MainlyMuseums.com
Teach an Chóiste, Gairdíní Caisleán Bhaile Átha Cliath. Creidiúint: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán/ Fennell Photography
Is cuid de chlár na hÉireann um Dheich mBliana na gCuimhneachán é an taispeántas seo, arna reáchtáil ó 2012 go 2023 – chun comóradh a dhéanamh ar na himeachtaí stairiúla suntasacha as a lean bunú Stát na hÉireann. Taispeántas is ea Tob-Mhúsaem na mBan – 100 Bliain de Mhná sa Pholaitíocht agus sa Saol Poiblí ina mbreathnaítear ar mhná agus ar an ról a bhí acu i mbunú na hÉireann comhaimseartha, atá ar cheann de stáit dhaonlathacha pharlaiminteacha is sine atá fós ar marthain san Eoraip.
Sa taispeántas seo, baintear úsáid as rogha íomhánna, scannán, taispeántas idirghníomhach, nithe agus éidí, treoraítear an cuairteoir trí aistear na mban ag an obair – a gcuid éadaí, málaí, ábhar toghchánaíochta, a ndeasca agus a n-uirlisí scríbhneoireachta, rudaí ar tháinig athrú orthu le himeacht aimsire. Pléann gach cuid le deich mbliana ar leithligh, agus tugann na tréimhsí ama forléargas don chuairteoir ar na himeachtaí agus ar an reachtaíocht a raibh tionchar acu ar shaol na mban.
Osclaíodh an taispeántas in 2018 chun ócáid staire a tharla céad bliain ó shin a chomóradh. Bliain shuntasach a bhí sa bhliain 1918 do mhná in Éirinn agus sa Bhreatain. Rith Parlaimint Westminster an Representation of the People Act an bhliain sin, inar tugadh ceart vótála do mhná a bhí os cionn 30 bliana d’aois agus ina gcéimithe ollscoile nó a chomhlíon cáilíocht réadmhaoine. Níos déanaí sa bhliain sin, tugadh cead do mhná seasamh i dtoghchán, ar comhchéim le fir, nuair a ritheadh an t-acht, Parliament (Qualification of Women) Act. Rinneadh comóradh sa tob-mhúsaem seo ar thabhairt isteach na gceart vótála do mhná agus ar an gceart a bhí acu seasamh i dtoghcháin pharlaiminte. Ba í Constance de Markievicz, a rinne ionadaíocht do Bhaile Átha Cliath, an t-aon bhean a toghadh sa toghchán sin.
Insítear an scéal sin sa taispeántas, ag tosú le toghadh Markievicz, agus insítear scéalta reachtóirí agus ceannairí mná eile a tháinig chun cinn sna céad bliain ina dhiaidh sin. Leagtar amach an taispeántas mar thuras trí na deicheanna de bhlianta – na 1920idí, 1930idí, 1940idí, 1950idí, 1960idí, 1970idí, 1980idí, 1990í agus isteach sna 2000idí. Bord na Comh-Aireachta is ea buaicphointe an taispeántais, ina léirítear na 19 mbean a bhí ina nAirí Aireachta sa tréimhse 1918-2018.
Leis an Tob-Mhúsaem, insítear scéalta os cionn 206 ionadaí tofa agus ceannródaí mná Éireannach eile a rannchuidigh go mór leis an bpolaitíocht agus leis an saol poiblí in Éirinn ón mbliain 1918; agus scrúdaítear na dúshláin a bhí rompu agus na bacainní a sháraigh siad. D’fhonn an taispeántas seo a chur le chéile, tugadh rochtain fhlaithiúil nár tugadh riamh cheana ar chartlanna pearsanta agus ar chartlanna nach bhfacthas roimhe sin ó Theachtaí Éireannacha, Comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa agus ó ghníomhaithe mná eile. Níor insíodh a scéalta riamh roimhe seo ar a leithéid de bhealach chomh uilíoch, pearsanta, inrochtana agus spéisiúil sin.
Tá an Tob-Mhúsaem ar cheann de 48 dtionscnamh agus mar chuid de líonra agus is cuid de líonra músaem é ina bhfuil 96 músaem fhisiceacha agus 21 mhúsaem fíorúil ar fud an domhain a dhíríonn ar mhná [The International Association of Women’s Museums https://iawm.international/] Is é seo an chéad uair a chuaigh ‘músaem na mban’ nó taispeántas a dhíríonn go sonrach ar mhná ar camchuairt ar fud tíre.
Ceann de láidreachtaí móra an Tob-Mhúsaeim is ea a sholúbtha atá sé – i ngach láithreán, d’oibrigh Aonad na gCuimhneachán sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán go rathúil i gcomhar leis na pobail áitiúla chun an t-inneachar a chruthú agus a dhíriú chun aird an lucht féachana áitiúil a tharraingt.
