Mná na hIarmhí
Alice Ginnell, Kitty O’Doherty, Lizzie Leonard, Eileen McGrane

Cá raibh na mná seo nuair a fógraíodh an Sos Cogaidh, agus cén bhaint a bhí acu le feachtas ar son neamhspleáchais?

Díríonn Mná100.ie i gcomhpháirtíocht le Staraí Cónaithe Dheich mBliana na gCuimhneachán i gContae na hIarmhí an Dr Paul Hughes ar roinnt mná ón Iarmhí agus an áit a raibh siad 100 bliain ó shin nuair a fógraíodh an Sos Cogaidh. Le linn an fheachtais ar son neamhspleáchais, bhí mná na hIarmhí i measc roinnt daoine as an gcontae a rinne cion suntasach go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

Tá an Dr Paul Hughes ag obair ar bheathaisnéis an MP, Laurence Ginnell (1852-1923), radacach agus réabhlóideach, a bhí mar ábhar dá PhD in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Tá ailt scríofa aige don Westmeath Examiner agus do bhlag cuimhneacháin Chomhairle Contae na hIarmhí ar ról na mban le linn Dheich mBliana na gCuimhneachán. D’aimsigh sé bunábhar nua, a thugann cuntais phearsanta, agus tuiscint nua ar ghníomhaíochtaí na mban amhail Alice Ginnell (née King) as Cill Bhríde, bean chéile Laurence Ginnell, agus Kitty O’Doherty (née Gibbons) ó Bhealach an Tirialaigh, a raibh baint ag acu araon le ceart na hÉireann chun féinchinnteoireachta a chur chun cinn thar lear. Scrúdaigh sé freisin iarratas Pinsean na Seirbhíse Míleata Elizabeth ‘Lizzie’ Leonard ó Dhealbhna, a reáchtáil caifé sa Mhuileann gCearr lena deirfiúracha Peg agus Mary a bhí ina lárionad de ghníomhaíochtaí poblachtacha roimh agus le linn an tSosa Cogaidh. Tugann a agallamh le Marika MacCarvill léargas úr agus tarraingteach ar Eileen McGrane ó Chill Liúcaine (an Dr. Eileen MacCarvill ina dhiaidh sin), a bhí i lár líonra faisnéise Mhíchíl Uí Choileáin le linn Chogadh na Saoirse.

Alice Ginnell

I mí Iúil 1921 bhí Alice Ginnell ar a bealach go Meiriceá Theas lena fear céile Laurence Ginnell chun aird a tharraingt ar cheart na hÉireann chun féinchinnteoireachta agus chun cistí a bhailiú ar son chúis na hÉireann.

Baisteadh Mary Alice King uirthi ar an 24 Meán Fómhair 1882, an chéad iníon a rugadh do James agus Georgina (née O’Sullivan) King, agus bhí sí ar an duine is sine de sheacht n-iníon a mhair, Constance (b1883), Marcella (1885), Georgina (b1887), Kathleen (b1891), Mary (1892) agus Madeline (Magdalen a baisteadh uirthi, 1895), agus deartháir James, a fuair bás agus é ina naíonán. Ba é Teach Chill Bhríde i mBaile Réamainn baile Alice, teach feirme a tógadh sa naoú haois déag áit a raibh a hathair, dar leis an Dr Hughes, ina ‘fheirmeoir acmhainne’, a bhunaigh gnó ceantála chomh maith. Bhí Alice ar an eolas ó bhí sí ina hóige faoin bpolaitíocht áitiúil, toisc go raibh a hathair ina Leas-Chathaoirleach ar Chomhairle Contae na hIarmhí in 1899.

