. Ba chéimí 24 bliain d’aois í ó Choláiste na Tríonóide. Ba í an chéad bhean a ceapadh ina reachtóir ar ‘an Hist’, cumann sa choláiste a bhain cáil amach as na hóráidithe agus díospóirí iontacha a bhí ann agus rinne sí ionadaíocht ar pháirtí Fhianna Fáil ag comhdhálacha na n-óg.

1978

Cuireadh an chéad Chomhdháil Bhan ar Leispiachas ar siúl i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Cuireadh Seimineár ar Chomhionannas Fostaíochta in Ionad Oibre ‘na mBan’ i nGeilleagar na hÉireann’ ar siúl i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Laistigh den ghrúpa Páirtithe Sóisialaithe i bParlaimint na hEorpa, bunaíodh grúpa oibre ban ina raibh baill Éireannacha. 

Thosaigh Leispiaigh i gCorcaigh (L.INC) ag casadh lena chéile ar an Luan ó Eanáir na bliana sin.

I nGaillimh, reáchtáladh Comhdháil Náisiúnta Ban ina ndearnadh plé ar an bhforéigean.

D’fhoilsigh Margaret MacCuratin agus Donncha Ó Corráin Women in Irish Society: The Historical Dimension. Leagadh amach an caighdeán ann don stair a lean.

Rinne an Comh-Eagarthóir i dTeach Arlen, Eavan Boland, moltóireacht ar an gcéad chomórtas scríbhneoireachta cruthaithí; foilsíodh an saothar a d’eascair as in The Wall Reader, 1979.

Meastar gur ghlac 7,000 bean páirt i máirseáil faoi sholas tóirse in aghaidh foréigin i gcoinne ban, a ghabh trí shráideanna Bhaile Átha Cliath. Ba í an agóid phoiblí ba mhó a d’eagraigh feiminigh riamh.

1979

Reáchtáladh na chéad toghcháin le Parlaimint na hEorpa ar an 7 Meitheamh 1979. Ba iad Síle de Valera (FF) agus Eileen Desmond (Páirtí an Lucht  Oibre) na chéad mhná Éireannacha a toghadh chun Parlaimint na hEorpa. Bhain siad dhá shuíochán amach as cúig shuíochán déag de chuid na hÉireann. 

Toghadh Myra Barry ar an 7 Samhain 1979 sa chorrthoghchán i gCorcaigh. Rinne sí féin agus a hathair ionadaíocht ar an toghcheantar céanna sa Dáil chéanna, an chéad uair a rinne athair agus iníon a leithéid. 

Toghadh Charles Haughey ina Thaoiseach ar an 21ú Dáil i mí na Nollag 1979. Cheap seisean Máire Geoghegan Quinn, an dara Aire mná, seasca bliain i ndiaidh an chéad bhean a ceapadh ina hAire, ceapadh Máire Geoghegan Quinn ina hAire Gaeltachta. – nasc chuig na hAirí Rialtais 

Achtaíodh an tAcht Sláinte (Pleanáil Clainne), 1979. Faoin Acht, ceadaíodh frithghiniúnaigh do lánúineacha pósta os cionn aois 18 mbliana.

I mbreithiúnas sa chás a thug an tUasal Josie Airey in aghaidh an Rialtais i dtaobh easpa cúnamh dlí saor in aisce, rialáil an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine gur sháraigh Éire airteagail de Choinbhinsiún um Chearta an Duine 1950. I ndiaidh an cháis, bhunaigh an Rialtas scéim neamhreachtúil cúnaimh dlí agus comhairle a riarfaí trí ionaid dlí.

Cruthaíodh an grúpa Saoirse do Leispiaigh na hÉireann.

Bunaíodh an grúpa Women’s Right to Choose.

Cuireadh tús leis an gclár teilifíse ‘Women Today’ ar RTÉ.

Den chéad uair, toghadh mná chun gach údarás áitiúil.

Cuireadh Comhdháil Mhná Uile-Éireann ar siúl i mBaile Átha Cliath.

Bunaíodh Ionad Éigeandála um Éigniú Bhaile Átha Cliath.

Bunaíodh An Chónaidhm Náisiúnta LGBT.

Bunaíodh Network do mhná gnó ionchasacha.

D’iontráil Máire Kenny agus Marie MacMahon le fórsa isteach i leithreas na bhfear sa Dáil mar agóid a thug chun solais gur íoc mná as saoráidí leithris nuair nár íoc fir astu.

D’eitil chéad phíolótach mná Aer Lingus, Gráinne Cronin ó Mhullach Íde, a céad eitilt sceidealaithe ó Frankfurt go Sionainn.

Bhronn Máirín Bean Uí Dhálaigh, Leas-Seansailéar Ollscoil Bhaile Átha Cliath, céimeanna, agus ba í an chéad bhean a rinne amhlaidh riamh in ollscoil Éireannach.