Osclaíodh an Tob-Mhúsaem i mBaile Átha Cliath i mí na Nollag 2018 agus thaistil sé go dtí na ceithre cúige. I gCúige na Mumhan, cuireadh ar taispeántas é i gCathair Luimnigh agus i Halla Istrabraq na Comhairle Contae. Aistríodh é go dtí Cúige Uladh ansin, go dtí Músaem Chontae Dhún na nGall i Leitir Ceanainn. Ansin cuireadh ar taispeáint é in Oifigí Chomhairle Chontae Ros Comáin i gCúige Chonnacht agus aistríodh ar ais go dtí Caisleán Bhaile Átha Cliath ansin é don dara taispeántas.
Agus tú ag déanamh do bhealaigh tríd an taispeántas, insítear duit faoi nithe tábhachtacha i saolta na mban, amhail Sex Disqualification (Removal) Act 1919 lenar tugadh cead do mhná tabhairt faoi ghairmeacha den chéad uair. Tá nithe ar leis na chéad dlíodóirí mná in Éirinn iad ar taispeáint. Léirítear an tréimhse ama – breis agus céad bliain – le taispeántas de na peiriúicí agus de na róbaí ar le Príomh-Bhreitheamh mná na hÉireann iad, bean a ceapadh sa phost sin i rith na deich mbliana seo caite.
Déantar cur síos ar imeachtaí ó gach tréimhse deich mbliana ar na painéil le haghaidh gach cuid. Sna 1920idí, tá éide Chumann na mBan, eagraíocht do mhná a ghlac páirt san fheachtas ar son an neamhspleáchais, san áireamh ar na nithe. Cuireadh méideanna móra comhaltaí den ghrúpa sin sa phríosún i gCogadh na gCarad.
Sna 1930idí, ar tréimhse cruatain eacnamaíochta a bhí ann, níor shuigh mná ag Bord na Comh-Aireachta. Throid grúpaí ban, amhail Cumann na mBanchéimithe, ar son chearta na mban agus in aghaidh fhoclaíocht Bhunreacht na hÉireann 1937. Cumhdaíodh áit na mban sa bhaile sa Bhunreacht. Achtaíodh dlíthe i rith na deich mbliana sin a mbeadh tionchar acu ar rannpháirtíocht na mban sa lucht saothair ar feadh na ndeicheanna de bhlianta ina dhiaidh sin.
I rith na 1940idí, ghlac Éire seasamh neodrach sa Dara Cogadh Domhanda. D’fhág go leor ban Éireannach chun páirt a ghlacadh in iarracht an chogaidh. Chuaigh roinnt díobh le bheith ag obair ina haltraí ach tá taifid ann den iliomad ról eile a ghlac siad, lena n-áirítear mná a rugadh in Éirinn a chuaigh isteach sa Royal Air Force (RAF).
Chuaigh an t-uafás daoine ar imirce as Éirinn sna 1950idí mar gheall ar dheacrachtaí eacnamaíochta. Ní raibh ach líon beag ban páirteach sa pholaitíocht an t-am sin. I rith na ndeich mbliana sin, chuaigh go leor ban leis an reiligiún, agus bhí ról ollmhór ag mná rialta i riarachán an Stáit – rith siad scoileanna, ospidéil agus institiúidí eile. Thaifid an daonáireamh gur thug 90% den daonra Caitliceachas mar an gcreideamh a bhí acu.
Sna 1960idí, thug Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, John F Kennedy, cuairt ar Dháil Éireann agus tá píosa scannánaíochta den ócáid sin san áireamh sa taispeántas. Ní raibh ach triúr Teachtaí Dála mná i nDáil Éireann ag an am. Chuaigh comhaltaí mná na leis an bpolaitíocht ach nuair a tháinig deireadh leis an deich mbliana sin, ní raibh ach ceathrar ban tofa chun fónamh mar ionadaithe poiblí.
Sa deich mbliana ina dhiaidh sin, tháinig Gluaiseacht Saoirse na mBan go hÉirinn, d’ainneoin an choisc ar leabhair agus irisí áirithe. Pointe lárnach thaispeántas na 1970idí is ea tábla agus cathaoireacha i seomra bia, chun mná ag obair ón mbaile a léiriú. Taispeántar litríocht agus ábhair ó na heagraíochtaí a bhunaigh mná do mhná in Éirinn le linn na tréimhse sin. Chuaigh Éire isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa i rith na ndeich mbliana sin agus ceadaíodh pá comhionann do mhná agus d’fhir arbh státseirbhísigh iad. Dul chun cinn mall a bhí ann i gcúrsaí polaitíochta. Bunaíodh eagraíochtaí polaitiúla nua chun mná a spreagadh dul leis an bpolaitíocht. I measc na sluán a bhí acu, bhí ‘Why not a Woman’, chun lucht vótála a spreagadh vótáil do bhean. Ghlac na páirtithe ar fad páirt san fheachtas sin.
Faoin am ar toghadh an dara bean, Máire Geoghegan Quinn, chuig Aireacht na hÉireann, bhí seasca bliain caite ó toghadh an Chuntaois de Markievicz.