Cuireadh oideachas maith ar Alice. D’fhreastail sí ar scoil chónaithe ag Clochar Loreto san Uaimh, Contae na Mí. Sna blianta díreach tar éis a cuid scolaíochta níl aon chuntas uirthi agus tháinig an Dr Hughes ar an gconclúid óna chuid taighde gur dócha go raibh sí ar an mór-roinn, mar chaith roinnt dá deirfiúracha am ansin ag leanúint lena gcuid oideachais nó ag obair ar feadh tamall gearr ina máistreásaí. Ní fios cén chaoi ar chuir sí aithne ar Abhcóide agus ar oifigeach de chuid Shraith na hÉireann Aontaithe, Laurence Ginnell, agus ar thosaigh sí ar chúirtéireacht, ach is dócha gur bhuail sí le leis, ar as Dealbhna ó dhúchas é, trína hathair, úinéir talún saibhir Caitliceach, beagnach an aois chéanna le Ginnell, a bhí tumtha i bpolaitíocht na hIarmhí.

Ar 30 Eanáir 1902, ag aois a naoi mbliana déag, díreach sé mhí dhéag tar éis di an t-oideachas a fhágáil, phós Alice Laurence Ginnell, a bhí tríocha bliain níos sine ná í, ag an séipéal áitiúil i nDroichead Chaisleán Loiste, Contae na hIarmhí. Ba í dara bean chéile Ginnell í (fuair a chéad bhean, Margaret Woulfe agus a leanbh óg bás i Meitheamh 1883).

‘Ginnell, a bhean chéile, Alice Ginnell agus a dheartháir, James Ginnell in éadaí foirmeálta circa 1900. Le caoinchead ó Leabharlann an Mhuilinn Chearr.

Tháinig am a bpósta ag an am céanna le tréimhse ghnóthach i saol polaitiúil Laurence Ginnell, agus bhí Alice lena thaobh le linn cuid mhaith den tréimhse sin. I 1900, sheas sé ina iarrthóir Pháirtí Parlaiminte na hÉireann sa Mhuileann gCearr, ach níor éirigh leis. Chiallaigh an bhaint a bhí aige le hobair chonspóideach i gceanncheathrú Léig na nÉireannach Aontaithe go raibh orthu, i bhfocail Alice féin, dul ‘ar a dteitheadh’ i Meitheamh 1903 agus fanacht sa Fhrainc ar feadh tréimhse ghearr. I 1906, ceapadh Laurence ina Fheisire Parlaiminte don Iar-Thuaisceart i Westminster, agus bhí an lánúin ina gcónaí i Londain ar feadh cuid mhaith den aon bhliain déag as sin amach. Go déanach i 1906, sheol Laurence an cogadh feirme i gcoinne leasanna innilte in Éirinn agus chuir sé tús le cleachtas tiomána eallach polaitiúil; le linn na tréimhse seo, bhí téarma príosúnachta mar thoradh ar a ghníomhaíochtaí polaitiúla. D’fhill Alice abhaile chuig a teaghlach le linn na n-amanna seo; ar ócáid amháin, gabhadh Laurence i dteach a hathar i gCill Bhríde.

Fuair Paul amach ó dhialann i mbailiúchán príobháideach, gur scríobh Alice Ginnell colúin le roinnt nuachtán le linn na 1910idí, go háirithe an colún ‘London Gossip’ a foilsíodh i nuachtán an Mhuileann gCearr, an Midland Reporter agus Westmeath Nationalist.

Idir 1909 agus 1916, d’oibrigh sí ina haistritheoir, i measc cúraimí eile, ag gnólacht bróicéireachta coilíneach i Londain: Lockie, Pemberton agus Co. D’fhág sí an chuideachta go tobann, ach go cairdiúil, i mBealtaine 1916, tar éis dá fear céile a bheith ceangailte le hÉirí Amach na Cásca agus tar éis dó é a chosaint go poiblí i dTeach na dTeachtaí, rud a tharraing drochcháil ar an lánúin. Thug Alice camchuairt ar na príosúin faoi ainm bréagach chun eolas a bhailiú agus a thabhairt do na príosúnaigh, agus d’oibrigh sí go dlúth le Art O’Brien ar Chiste Náisiúnta Fóirithinte na hÉireann. Rinne sí iarracht freisin, ach níor éirigh léi, tacaíocht a fháil do na reibiliúnaithe agus a dteaghlaigh i measc baill de Chumann Liteartha na hÉireann i Londain.

