Ireland: Among the Nations

San eagrán podchraoltóireachta seo, scrúdaítear na himeachtaí a tharla 100 bliain ó shin maidir le ballraíocht na hÉireann i gConradh na Náisiún agus san Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair ón mbliain 1923 amach.  Beidh an tOllamh Mary Daly, Francis Devine, Phillip Emmet agus Thomas Emmet le cloisteáil.  Is é seo an t-eagrán deireanach faoin teideal – Is it time for Emmet’s epitaph? Arna scríobh agus arna chur i láthair ag an Dr Sinéad McCoole.

An tOllamh Mary Daly le Bonn Óir 2020 Acadamh Ríoga na hÉireann.  Griangraf le Johnny Bambury, grianghrafadóir. Grianghraf le caoinchead ón Ollamh Mary Daly.

An tOllamh Mary Daly

Is í an tOllamh Mary Daly Uachtarán Acadamh Ríoga na hÉireann.  Fuair sí céim dhúbailte céad onóracha sa Stair agus san Eacnamaíocht chomh maith le céim máistreachta le taighde as Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus ghnóthaigh sí Sparántacht Taistil ó Ollscoil na hÉireann.  Rinne sí taighde dochtúireachta in Nuffield College in Oxford.  Tá sí ar fhoireann Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath ón mbliain 1973.  Chaith sí sealanna cuairte in Ollscoil Harvard agus in ollscoil Boston College. Ar stair an naoú céad déag agus an fichiú aois in Éirinn a bhíonn a cuid teagaisc agus a cuid taighde dírithe.

Tá ocht gcinn de leabhair scríofa aici féin chomh maith le bheith ina heagarthóir/comhúdar ar chúig cinn de leabhair agus líon mór alt a fhoilsiú.  Tá fónamh déanta ag Mary freisin taobh amuigh de Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.  Tá sí ina comhalta ar Chomhairle Chomhairleach na Cartlainne Náisiúnta agus ar Choimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann.  Bhí sí ina Rúnaí ar Acadamh Ríoga na hÉireann 2000–2004, agus ina leaschathaoirleach ar Ghrúpa Oibre an Acadaimh maidir leis an Ardoideachas, ar foilsíodh tuarascáil dá chuid i mí Iúil 2005. Sa bhliain 2014, ceapadh an tOllamh  Daly ina hUachtarán ar an Acadamh, an chéad bhean sa phost sin tar éis stair 230 na heagraíochta.

Francis Devine. Grianghraf le caoinchead Francis Devine.

Francis Devine

Teagascóir atá ar scor anois é Francis Devine.  Is údar freisin é agus chaith sé seal ina Uachtarán ar Chumann Stair an Lucht Oibre in Éirinn.  Is é údar an leabhair Organising History: A Centenary of SIPTU (Gill & Macmillan, Baile Átha Cliath, 2009) agus tá sé ar dhuine d’iontaobhaithe leabharlann an Working Class Movement Library i Manchain Shasana. Tá sé ina Chomhalta ar Bhord Feidhmiúcháin Chearchumann Ceoltóirí na hÉireann agus tá bailchríoch á cur aige ar na saothair Cultivating a Trade Union Culture: A History of the Medical Laboratory Scientists’ Association, 1961–2011 agus Communicating the Union: A History of the Communications Workers’ Union, 1904–2012.

Phillip agus Thomas Emmet i mbun turais ar Chaisleán Altidore.

Phillip Emmet

Rinne Phillip Emmet staidéar ag an Royal Agricultural College in Cirencester Shasana.  Ó tháinig seisean i seilbh eastát Chaisleán Altidore sa bhliain 1990, d’athraigh sé an modh feirmeoireachta go saothrú orgánach sa bhliain 1994 agus phlandáil sé trí cinn de choillte crann dúchasach sa bhliain 2005 ar eastát a bhí faoi réimse éagsúil cineálacha crann cheana féin.  Chaith sé seal ar an bpainéal deimhniúcháin ag an Iontaobhas Orgánach.  Tá sé tugtha go mór do chrainn, do chúrsaí caomhnúcháin agus don bheartas timpeallachta.  Bhí baint mhór aige féin agus ag a bhean, Vicky, le tionól mhuintir Emmet sa bhliain 1998, nuair a tháinig suas le ceithre chéad duine den teaghlach le chéile, agus leis an gcomóradh dhá chéad bliain ar Éirí Amach Roibeárd Emmet sa bhliain 2003.  Tá sé ar an mbord faoi láthair ag Tithe Stairiúla na hÉireann agus béim á leagan aige ar iarracht aitheantas an rialtais a ghnóthú don bhithéagsúlacht agus don ról buntábhachtach atá le tithe stairiúla sa phróiseas.

Thomas Emmet

Is céimí staire Thomas Emmet de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, an chéad duine den teaghlach a d’fhreastail an coláiste sin ó caitheadh amach Robert Emmet.  Oibríonn sé faoi láthair le féilte éagsúla, le tithe stairiúla agus leis an bpáirtí Sóisialach Daonlathach maidir leis an gcéad toghchán eile.  Tá sé ar bhord stiúrthóirí Thithe Stairiúla na hÉireann, ina ionadaí ag an nglúin atá le teacht agus tá sé freisin ar Bhord an Chéad Ghlúin Eile ag Tithe Stairiúla na hEorpa le béim ar chúrsaí oideachais maidir le hathrú ar thithe stairiúla.  Tá sé an-tugtha do chúrsaí caomhnúcháin, don athfhiántas agus don chóir shóisialta, agus tá beartaithe aige na réimsí spéise sin a cheangal le Caisleán Altidore Castle nuair a bheidh sé ar an gceathrú glúin le cónaí a dhéanamh ansin.