Scoil na Toirbhirte,
Cluain Meala 
Cuardach na nDaltaí Idirbhliana

Ceardlann i Leabharlann Chluain Meala

I mí na Bealtaine 2023, chuaigh Mná100 i gcomhpháirtíocht le Clár Dheich mBliana na gCuimhneachán i dTiobraid Árann.

Bhí daltaí idirbhliana ó Mheánscoil na Toirbhirte, Cluain Meala, Co. Thiobraid Árann in éineacht le Mná100 i Leabharlann Chluain Meala don cheardlann taighde le cúnamh ón Leabharlannaí Paul Devane.

Ba é cuspóir na ceardlainne seo uirlisí agus acmhainní, a chabhródh leo san Ardteistiméireacht, a thabhairt do na daltaí a bhí rannpháirteach. Dhírigh na daltaí ar Chogadh na gCarad i gContae Thiobraid Árann.

Ba é an t-ábhar taighde ná an chaoi ar gabhadh na sluaite ban ar fud na tíre le linn Chogadh na gCarad. Socraíodh go ndíreofaí sa cheardlann ar bhaill de Chumann na mBan as Tiobraid Árann, a gabhadh i rith Chogadh na gCarad i 1922 agus i 1923.

Cuireadh na mic léinn ar an eolas faoi mhná as Tiobraid Árann a cuireadh i bpríosún le linn Chogadh na gCarad. Tugadh bean dhifriúil do gach grúpa chun taighde a dhéanamh uirthi agus bhain siad úsáid as gcuid fón agus as acmhainní na leabharlainne. Míníodh do na mic léinn faoi www.irishgenealogy.ie. D’fhéadfaidís cuardach a dhéanamh ar an suíomh seo chun teacht ar thaifid bhreithe, bháis agus phósta. Bhain siad úsáid freisin as láithreán gréasáin daonáirimh na Cartlainne Náisiúnta www.census.nationalarchives.ie chun a fháil amach cá raibh na mná in 1901 agus in 1911.

Thaispeáin Paul Devane cuid d’fhoinsí na leabharlainne, a d’fhéadfadh cabhrú leo lena gcuid taighde, do na mic léinn. D’fhéadfaidís teacht saor in aisce sa leabharlann ar fhoinsí a raibh  síntiúis le híoc chun rochtain a fháil orthu. Thug sé cuairt ar an suíomh gréasáin www.irishnewsarchive.com agus thaispeáin sé conas cuid de mhná Thiobraid Árann a chuardach sa chartlann.

Rinne na mic léinn iniúchadh freisin ar na taifid ar phinsin mhíleata atá á gcoimeád sa Chartlann Mhíleata. Tá digitiú déanta ar na taifid ar fad a bhaineann leis na mná, rud a d’fhág go bhféadfadh na daltaí iad a chuardach go héasca ar líne ag www.militaryarchives.ie.

Tar éis do na daltaí na píosaí ar fad a bhailiú le chéile, bhí sé in am ansin iad a chur le chéile agus an scéal a insint.

Tiobraid Árann sa bhliain 1923

Ba é an pointe tosaigh ná cuardach a dhéanamh sna leabhair shíniúchán atá sa bhailiúchán i Músaem Phríosún Chill Mhaighneann.

Tá digitiú déanta ar na leabhair shíniúchán agus tháinig na daltaí ar eolas suimiúil le cabhair ón gCartlannaí Aoife Torpey agus ó Brian Crowley, coimeádaí an taispeántais faoi mhná a cuireadh i bpríosún i gCill Mhaighneann i rith Chogadh na gCarad. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin taispeántas sin anseo.

D’aimsigh na daltaí roinnt samplaí de mhná as Tiobraid Árann a bhí curtha i bpríosún agus a shínigh leabhar síniúchán fad is a bhí siad i ngéibheann.

Cárb as na mná?

Agus cuardach á dhéanamh sna leabhair shíniúchán a bhain leis an dream a bhí i ngéibheann tagann muid ar mhná as baile Chluain Meala, agus as na ceantair feirmeoireachta Laitean, Imleach, Bán Mhic Sheáin, An Cluainín, Béal Átha Gabhann, An Bháinseach agus Crois an Ghúlaigh.

Rinne an chéad ghrúpa taighde ar bhean as Daingean an Phríomhgharda i gCluain Meala.

Cárta Poist de Chluain Meala, Co. Thiobraid Árann, le caoinchead Tipperary Studies.