Bhí Alice ina ball de Chumann na mBan, agus tar éis an Éirí Amach bhí sí gníomhach ag atheagrú na heagraíochta sin chomh maith le Sinn Féin. Bhí sí ar dhuine de Chumann na dTeachtaí Ban don Chomhdháil Uile-Éireann. Bhí baint aici le toghadh iarrthóirí Shinn Féin, nuair a roghnaíodh í chun dul go Oxford le dul i dteagmháil le Count Plunkett chun seasamh i bhfothoghchán 1917 i Ros Comáin Thuaidh. Níos déanaí nuair a sheas a fear céile ina iarrthóir do Shinn Féin i 1918, dúirt sí ina ráiteas finné ón mBiúró ar Stair Mhíleata, gurbh é an ról a bhí aici san fheachtas toghcháin san Iarmhí, an chéad uair a bhí ‘bean ina gníomhaire toghcháin in Éirinn agus sa Bhreatain Mhór. ‘

I 1920, sheas Alice ach níor léi i dtoghcháin bhardasacha Bhaile Átha Cliath, i mbarda Pembroke, áit a raibh William Beckett, iarrthóir aontachtach agus athair an úrscéalaí agus an drámadóra Samuel Beckett, i measc na ndaoine a toghadh. Níos déanaí an bhliain sin cuireadh an lánúin chuig na Stáit Aontaithe, ag ligean orthu féin gurbh iad an tUasal Jones agus a Bhean iad. Bhí Laurence Ginnell ina chonsal Dála in Chicago. Mar a thuairiscíonn an Dr Hughes, bhí siad in áit mhaith ‘i Meániarthar Mheiriceá – an fairsinge leathan tréadach ar a dtugann Meiriceánaigh “the nation’s breadbasket”. Suíomh iontach a bhí ann chun airgead a bhailiú do Dháil Éireann agus chun cuidiú le feidhmiú na Roinne Airgeadais agus chun iasachtaí na Dála a chruinniú. Thug Laurence fianaise go raibh na Ginnells in Washington, D.C., i mí na Nollag 1920 nuair a bhí éisteacht an Choimisiúin Mheiriceá um Choinníollacha in Éirinn ar siúl. Le haghaidh comhthéacs féach: Centenary Moments: Toward America.

Joe Begley, Bean Ginnell agus an tUasal Laurence Ginnell, IE/MA/AL/IMG/224, Bailiúchán Brother Allen, Cartlanna Míleata. Le caoinchead ó Bhiúró na Cartlainne Míleata, Éire.

Athshannadh Laurence agus Alice go Meiriceá Theas i samhradh na bliana 1921. Dar le Alice, rinne an lánúin staidéar ar an Spáinnis agus iad ag fanacht le pas taidhleora a fháil. Bhí Laurence Ginnell le feidhmiú ina ‘Envoy Extraordinary to the Government and Peoples of South America.’  Ní raibh Alice sásta a bheith ag dul go Meiriceá Theas, mar go raibh imní uirthi faoi shláinte a fir chéile. Chuimhnigh sí ina dhiaidh sin go raibh Harry Boland ar an eolas nach raibh sí ag iarraidh dul, cé gur shíl sí gur cheilt sí é. Ina ráiteas ó Bhiúró na Staire Míleata, dúirt sí go ndearna sí soiléir é sular imigh sí gur theastaigh uaithi go n-inseofaí do Eamon de Valera go díreach nár mhaith léi dul go Meiriceá Theas.

Le linn dóibh a bheith ar an long tháinig sreangscéal chun a chur in iúl dóibh go raibh an Sos Cogaidh sínithe, agus go raibh tús curtha leis an idirbheartaíocht. Mar a chuimhnigh Alice ina dhiaidh sin, ‘Dá dtiocfadh an nuacht sular fhágamar, bheimis ar an mbealach abhaile agus ní go Meiriceá Theas.’ D’fhan an lánúin san Airgintín go dtí Aibreán 1922, bhí Alice agus Laurence i dteannta leithéidí Éamon agus Anita Bulfin mar chuid d’fhoireann iontach a chuir leasanna poblachtach na hÉireann chun cinn in Buenos Aires.

