Mná agus Toghcháin sna 1920idí

Ar an 8ú Nollaig chuaigh scoláirí ó Ghaelscoil Cois Feabhail, Baile an Eallaigh, Contae Dhún na nGall, go dtí an Músaem Náisiúnta Cló i mBaile Átha Cliath i gceardlann dheireanach clódóireachta litirphreasa de chuid Mná100.

Bhí na scoláirí bunscoile ag déanamh staidéar ar thoghcháin a reáchtáladh in Éirinn idir 1921 agus 1923 agus iad ag ullmhú don cheardlann seo. Dhírigh siad ar na hOlltoghcháin agus ar na mná a sheas sna toghcháin do Dháil Éireann. Bhreathnaigh siad ar Chearta Vótála Uilíocha mar ullmhúchán don cheardlann freisin.

Chuir Oifigeach Oideachais agus Clódóir an Mhúsaeim Náisiúnta Cló, Mary Plunkett, fáilte roimh na scoláirí ar theacht go dtí an músaem dóibh agus thaispeáin sí an chlódóireacht litirphreasa dóibh.

Oifigeach Oideachais agus Clódóir an Mhúsaeim Náisiúnta Cló Mary Plunkett ag taispeáint na clódóireachta litirphreasa do na scoláirí.

Léigh ceann de na scoláirí an stair achomair seo ar mhná a ghlac páirt sna toghcháin os ard le cuidiú le gach duine tús a chur leis na manaí ar mhian leo a chur i gcló.

Sa bhliain 1918 bhí cead vótála ag mná má bhí cáilíocht réadmhaoine acu, má bhí siad os cionn 30 bliain d’aois nó má bhí oideachas ollscoile orthu. Ba í Constance de Markievicz an t-aon bhean a toghadh san Olltoghchán. Bhí Éire fós faoi riail na Breataine. Sa toghchán sin, bhí sí ar an gcéad bhean i dTeach na dTeachtaí. Bhí sí ag troid ar son na hÉireann chun go mbeadh a parlaimint féin ag an tír, dhiúltaigh sí dá suíochán. Bhí sí ina Rúnaí Saothair (aire rialtais) sa chéad Dáil Éireann.  An chéad chruinniú sa bhliain 1919 maidir le cogadh na saoirse. Bhí an Dáil mídhleathach agus bhí an rialtas faoi cheilt agus rinne sí a cuid oibre in oifigí rúnda agus thaistil sí faoi bhréagriocht.

Nuair a bunaíodh Saorstát Éireann lena bunreacht féin. Bhí Éire ina tír cheannródaíoch ar fud an domhain domhan sa bhliain 1922 nuair a thug sí Ceart Vótála Uilíoch do na mná agus fir ar fad a bhí 21 bliain d’aois, níor thug go leor tíortha é seo isteach sa dlí go dtí i bhfad ina dhiaidh sin.

Sna cúig bliana i ndiaidh na bliana 1918, bhí ceithre shuí dhifriúla de Dháil Éireann ann. Toghadh naonúr ban:

•         Constance de Markievicz

•         Kathleen Clarke née Daly

•         An Dr Ada English

•         Mary MacSwiney

•         Kate O’Callaghan née Murphy

•         Margaret Pearse née Brady

•         Caitlín Brugha née Kingston

•         Margaret Collins-O’Driscoll

•         An Dr Kathleen Lynn

Toghadh Mary MacSwiney agus Kate O’Callaghan chuig an Dara agus Tríú Dáil Éireann.

Níor thóg na mná sin ar fad a gcuid suíochán sa Cheathrú Dáil Éireann mar gheall go raibh Cogadh na gCarad ar bun. Dhiúltaigh Mary MacSwiney, Caitlín Brugha (baintreach Chathail Brugha a maraíodh sa troid i gcath Bhaile Átha Cliath in 1922), an Dr Kathleen Lynn (duine de na comhbhunaitheoirí a bhunaigh Ospidéal Leanaí Naomh Ultan) agus Constance de Markievicz dul isteach i nDáil Éireann.

Ba í Maggie, deirfiúr Mhíchíl Uí Choileáin an t-aon bhean a thóg a suíochán. Ba sise an t-aon bhean a bhí ag fónamh i nDáil Éireann ó 1923 go dtí 1933. Toghadh Kathleen Clarke, baintreach Cheannaire 1916, Tom Clarke, in 1927 ach níor thóg sí a suíochán. Toghadh Caitlín Brugha freisin agus níor thóg sí a suíochán toisc go raibh sí i gcoinne Shaorstát Éireann. D’fhan Constance de Markievicz taobh amuigh den Dáil freisin. Bhí sí tinn nuair a toghadh í agus fuair sí bás ar an 15 Iúil 1927.

Ansin bhí ar na scoláirí foclaíocht dá bpóstaeir a chur i gcrích.

Roghnaíonn na scoláirí a gcló.

Nuair a bhí a gcló roghnaithe ag na scoláirí leis an chlófhoireann agus an stíl a thaitin leo, ba é sin an t-am le dul chuig an chlóphreas chun a bpóstaeir toghchánaíochta a dhéanamh.

Na póstaeir dheireanacha ó na grúpaí. Toisc gur scoil Ghaeilge í Gaelscoil Cois Feabhail, chinn siad cuid dá bpostaeir a chló i nGaeilge agus cuid eile i mBéarla. D’úsáid roinnt grúpaí an dá theanga chun a dteachtaireachtaí a chur in iúl.

Ba mhaith le Mná100 buíochas a ghabháil le gach duine ag an Mhúsaem Náisiúnta Cló a chuidigh leis na ceardlanna clódóireachta agus as a bheith ina n-óstaigh iontacha. Chomh maith, ba mhaith le Mná100 a mbuíochas a ghabháil le gach ceann de na ceithre scoil agus na scoláirí a chruthaigh póstaeir toghchánaíochta iontacha le dhá bhliana anuas. Guíonn muid gach rath orthu ina staidéar amach anseo.