Mary Cooney

Daingean an Phríomhgharda, Cluain Meala

Is iad Sarah Fitzgerald, Millie Anna Hewitt, Grainne Maher agus Amyleigh Norris a rinne an taighde.

Trína gcuid taighde, d’fhoghlaim na mic léinn gur Mary Josephine Cooney an t-ainm iomlán a bhí uirthi. Rugadh í in 1879 i gCluain Meala, Contae Thiobraid Árann, agus ba iníon í le Thomas Cooney agus a bhean, nach maireann. Níorbh fhéidir teacht ar ainm baiste a máthar ná ar hainm sular phós sí. John (Seán) Cooney ab ainm do dheartháir Mary agus Pearl Cooney ab ainm dá deirfiúr. Bhí siopa mórdhíola agus earraí grósaera ag an teaghlach, chomh maith le teach tabhairne a raibh T. Cooney air. D’aimsigh siad a clárúchán báis ar irishgeneology.ie. Fuair Mary bás ar an 31 Deireadh Fómhair 1938. Bhí sí 47 bliain d’aois.

Clárúchán báis Mary Cooney. Le caoinchead Irish Geneology.

Bhí sochraid Mary i séipéal Naomh Peadar agus Pól i gCluain Meala, Contae Thiobraid Árann. Cuireadh í i reilig a muintire i mBaile an Phaoraigh, Contae Thiobraid Árann.

Comharthaíocht ó Cooney’s Bar a bhíodh suite i nDaingean an Phríomhgharda, Cluain Meala. Le caoinchead  Tipperary Studies.

Seo rogha pictiúr a togadh in 2023 de Dhaingean an Phríomhgharda áit a raibh Mary Josephine Cooney agus a teaghlach ina gcónaí.

Seo rogha pictiúr a togadh in 2023 de Dhaingean an Phríomhgharda áit a raibh Mary Josephine Cooney agus a teaghlach ina gcónaí.

Daingean an Phríomhgharda, Cluain Meala Co. Thiobraid Árann. Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Le linn dóibh a bheith ag obair ar an tionscadail seo, thóg Millie Anna Hewitt, Sarah Fitzgerald, Grainne Maher agus Amyleigh Norris grianghraf den suíomh ar a mbíodh an siopa grósaera agus an tábhairne, i nDaingean an Phríomhgharda, i gCluain Meala.

Feicfidh tú ó na grianghraif thuas a tógadh de Dhaingean an Phríomhgharda mar atá sé anois, nach bhfuil aon rian fágtha de ghnó an teaghlaigh.

Daingean an Phríomhgharda, Cluain Meala, sna 1970idí, Michael Murphy. Le caoinchead Tipperary Studies.
Daingean an Phríomhgharda, Cluain Meala, sna 1970idí, Michael Murphy. Le caoinchead Tipperary Studies.

Chuidigh an Dr Sinéad McCoole leis na daltaí dul níos doimhne i saol Mary Cooney.

Fuair siad amach gur shínigh Mary Cooney leabhar síniúchán ar an 26 Aibreán 1923 agus í i bPríosún Chill Mhaighneann, agus gur thug sí le fios inti go raibh sí le 3ú Briogáid Thiobraid Árann.

Is féidir linn a rá go raibh Mary cairdiúil le Kitty agus Jenny Coyle, chomh maith le Nellie Fennell agus Frances Casey mar gur shínigh sí a gcuid leabhar síniúchán. Cuimhneacháin a bhí sna leabhair seo do na mná ar an tréimse a chaith siad sa phríosún. Tá cuid de na leabhair bronnta ar Mhúsaem Phríosún Chill Mhaighneann, lena n-áirítear cinn a shínigh Mary Cooney. Tá cóipeanna de leabhair shíniúchán i mbailiúcháin phríobháideacha freisin.

Leabhar síniúchán a shínigh Mary Cooney. Le caoinchead Mhúsaem Phríosún Chill Mhaighneann KMGLM 2018.0200-0019.

Nuair a déanadh cuardach i gcomhaid an phinsin mhíleata aimsíodh iarratas pinsin Mary Cooney.

D’éirigh léi ina hiarratas ar phinsean de bharr go raibh sí in ball de Chumann na mBan ón 1 Aibreán 1919 go an 30 Meán Fómhair 1923. Bhí sí ina hUachtarán ar Chraobh Chluain Meala ón am ar bunaíodh í i Meán Fómhair 1917. Bhí sí ina hOifigeach Briogáide i gCeannas. Thug sí seirbhís do Chluain Meala agus rinne sí cur síos air ina taifead pinsin mar ‘the district.’