Tá rochtain faighte ag an Dr Hughes ar chartlann phríobháideach sa Mhuileann gCearr, Contae na hIarmhí, lena n-áirítear bailiúchán litreacha a scríobhadh ón S.S. Martha Washington.

USS Martha Washington. NH105812. Le caoinchead ó Stair Cabhlaigh agus Ordú Oidhreachta na SA.

Ar an 14 Iúil 1921, seoladh an litir seo chuig teach teaghlaigh King, Teach Chill Bhríde, Baile Réamainn, Muileann gCearr, Contae na hIarmhí (tá nótaí ón Dr Hughes sa téacs idir lúibíní cearnacha):

A chairde dhil,

Táimid díreach tar éis dul thar an Meánchiorcal nó táimid ag dul thairis anois. Tá sé an-mheirbh & marbhánta , ach níl sé chomh marbhánta is a bheifeá ag súil leis. Tá an turas go hálainn go dtí seo. Ní raibh lá ar bith ann nach bhféadfadh muid suí agus breathnú amach ar na tonnta. Seans go sroichfidh muid Rio de Janeiro i gceann dhá lá, áit a gcuirfear é seo sa phost. D’fhágamar Nua Eabhrac ar an 3 Iúil. D’fhág Harry, Sean Nunan, Joe Begley (a bhí ar cuairt ó Washington don chluiche [dornálaíochta] idir Dempsey-Carpentier & Liam Pedlar slán linn. Nach aisteach an rud é go rabhamar ar an uisce an t-am seo dhá mhí dhéag ó shin chomh maith. Tá na hoifigigh ar an long seo thar a bheith cúirtéiseach. Tá iar-Uachtarán na Bolivia, Don [José Gutiérrez] Guerra, a cloíodh i réabhlóid anuraidh agus a cuireadh ar deoraíocht, lena chuid saibhris bainte uaidh, i measc na ndaoine is suimiúla ar bord. Tá sé anois ina ionadaí ar Bhanc mór Mheiriceá. Tá mac milliúnaí againn, beirt mhac léinn ó Ollscoil Notre Dame (áit a bhfuil na buachaillí Castellini [as Ohio]), ag caitheamh a gcuid laethanta saoire ag taisteal an domhain. Agus iad ar saoire roimhe seo, chuaigh siad go dtí an Ind, an tSín, an tSeapáin, srl. Tá bean-eolaí Críostaí againn, a bhí tinn an turas ar fad. Is é Wm O’Malley compánach an iar-Uachtaráin, is é an tUasal Ryan an chéad oifigeach agus d’fhiafraigh an t-oibreoir teileafóin díom an raibh aithne agam ar Chorcaigh.

Bhí leid ann go bhféadfaimis raidió a fháil le filleadh chun vótáil ar son na síochána nó an chogaidh. Mar sin níl a fhios agam fós, ach táim réidh le glacadh le rudaí de réir mar a tharlaíonn siad.

––––––––––––

Is ócáid iontach é Trasnú an Mheánchiorcal i saol an chabhlaigh. An tráthnóna roimhré, tháinig “Neptune’s Messenger” ar bord chun teacht Neiptiún a fhógairt. Ag am lóin tháinig Neiptiún féin, an Bhanríon, an scríobhaí Ríoga, an Bearbóir Ríoga, an Dochtúir Ríoga (an t-iar-Uachtarán), an bhanaltra Ríoga agus na póilíní Ríoga (gach paisinéir gléasta suas) agus an Chúirt Ríoga isteach sa seomra bia, agus ghlaoigh siad orthusan a bhí le glacadh isteach teacht i láthair sa Chúirt Ríoga – taobh amháin den deic.