Sna 1980idí, cuireadh tús le mná a earcú isteach in Arm na hÉireann; ceapadh an chéad tiománaí mná chun bus a thiomáint i mBaile Átha Cliath, agus ceapadh breithimh mhná sna hard-chúirteanna. Chuaigh níos mó ban leis an bpolaitíocht – ba í an tAire Sláinte agus Leasa Shóisialaigh, Eileen Desmond, an tAire Aireachta ba shinsearaí go dtí an dáta sin, a chaith an chulaith éadaí sa phictiúr thíos. Roghnaigh an tAire Desmond culaith le dearthóir Éireannach a bhí bunaithe ar éide thraidisiúnta de sciorta agus seál, agus é déanta as bréidín Éireannach.
Sa bhliain 1990, thogh muintir na hÉireann an chéad Uachtarán mná, Mary Robinson. Sa taispeántas seo, taispeántar léine aclaíochta agus suaitheantas ón bhfeachtas sin. Sular tháinig deireadh leis an deich mbliana sin, toghadh an dara Uachtarán mná, Mary McAleese, a d’fhóin ar feadh dhá théarma, ó 1997 go dtí 2011. Sa bhliain 1992, foilsíodh leabhar chun ceiliúradh a dhéanamh ar an gcéad uair ar toghadh bean chuig Dáil Éireann. Chuaigh mná nua leis an bpolaitíocht agus leis an saol poiblí – léirítear na mná ba mhó a d’fhág a lorg ar Éirinn ar na painéil. Ceapadh an chéad Tánaiste mná, (Leas-Phríomh-Aire), Mary Harney Uasal.
Sa taispeántas, is i scannán a insítear scéal an scór bliain deiridh, 2000-2018. Cuireadh an scannán sin le chéile go sonrach chun scéalta a insint faoi thoghadh na mban, agus chun scéalta a insint faoi na mná a bhain rath amach i réimsí eile, amhail Clare O’Leary, an chéad bhean Éireannach a bhain barr Everest amach agus Katie Taylor, an chéad bhean a bhuaigh bonn óir don dornálaíocht sna cluichí Oilimpeacha.
Leagadh an taispeántas sa Tob-Mhúsaem fisiceach amach chun an cuairteoir a threorú tríd ár stair, go dtí an lá atá inniu ann agus chun breathnú ar an todhchaí amach romhainn, ar cheannairí mná nua, ar dhúshláin nua, ar dheiseanna nua, ar a thuilleadh éagsúlachta agus ar dheiseanna nua.
Tá turas fíorúil den taispeántas, le tráchtaireacht, cruthaithe ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Is féidir an turas a thógáil ach cliceáil ar an nasc thíos.
https://www.decadeofcentenaries.com/enjoy-this-virtual-tour-of-the-pop-up-womens-museum/
Is féidir leat cliceáil ar dheighleog ar bith den chiorcal chun dearcadh uathúil ar eispéiris na mban in Éirinn a fháil, de réir na ndeicheanna de bhlianta. Tá súil againn go mbainfidh tú sult as.
Teistiméireachtaí
- “Thank you for this amazing exhibition; it’s a brilliant mix of experiences and important information. I feel totally uplifted”. Melbourne, Australia.
- “No matter how forward we are going, it is always important to see where we have come from. Thank you for the amazing place for me to do that.”
- “Important and excellent exhibition – still a way to go for women! So thankful for all the efforts of previous generations.” Shirley Graham, Director of the Gender Equality Institute at International Affairs School, Washington D.C.
- “Such an important story to tell, I am a teacher and I will bring my young women to see this. Thank you. “
- “Superbly done – thank you, it’s a first (but hopefully will be continued in the future) for inspiring young women candidates to make change and continue to nurture and encourage young Irish women to stand up and lead in government and social employment. “ Suzanne Lynch.
- “Very important to see Irish politics through the lens of the women who paved the way. Equality to women. Superb exhibition.” Senator Grace O’Sullivan, Waterford.
- “Taispeántas tábhachtach agus sármhaith – tá bóthar fada roimh na mná fós! Táim thar a bheith buíoch as iarrachtaí na nglúnta ar fad a tháinig romhainn.” Shirley Graham, Stiúrthóir na hInstitiúide um Chomhionannas Inscne ag an Scoil Gnóthaí Idirnáisiúnta, Washington D.C.
- “Is scéal an-tábhachtach é seo le hinsint. Is múinteoir mé agus tabharfaidh mé na mná óige faoi mo chúram chuig an taispeántas seo. Buíochas. “
- “Sár-jab; go raibh maith agaibh. Is é seo an chéad uair (ach ní an ceann deireadh, tá súil againn) a fheictear iarrthóirí spreagthacha ar mhná óga iad ag athrú rudaí agus ag leanúint orthu ag cothú agus ag spreagadh mná óga na hÉireann seasamh suas agus bheith ina gceannairí sa rialtas agus san fhostaíocht shóisialta. “ Suzanne Lynch.
- “An-tábhachtach polaitíocht na hÉireann a fheiceáil ó dhearcadh na mban a réitigh an chonair. Comhionannas do na mná. Taispeántas den scoth.” An Seanadóir Grace O’Sullivan, Port Láirge.