Leathanach ó chomhad taifid pinsin Mary Cooney. Le caoinchead Chartlann Mhíleata na hÉireann, MSP34REF18356.

I 1914, chuaigh sí isteach in Otharcharr Naomh Eoin agus rinne sí scrúduithe chun altranas baile – ar thug sí ‘ambulance work’ air a mhúineadh do bhaill Chumann na mBan ina craobh féin. Ar iarratas ó Dan Breen, d’eagraigh sí craobhacha eile i dTiobraid Árann agus i bPort Láirge. Mhúin sí do na baill le cleithíní agus bindealáin a dhéanamh mar chuid d’oiliúint agus druileáil gharchabhrach. Scríobh sí gur dhréachtaigh sí cairteacha san anatamaíocht agus san fhiseolaíocht. Chomh maith leis sin mhúin sí ‘a little Irish history.’ Dúirt sí níos déanaí go ndearna Constáblacht Ríoga na hÉireann ruathar ar na seomraí ina teach a d’úsáideadh siad le haghaidh cruinnithe agus gur tógadh “their things”.

Bhí Mary gníomhach freisin ar Lá na mBan ar an 9 Meitheamh 1918 agus ghlac sí páirt i slógadh frithchoinscríofa i gCluain Meala.

Lá na mBan: gealltanas sollúnta do mhná na hÉireann: ar cuireadh tús leis ar Lá Fhéile Colmcille, Dé Domhnaigh an 9 Meitheamh 1918. Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, NLI EPH D21.

…Because the enforcement of conscription on any people without their consent is tyranny, we are resolved to resist the conscription of Irishmen. We will not fill the places of men deprived of their work through refusing enforced military service. We will do all in our power to help the families of men who suffer through refusing enforced military service.

Téacs ó Lá na mBan (thuas).

Rinne Mary cur síos ar a seirbhís leis na Colúin Reatha le linn Chogadh na gCarad – éadaí agus bia a bhailiú le tabhairt chuig fir a bhí ar a dteitheadh. Scríobh Mary go mbíodh sí, mar chuid dá dualgais, ag cniotáil stocaí agus ag déanamh an níocháin. Ba mhinic a bhaineadh fir a bhí páirteach sa troid úsáid as a teach in ‘The Main Guard, Clonmel’ agus choinnítí roinnt arm sa teach. Bhí a deartháir Seán san IRA agus chabhraigh sí leis muinisin a dhéanamh. D’iompair sí airm freisin idir Baile Átha Cliath agus Tiobraid Árann. Dúirt sí gur iompraíodh na hairm i leabhair, ina gcodanna, agus go raibh 21 de na coimeádáin sin fós ina seilbh aici. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Cumann na mBan Chluain Meala.

D’eagraigh sí craobhacha i ndeisceart Thiobraid Árann chomh maith – Cill Síoláin, Loch Ceann, Baile an Phaoraigh, An Ghráinseach, Faiche Ró, An Chathair, An Charraig, An Caisleán Nua, Fiodh Ard, An Chloichín, Na Grága, agus i gceantair i gContae Phort Láirge – Baile Mhic Cairbre agus Gleann na hUidhre, an gleann i sléibhte an Chomaraigh. Ina theannta sin thugadh sí bia agus éadaí chuig fir a bhí ar sheirbhís ghníomhach. Thugadh sí aire d’fhir a bhíodh gonta freisin.

D’fhan Seamus Robinson, Ernie O’Malley agus Sean Treacy le muintir Cooney i nDaingean an Phríomhgharda.

An Cathlán agus raidhfilí acu. Grianghrafadóir John Sharkey, Bailiúchán Sharkey. Le caoinchead Tipperary Studies le cead ó Neil Sharkey.

Nuair a thosaigh Cogadh na gCarad bhí sí lonnaithe i nDún Chluain Meala agus d’fhan sí ann nó gur tharla an t-aslonnú ar an 12 Lúnasa 1922. Ar an 5 Meitheamh 1922 d’eagraigh Mary léirmheas ar Chumann na mBan Thiobraid Árann agus tháinig Margaret Skinnider anuas as Baile Átha Cliath. Scríobh Mary ‘all my girls were in it.’

An Bheairic (Royal Field Artillery), Cluain Meala. Bailiúchán Cártaí Poist. Le caoinchead Tipperary Studies.