––––––––––––

Chuamar go léir chun na Cúirte chun triail agus pianbhreith a fháil as coireanna éagsúla, na fir as cártaí a imirt, as caitheamh tobac nó as gan aon rud a chaitheamh & na mná as an bpianó a sheinm, as “vamping”… Chuir an Bearbóir Ríoga pianbhreith ar na fir trína gcuid gruaige a bhearradh & ansin caitheadh isteach sa linn snámha iad. Bhí sé an-deas, ní raibh rud ar bith gáirsiúil i gceist. Cúisíodh L[aurence] as “a bheith ina fhear uasal” agus iarradh air a mhíniú cén fáth. Cúisíodh mise as ‘vamping’ leis an mBearbóir Ríoga (a bhí ina fear céile). Tá súil agam go leor nuachta a fháil ón mbaile. Grá mór chugaibh go léir ó Alice.

Chuir sí an méid seo a leanas mar iarscríbhinn: An bhfuair Papa an “Ideal Scrap Book”?

Kitty O’Doherty

Tráth an tSosa Cogaidh bhí Kitty O’Doherty, mar a deir an Dr Hughes, ‘os cionn 1,200km soir ó Chicago in Philadelphia, Pennsylvania’.

Bhí Katherine ‘Kitty’ Gibbons ar dhuine de sheachtar clainne Edward Gibbons, sáirsint i gConstáblacht Ríoga na hÉireann i mBealach an Tirialaigh agus ina dhiaidh sin i mBaile Fhobhair agus i mBaile na gCailleach, agus a bhean Anne (née Crossan) ar bhuail sé léi agus é lonnaithe sa Mhí.

Seamus and Kitty O’Doherty. Le caoinchead blag Dheich mBliana Cuimhneachán na hIarmhí.

Ina chuid taighde, tá nasc déanta ag an Dr Hughes idir Alice King agus Kitty O’Doherty, a fuair oideachas ó na Siúracha Loreto san Uaimh, Contae na Mí, le Kitty bliain chun tosaigh ar Alice. Mar a mhíníonn Hughes, ‘d’fhág an bheirt chailíní an scoil le honóracha i roinnt teangacha, cáilíochtaí a sheas dóibh ina ngairmeacha níos déanaí.’

Is sampla iad na hidirnaisc seo de líonra teagmhálacha agus cairdeas ar a dtugtaí ‘an ghluaiseacht’ ag an am. Tá sé faighte amach ag an Dr Hughes gur chaith Kitty am i Sasana agus sa Ghearmáin tar éis na scoile san Uaimh, sular cuireadh oiliúint uirthi mar mhúinteoir i mBéal Feirste. Fuair a deirfiúracha Maria, Anne agus Rose oiliúint mar mhúinteoirí bunscoile freisin. Bhog Kitty go Baile Átha Cliath chun dul i mbun poist teagaisc. Bhí sí páirteach i gConradh na Gaeilge. I samhradh na bliana 1911, phós sí Seamus O’Doherty, a ndearna Hughes cur síos air mar, ‘ionadaí taistil ar theach foilsitheoireachta Gill i rith an lae, agus san oíche, ball ceannasach de Bhráithreachas Poblachtach na hÉireann.’

Bhí sí i gcroílár imeachtaí na mblianta sin freisin, agus mar a thug a mac Kevin le fios ina cuimhní cinn, My Parents and Other Rebels, bhí sí báúil i gcónaí le daoine ar phá íseal agus nach raibh go maith as. Thug sí cúnamh do Constance de Markievicz ina cistin anraith i Halla na Saoirse le linn na Stailce Saothair, 1913. Chuaigh sí isteach i gCumann na mBan dhá mhí tar éis a bhunaithe agus bhí sí ina ball den Ard Craobh. Ina cuntas ar Bhiúró na Staire Míleata, rinne sí cur síos ar an bpáirt a bhí aici in ullmhú agus i bpleanáil an Éirí Amach. Coinníodh súil ar a mbaile ag 32 Sráid Chonnacht mar go raibh aithne air mar lárionad gníomhaíochtaí. Rinne sí cur síos ina cuntas ar conas a rinneadh Ceann Gníomhach ar Chomhairle Uachtarach Rialtas Sealadach na Poblachta dá fear céile ina dhiaidh sin.