Baineadh úsáid as a teach i nDaingean an Phríomhgharda mar ionad seolta le haghaidh teachtaireachtaí ón gCeanncheathrú Ginearálta agus ó Cheannasaíocht an Deiscirt agus an Iarthair. Mhaígh sí go raibh sí gníomhach go leanúnach go dtí gur gabhadh í ar an 5 Márta 1923. Mar bhall de Bhardaigh Dhlí na mBocht, cháin Mary na básuithe agus de réir a cuntais gabhadh go gairid ina dhiaidh sin í sa bhaile.

Scaoileadh saor í as Aontas Dhlí na mBocht Thuaisceart Bhaile Átha Cliath ar an 7 Samhain 1923.

Tar éis di iarratas a dhéanamh den chéad uair in 1935, bronnadh pinsean uirthi i 1942. Mar atá luaite ina comhad fuair Mary bás le linn an phróisis fíoraithe. Ina dhiaidh sin is chuig a neasghaol, a deartháir Sean Cooney a tháinig aon cumarsáid ón Roinn.

Julia Josephine O’Brien

Baile Átha Gabhann

Taighde le Rosie O’Reilly agus Rachel Fuller

Léarscáil de Bhaile Átha Gabhann, An Chill Mhóir, Co. Thiobraid Árann. CYAL50380481
© Tailte Éireann – Surveying.

Fuair Rosie O’Reilly agus Rachel Fuller amach gur rugadh Julia O’Brien ar an 23 Feabhra 1901 i dteach uimhir 29, Baile Átha Gabhann, An Chill Mhóir agus gurbh iad John agus Julie O’Brien a tuismitheoirí.

Ryan an sloinne a bhí ar mháthair Julia sular phós sí James, athair Julia, in 1886.
Tá a fhios againn ó Dhaonáireamh Náisiúnta na hÉireann 1911 go raibh tuismitheoirí Julia pósta ar feadh le 23 bliain. I dTiobraid Árann a rugadh a hathair in 1862, bhí sé 59 bliain d’aois le linn an daonáirimh. I Luimneach a rugadh a máthair agus de réir an daonáirimh bhí sí 46 sa bhliain 1911. Bhí bearna aoise 13 bliana idir an lánúin.

Clárú breithe Julia O’Brien. Le caoinchead IrishGeneology.ie

Fuair Rosie O’Reilly agus Rachel Fuller amach i ndaonáireamh 1901 agus 1911 go raibh athair Julia ina bhall de Chonstáblacht Ríoga na hÉireann.

Faoin am ar rugadh Julia in 1891, fear poist a bhí ina hathair. Cláraíodh ina dhiaidh sin go raibh deartháir Julia, Michael J O’Brien, ina fhear poist, agus an post tugtha ar lámh dó ag a n-athair. De réir na ndaonáireamh bhí máthair Julia ina bean tí in 1901 agus in 1911. Fuair na mic léinn amach freisin ó Dhaonáireamh 1911 go raibh ochtar leanaí aici a mhair ach go bhfuair beirt leanaí a rugadh di bás. Rugadh an deartháir ba shine a bhí ag Julia, John Josh O’Brien, in 1889 i Luimneach agus bhí sé 22 bliain d’aois in 1911. Rugadh a deirfiúr, Catherine M., in 1890 i Luimneach. Ba í Julia an dara duine ba shine, bliain níos óige ná Michael. Fuair Catherine bás idir na blianta 1901 agus 1911.

Daonáireamh na hÉireann, 1901. Le caoinchead Chartlann Náisiúnta na hÉireann. NAI 003900030.

Rugadh deartháir eile John Christopher O’Brien i gCill Chainnigh in 1895. Bhí sé 16 bliana d’aois nuair a glacadh daonáireamh na bliana 1911, 2 bhliain níos sine ná a dheartháir William Denis O’Brien. Bhí beirt deartháireacha níos óige ag Julia, Daniel Simon a rugadh in 1904 agus Thomas, nach raibh ach trí bliana d’aois in 1911.

Daonáireamh na hÉireann, 1911. Le caoinchead Chartlann Náisiúnta na hÉireann, nai003320097.
Sampla d’obair na nDaltaí.

De réir na gcáipéisí oifigiúla ba í Julia O’Brien an 28ú príosúnach a chuaigh isteach i bPríosún Chill Mhaighneann. Tugtar le fios sa taifead oifigiúil gur scaoileadh saor í ar an 25 Iúil 1923. Scríobh Hannah Moynihan go bhfuair sí ‘a big send off ’ sular fhág sí.

Dialann Hannah Moynihan, Príosún Thrá Lí, Príosún Chill Mhaighneann agus Aontas Dhlí na mBocht Thuaisceart Bhaile Átha Cliath, Dialann- Márta-Deireadh Fómhair 1923 (lgh 95-96). Le caoinchead Phríosún Chill Mhaighneann KMGLM.2010.0246.
Príosún Mhuinseo, Aontas Dhlí na mBocht Thuaisceart Bhaile Átha Cliath agus Príosún Chill Mhaighneann 1923, leabhar síniúcháin ar le Kitty Coyle í. Le caoinchead Phríosún Chill Mhaighneann, KMGLM.2010.0200.
Príosún Chill Mhaighneann agus Aontas Dhlí na mBocht Thuaisceart Bhaile Átha Cliath 1923, leabhar síniúcháin ar le Nellie Fennell í. Le caoinchead Phríosún Chill Mhaighneann. KMGLM.2010.0196

Ar 8 Márta 1923, nuair a bhí sí i bPríosún Chill Mhaighneann, scríobh Julia i leabhar siniúcháin Nellie Fennell. B’as cathair Luimnigh do Nellie.

Far better the grave or the prison
Illustrated by one patriot’s name
Than the trophies of all those who have risen
On Liberty’s ruin to fame.
Just a few more years and a few more tears
And we’ll rise to might again.
Through the blood that was shed by our rebel dead
A Republic we must again.

Ina dhiaidh sin, agus í sa phríosún, shínigh Julia leabhar síniúcháin Lily Gleeson, ar an 22 Iúil 1923 in Aontas Dhlí na mBocht Thuaisceart Bhaile Átha Cliath. B’as Baile Átha Cliath do Lily.

Aontas Dhlí na mBocht Thuaisceart Bhaile Átha Cliath, Iúil- Deireadh Fómhair 1923, leabhar síniúcháin ar le Lily Gleeson í. Le caoinchead Phríosún Chill Mhaighneann. KMGLM.2010.0164.

Madge Heffernan

Sráid Gladstone Cluain Meala agus Baile an Bharúnaigh

Taighde le Cara Patterson agus Lucy Mahony

Léarscáil de Bhaile an Bharúnaigh,CYAL50380481
© Tailte Éireann – Surveying.

Rinne Cara Patterson agus Lucy Mahony taighde ar Margaret Heffernan, a dtugtaí Madge uirthi, as Baile an Bharúnaigh. Fuair siad amach go raibh sí ar dhuine d’ochtar leanaí a rugadh do Thomas agus Alice Heffernan. De réir chlárlann an phósta, bhí a hathair 41 nuair a phós sé, bhí a bhean chéile 11 bliain níos óige ná é. Thug daonáireamh na bliana 1901 le fios go raibh seisear deirfiúracha ag Madge agus deartháir amháin, William. Bhí an teaghlach ina gcónaí i dteach 4 sheomra, agus bhí seacht cinn de thithe lasmuigh acu.

Daonáireamh na hÉireann, 1901. Le caoinchead Chartlann Náisiúnta na hÉireann

Faoin mbliain 1911, tráth a raibh Madge 19 mbliana d’aois, ní raibh triúr de na deirfiúracha a bhí níos sine ná í, Mary, Delia agus Alice ina gcónaí sa bhaile níos mó.

Daonáireamh na hÉireann, 1911. Le caoinchead Chartlann Náisiúnta na hÉireann.

Ina hiarratas ar phinsean míleata (rud nach bhfuair sí), dúirt Madge go raibh sí ina ball de Chumann na mBan, agus go ndeachaigh sí isteach sa Chumann in 1917 nuair a bhí sí 21 bliain d’aois. Bhí sí gníomhach ó Aibreán 1917 go dtí an 30 Meán Fómhair 1923, nuair a scaoileadh amach as an bpríosún í.

Bhí sí ina ball de Chraobh Chluain Meala agus bhí ceangal aici freisin le 3ú Briogáid Thiobraid Árann, faoi cheannas Sheáin Duffy agus Allen James Hickey. Bhí sí faoi cheannas an IRA. Dúirt sí ina hiarratas ar phinsean ‘I was involved in dispatch work, intelligence work.’