Tugadh an tSiúr Columba mar ainm ar a deirfiúr is sine Kitty Maria a raibh gairm aici ina bean rialta Loreto ó 1906. Scríobh sí liricí an bhailéid pholaitiúil iomráiteach: ‘Who Fears to Speak of Easter Week.’

Bhí Kitty, ball de Chumann na mBan, mar chuid d’eagrú na hiarrachta ollmhóire tacaíochta do theaghlaigh na ndaoine a cuireadh i bpríosún tar éis Éirí Amach 1916, mar Iontaobhaí agus mar Rúnaí ar Chumann Chúnamh Náisiúnta na hÉireann, agus measadh í a bheith ar cheann de na baill ba ghníomhaí. Bhí baint aici leis an bhfeachtas frithchoinscríofa agus ghlac sí páirt freisin i ngluaiseacht athbhunaithe Shinn Féin agus san iarracht toghchánaíochta d’iarrthóirí Shinn Féin. Sheas sí, ach níor éirigh léi, i dtoghchán 1920 do Bhardas Bhaile Átha Cliath, ach toghadh í mar Chaomhnóir Dlí na mBocht. Chaith a fear céile am sa phríosún i rith na tréimhse sin.

Faoin mbliain 1920, bhí an lánúin agus a gcúigear clainne Kevin, Aidan, Eithne, Colm, Feicín i Meiriceá, agus rugadh an séú leanbh, Róisín, ann. Chuir Gael-Mheiriceánaigh fáilte rompu agus d’óstáil Club Éireannach Philadelphia fáiltiú dóibh. Laistigh de thréimhse ghearr ama, ghlac Seamus O’Doherty smacht bainistíochta agus eagarthóireachta ar an Irish Press. Chuidigh Kitty leis an nuachtán a bhainistiú agus ailt a scríobh. Bhunaigh sí an coiste fóirithinte Gael-Mheiriceánach chomh maith agus rinne sí comhordú ar fhaoiseamh a sheoladh go hÉirinn i bhfoirm éadaí agus soláthairtí leighis. Bhí sí páirteach i dtiomántán an bhanna tiomsaithe airgid. Bhunaigh sí Cúntóir Ban de chuid Clan na nGael. Bhuail Kitty le Gael-Mheiriceánaigh mór le rá freisin maidir le cúis na hÉireann, agus labhair sí le grúpaí ban as Éirinn agus le grúpaí eile lena n-áirítear náisiúnaithe Indiacha. Bhí sí mar chuid d’agóidí picéad a eagraíodh sa chathair. Níos déanaí scríobhfadh sí faoin ama seo in Assignment America, a foilsíodh i Nua-Eabhrac, 1957.

D’fhan an lánúin gníomhach go polaitiúil i rith na tréimhse seo, agus nuair a tháinig an sos cogaidh, de réir an Dr Hughes, bhí Kitty agus Seamus i measc na ndaoine a bhí tar éis an idirbheartaíocht ar son na síochána agus a dtorthaí a mhúnlú.

Lizzie Leonard

Tráth an tSosa Cogaidh, mheabhraigh Lizzie ina dhiaidh sin, bhí a cuid oibre d’fheachtas an neamhspleáchais mar a bhíodh de ghnáth, agus iad ag fanacht ar thoradh na gcainteanna i Londain.