Deirtear ina comhad go raibh Mary Cooney, a bhí i gceannas ar Chumann na mBan, Cluain Meala, i gceannas ar Mhadge.

Choinnigh sí uirthi ag obair do ghluaiseacht an neamhspleáchais nuair a bhog sí go Contae Luimnigh. Le linn di a bheith i bPailís Ghréine i gContae Luimnigh, bhí sí fostaithe i Messrs Cunningham’s, a bhí gar do theach a muintire. Nuair a bhí sí ansin, d’oibrigh sí le Briogáid Luimnigh Thoir.

Chaill sí a post agus d’fhill sí ar Chluain Meala.

Le linn Chogadh na gCarad, chuaigh sí isteach sna fórsaí Frithchonartha, a bhí i gcoinne an Airm Náisiúnta, agus í fós ag déanamh na hoibre chéanna – cúrsaí faisnéise agus seoladh. D’iompair sí airm agus armlón ó Bhaile Átha Cliath go Gabhal Luimnigh, atá, in ainneoin a ainm, i gContae Thiobraid Árann.

Scríobh fear a bhí san IRA – Andrew Kennedy, a bhí sa cholún reatha  – litir ar a son, le rá go raibh aithe mhaith aige uirthi, le linn ‘the time of the IRA activities from 1917-1923.’ Seo le linn chogadh na saoirse agus chogadh na gcarad. Dúirt sé faoi Madge gur thug sí ‘outstanding services as intelligence agent’. Agus gur iompar sí ‘dispatches and verbal messages between Limerick Junction and headquarters in Tipperary.’ Is féidir leat féachaint ar na tuairiscí maidir lena pinsean anseo.

Litir ó Andrew Kennedy, i gcomhad pinsin mhíleata Madge Heffernan. Le caoinchead na Cartlainne Míleata, MSP34REF64256.
Sráid Gladstone, Cluain Meala, Tiobraid Árann, 1970idí. Le caoinchead Tipperary Studies

Sa bhliain 1923, bhí Madge fós ina ball de Chumann na mBan. Bhí sí in aghaidh bhunú Shaorstát Éireann agus cuireadh i bpríosún í i bPríosún Chill Mhaighneann, sa bhliain 1923.

Taispeánann na leabhair shíniúcháin dúinn go raibh sí in Aontas Dhlí na mBocht Thuaisceart Bhaile Átha Cliath, a tiontaíodh isteach ina ionad coinneála le haghaidh mná a rabhthas ‘in amhras’ fúthu. 

Aontas Dhlí na mBocht Thuaisceart Bhaile Átha Cliath, Iúil- Deireadh Fómhair 1923. Leabhar síniucháin ar le Lily Gleeson é. Le caoinchead Phríosún Chill Mhaighneann. KMGLM.2010.0164.

Rinne Cara Patterson agus Lucy Mahony amach go gcaithfeadh sé go raibh Madge i dtrioblóid cheart, mar tar éis di a bheith i bPríosún Chill Mhaighneann cuireadh go dtí Aontas Dhlí na mBocht Thuaisceart Bhaile Átha Cliath í, ar theach na mbocht a bhíodh ann.

Gabhadh Madge i gCluain Meala i Márta 1923 nuair a bhí sí ina cónaí Sráid Gladstone.

Tá suíomh ann ar a dtugtar Clonmel.ie ina bhfuil sonraí faoi chuid de na gnólachtaí ar Shráid Gladstone. Nuair a bhí Madge ina chónaí ann in 1923, i measc na siopaí ar an tsráid bhí roinnt siopaí éadaigh – gach seans go raibh sí ina cónaí in árasán i seomraí os cionn cheann de na siopaí ar an tsráid seo.

Ar an drochuair níor thug Madge uimhir sráide nuair a shínigh sí na leabhair shíniúcháin. Gach seans nár scríobh sí an uimhir mar go nglactaí seilbh go minic ar na leabhair shíniúcháin agus ar cháipéisí eile agus dá mbeadh a seoladh scríofa d’fhéadfaí ruathar a dhéanamh air.

Dheimhnigh taifead pinsin Madge gur chaith sí sé mhí i bPríosún Chill Mhaighneann. Tá a fhios againn go raibh sí i Sciathán A (an Sciathán Thoir, sciathán nua) agus sa sean-sciathán, Sciathán B. Tugann na leabhair shíniúcháin le fios go raibh sí in Aontas Dhlí na mBocht Thuaisceart Bhaile Átha Cliath.

Scríobh sí i leabhar siniúcháin Mary Twamley:

From freedom’s cause in freedom strife
Can mortal sender more than life
Can patriot praise with purpose high
For more than his land to die???

Príosún Chill Mhaighneann agus Aontas Dhlí na mBocht Thuaisceart Bhaile Átha Cliath 1923. Leabhar síniúcháin ar le Mary Twamley é. Le caoinchead Phríosún Chill Mhaighneann. KMGLM.2010.0133
Príosún Chill Mhaighneann agus Aontas Dhlí na mBocht Thuaisceart Bhaile Átha Cliath 1923, leabhar síniúcháin ar le Nellie Fennell é. Le caoinchead Phríosún Chill Mhaighneann. KMGLM.2018.0200.

Sa leabhar síniúcháin seo shínigh sí a hainm i nGaeilge. D’úsáid sí an t-ainm Maíréad i leabhar síniúcháin Nellie Fennell as Luimneach (thuas) agus freisin i leabhar Nan Hogan as an Chreatlach, Chontae an Chláir (thíos). Fuair Nan Hogan bás go gairid tar éis di a bheith ligthe amach as an bpríosún.

Príosún Chill Mhaighneann agus Aontas Dhlí na mBocht Thuaisceart Bhaile Átha Cliath, Márta-Meitheamh 1923, leabhar síniúcháin ar le Nan Hogan é. Le caoinchead Phríosún Chill Mhaighneann. MhKMGLM.2015.0087.

Caithfidh go raibh Madge cairdiúil le go leor ban éagsúil as áiteanna ar fud na tíre agus í sa phríosún, ach níl a fhios againn ar fhan cairdeas eatarthu ina dhiaidh sin.

Fuair na mic léinn amach óna taifead Pinsin Mhíleata nár phós Madge agus gur chaith sí an chuid eile dá saol i Sráid Morton.

29 Sráid Morton Cluain Meala, Tiobraid Árann. Le caoinchead Tipperary Studies.

Sna 1950idí, bhí cónaí ar Madge i 29 Sráid Morton, Cluain Meala. Tá sé suite ar chúl an chlochair, ar an mbóthar taobh thiar de Shráid Gladstone.  Is ansin a fuair sí an litir ag cur in iúl di nár éirigh lena hiarratas ar phinsean as a seirbhís.

Le caoinchead Chartlann Mhíleata Éireann, MSP34REF64256.

Tugann a taifead pinsin eolas faoina raibh ar bun aici tar éis di teacht amach as an bpríosún. Chuaigh sí ag obair mar bhean tí do mhuintir Burke, sa ‘Lodge’ timpeall an chúinne ó Shráid Morton. Tá a fhios againn gur chaith sí breis agus 30 bliain ag obair ansin, ó na 1920idí ar aghaidh. Níor athraigh suíomh an lóiste mórán ó aimsir Mhadge, – tá an séipéal, na seanbhallaí agus an gairdín mór i lár an bhaile fós le feiceáil go dtí an lá atá inniu ann.

Le caoinchead Dougan Fitzgerald

Rinne a fostóir, Ulick Burke, a dhícheall cabhrú léi, toisc gur oibrigh Madge dá theaghlach ón am a raibh sé féin ina leanbh. Tá litir uaidh le fáil ina chomhad pinsin, áit ar scríobh sé:

Miss Heffernan is a person that was never in the movement for any material purpose, and she is now reaching the autumn of her days, (she was 59 years old) I think that a small pension should be granted to her in recognition of the services she rendered.

Scríobh sé freisin:

By way of introduction, I am the brother of Denis Burke in the Senate.

Tugann suíomh idirlín Theach an Oireachtais le fios go raibh Denis Burke ina Sheanadóir de chuid Fhine Gael ó 1948-1961. In 1957 bhí D.E. Burke ina Mhéara ar Chluain Meala.

Le caoinchead Chartlann Mhíleata Éireann, MSP34REF64256.

May Keogh

17 Sráid Parnell, Cluain Meala

Fuair na daltaí amach go bhfuil sé deacair teacht ar aon eolas faoi chuid mhaith de na mná. Iarradh ar Rachel O’Dwyer, Jenna Hayes, Chloe Hickey agus Eabha Murphy taighde a dhéanamh ar May Keogh. Tháinig siad ar mhná éagsúla a raibh May Keogh agus M Keogh orthu ach ní raibh siad in ann a dheimhniú gur duine acu sin May Keogh as Cluain Meala. Sa liosta a chuir Mary Cooney isteach faoi bhaill Chumann na mBan i gCluain Meala agus sa cheantar máguaird, níor thug sí ach cúpla ainm. Ní raibh May ar an liosta sin. Níl aon taifead ann de May Keogh a bheith ag lorg pinsin.