D’fhás Lizzie Leonard agus a deirfiúracha aníos ar an bhfeirm i mBaile an Bhealaigh, Dealbhna. Mar aon le cúraimí feirme, fuair Lizzie oiliúint mar mhilsíneoir, agus nuair nach raibh sí in ann fostaíocht a fháil, bhunaigh sí a caifé féin ag 39 Sráid an Iarla. I ndiaidh Éirí Amach 1916, chuaigh Lizzie isteach i gCumann na mBan atheagraithe agus an ról a bhí aici san fheachtas ar son neamhspleáchais ná gníomhaíochtaí frith-chomhscríofa, toghchánaíocht, agus aire a thabhairt do riachtanais na bpríosúnach. Bhí roinnt den teaghlach gníomhach. Bhí a deartháireacha Edward (Ned) agus Patrick ina mbaill de Chuideachta Dhealbhna, 4ú Briogáid na Mí, IRA.

Le caoinchead ó Bhiúró Chartlann Míleata na hÉireann

Rinneadh ionaid ghníomhaíochta d’fheirm Leonard agus den chaifé, agus bhí aithne mhaith ag Fórsaí na Corónach orthu. Bhí ruathar ar an gcaifé i mí Eanáir 1920 sa chuardach ar ‘fhear ar a theitheadh’, tuairiscíodh san Irish Bulletin go raibh 30 póilíní armtha tar éis dul isteach san áitreabh. Gabhadh a deartháireacha i 1920 agus coinníodh iad i gCampa Bhaile Uí Chionnabhair, Contae an Dúin. Bhí na deirfiúracha faoi bhagairt i gcónaí go ndófaí a n-áitreabh. ‘I nglúin de mhná cróga’, a mheabhraigh comhaoiseach amháin, ‘ba cheart di a bheith ainmnithe i measc na mban is fearr.’

I mí an Mhárta 1921 bhí baint mhór ag Lizzie le hoibríocht chun oifigeach de chuid IRA an Mhuileann gCearr, Charles Begnall, a scaoileadh saor ó phríosúnacht i mbeairic mhíleata an Mhuileann gCearr. Thug sí léargas ar an méid a tharla ina hIarratas ar Phinsean Seirbhíse Míleata:

Iarratas ar Phinsean Seirbhíse Míleata Elizabeth Leonard lch 47 MSP34REF45583. Le caoinchead ó Bhiúró Chartlann Míleata na hÉireann.

Eileen McGrane (An Dr. Eileen MacCarvill ina dhiaidh sin)

An Dr Eileen MacCarvill lena fear céile an Dr Patrick MacCarvill i 1925. Le caoinchead ó bhailiúchán teaghlaigh MacCarvill.

I mí Iúil 1921, nuair a tháinig an sos cogaidh i bhfeidhm, bhí Eileen McGrane, as Cill Liúcaine ó dhúchas, i bpríosún i bPríosún Walton, Learpholl, Sasana. Bhí sí ar dhuine de phríomhghníomhairí Mhíchíl Uí Choileáin. Rinne 15 ball de Rannán Cúnta iomráiteach an RIC ruathar ar a hárasán ag 21 Sráid Dhásain ar Oíche Chinn Bliana 31 Nollaig 1920. Tugann a gariníon is óige, Marika MacCarvill, cur síos ar an scéal faoi ghabháil Eileen, triail ag Armchúirt Ghinearálta Allamuigh a tionóladh in Aontas Bhaile Átha Cliath Thuaidh ar an 12 Bealtaine 1921 agus a díbirt chuig Príosún Walton i Learpholl ar an 25 Bealtaine 1921. Sa phíosa seo tugann Marika MacCarvill cur síos ar conas a ciontaíodh í i dtriail Eileen McGrane as airm a bheith ina seilbh aici seachas í a bheith ciontaithe as cáipéisí inchoiritheacha a aimsíodh ina hárasán, a thug mionsonraí ar a baint leis an líonra faisnéise. Féach ar an ngearrscannán seo agus faigh amach cén fáth a ndearnadh fíor-ról Eileen McGrane a cheilt … de réir mar a bhí idirbheartaíocht an tSosa Cogaidh ar siúl.

Buíochas speisialta le Marika MacCarvill, teaghlach MacCarvill agus Melanie McQuade, Oifigeach Oidhreachta le Comhairle Contae na hIarmhí.