Dheimhnigh taifid Phríosún Chill Mhaighneann go raibh May Keogh i bPríosún Chill Mhaighneann in Aibreán 1923 agus shínigh sí a hainm in aice le hainm Mary Cooney, arbh as Cluain Meala di freisin. Chuir sí in iúl go raibh sí leis an 5ú Cathlán, an 3ú Briogáid de chuid Thiobraid Árann.

Faoi mhí an Mheithimh, bhí May aistrithe go dtí Aontas Dhlí na mBocht Thuaisceart Bhaile Átha Cliath. Tá a fhios againn é sin de bharr gur shínigh sé leabhar síniúcháin Fanny Kelly ar 13 Meitheamh 1923.

Príosún Chill Mhaighneann agus Aontas Dhlí na mBocht Thuaisceart Bhaile Átha Cliath, Aibreán-Meitheamh 1923, leabhar síniúcháin ar le Fanny Kelly é. Le caoinchead Phríosún Chill Mhaighneann OBJ0009.

Tá taifead oifigiúil sa Chartlann Mhíleata, gur scaoileadh Miss M Keogh, uimhir 3176, saor as Aontas Dhlí na mBocht Thuaisceart Bhaile Átha Cliath ar an 25 Meán Fómhair 1923. Nuair a scaoileadh saor í bhí 196 príosúnach fágtha san Aontas.

Taispeánann Taifid an Phinsin Mhíleata gur scríobh (Mrs) M Keogh, ón nGearrbhaile, Tiobraid Árann, chuig an Aire Cosanta ar 6 Samhain 1936, ag iarraidh air foirm iarratais ar Phinsean Seirbhíse Míleata a chur ar aghaidh chuici.

In 1936 chuir Mrs Keogh iarratas isteach ó Stáisiún Gardaí an Ghearrbhaile, Contae Thiobraid Árann – sráidbhaile ar theorainn Chontae Luimnigh agus Chontae Thiobraid Árann, atá anois i gContae Luimnigh.

Cuireann Maureen Keogh in iúl gur cuireadh i bpríosún í i mBeairic Mhíleata Mhala, i bPríosún Chontae Chorcaí agus i bPríosún Chill Mhaighneann le linn an Chogadh na gCarad. Mhaigh sí freisin go raibh sí ar stailc ocrais ar feadh deich lá nuair a bhí sí i gCill Mhaighneann.

Conclúid

Thug an cheardlann seo deis do na daltaí a bhí páirteach inti uirlisí praiticiúla agus úsáideacha a fhorbairt, chun cabhrú leo taighde a dhéanamh ar a gcuid topaicí dá staidéar taighde don Ardteistiméireacht agus le go bhféadfaidís teacht ar mhná a bhfuil a scéalta fós gan insint.

Ba mhaith le Mná100 buíochas a ghabháil leis na daltaí ar fad ó Scoil na Toirbhirte, Cluain Meala, a ghlac páirt chomh díograiseach sin sa cheardlann, agus bhuíochas go háirithe lena múinteoir Margaret O’Mahoney as a cabhair agus a tacaíocht. Guímid gach rath orthu ina gcuid staidéir amach anseo.

Ba mhaith le Mná100 buíochas a ghabháil freisin le Comhairle Contae Thiobraid Árann agus le Seirbhísí Leabharlainne Thiobraid Árann, agus go háirithe Róisín O’Grady agus Paul Devane, as cabhrú linn an cheardlann a chur le chéile, mar chuid de chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán i dTiobraid Árann. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil freisin leis an Staraí John Flannery a chabhraigh leis an taighde – beidh tú in ann a chuid taighde agus a bheathaisnéis ar Julia O’Brien a léamh anseo. Buíochas freisin leis an gCartlannaí Aoife Torpey agus le Brian Crowley i Músaem Phríosún Chill Mhaighneann.

Tá liosta thíos de na naisc chuig na príomhacmhainní ar bhain na mic léinn úsáid astu dá gcuid taighde.

www.militaryarchives.ie

www.census.nationalarchives.ie

www.irishnewsarchive.com

www.irishgenealogy.ie