Cur síos ar mhná Chill Mhantáin
Averil Deverell agus Kate Tyrrell
1921

Mná100 a chruthaigh an t-alt seo i gcomhpháirtíocht le Clár Deich mBliana Chomóradh an Chéid Chomhairle Contae Chill Mhantáin ina ndírítear ar shaol beirt bhan as Contae Chill Mhantáin sa bhliain 1921 – Averil Katherine Statter Deverell (1893-1979) agus Catherine (Kate) Tyrrell Fitzpatrick (1862-1921).

Mhair an bheirt bhan sa chontae céanna le linn na tréimhse céanna. Sa bhliain 1921, bhí saol an-éagsúil acu; ach bhí cosúlachtaí eatarthu mar sin féin. Bhí post ag an mbeirt bhan nár measadh a bheith ina hobair ban go traidisiúnta ag an am sin. Sa lá atá inniu ann, is gnách mná in Éirinn agus thar lear a bheith ag tabhairt faoi ghairmeacha lasmuigh den réimse teaghlaigh. Céad bliain ó shin, áfach, bhí an bheirt bhan seo ar thús cadhnaíochta.

Nuair a fógraíodh teacht chun cinn na mban i measc an lucht dlí, léirigh daoine a bhí i mbun cleachtaidh cheana féin imní go mbeadh mná ‘mar a bheadh rabharta sa ghairm’ nó ‘go dteipfeadh orthu toisc nach raibh na cáilíochtaí riachtanacha acu’, dar le Elizabeth Cruickshank, údar Women in the Law: strategic career management. Luann an tOllamh Colum Kenny Cruickshank ina aiste Changes in Practice and Law, Four Courts Press, 2013. Léiríonn an tOllamh an dul chun cinn a rinne mná le linn tréimhse 100 bliain – ó fhoilsiú an phaimfléid Irishwomen’s Reform League, ‘Women’s Need of Women Lawyers.’ a scríobh ‘a Woman LL.B. of T.C.D.’; nó gur ceapadh ceathrar ban sna poist is sinsearaí i ngairm an dlí in Éirinn: An Príomh-Bhreitheamh Susan Denham (A ceapadh sa bhliain 2011), an tArd-Aighne Máire Whelan SC (A ceapadh sa bhliain 2011), an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí Claire Loftus (A ceapadh sa bhliain 2011) agus an Príomh-Aturnae Stáit Eileen Creedon (A ceapadh sa bhliain 2012).

‘Women’s Need of Women Lawyers’ By a Women LL.B of T.C.D. Irishwomen’s Reform League Pamphlet. Le Caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

I mí Dheireadh Fómhair 2021 bhí 100 bliain ann ó bhásaigh Catherine Fitzpatrick, Uasail, a gcuimhnítear uirthi mar an ‘Mairnéalach Mná’, agus ar léi an bád a sheol sí, an Denbighshire Lass. Is lena hainm roimh phósadh di, Kate Tyrrell, a raibh aithne uirthi ina háit dúchais, An tInbhear Mór, Contae Chill Mhantáin. Tá a scéal ina léiriú ar shaol na mban nár tugadh aitheantas dá gcuid oibre sa saol oifigiúil – níorbh fhéidir í a dheimhniú ina Captaen loinge. Bheadh seachtó is a trí bliana eile i gceist sula gceapfaí na chéad oifigigh mná i Seirbhís Chabhlaigh na hÉireann, Orlaith Farrell, as Baile Átha Cliath agus Roberta O’Brien, as Contae Thiobraid Árann. Tugann Lorna Siggins cuntas san Irish Times ar an méid a bhain siad amach ina halt a foilsíodh i mí na Samhna 2018 faoin gceannteideal: ‘Meet Ireland’s first Master Mariner’, ina dtugann sí achoimre ar ghairm an Chaptaein Sinéad Reen ó Choláiste Náisiúnta Muirí na hÉireann.

Frances ‘Fay’ Christian Kyle

Ba í Frances ‘Fay’ Christian Kyle an chéad bhean a glaodh chun an Bharra in Éirinn an 1 Samhain 1921 –  scoláire tréitheach ab ea í, ar bronnadh Duais Cuimhneacháin John Brooke uirthi i ndiaidh an grád ab airde ar an iomlán a bhaint amach agus ar trí sin a fuair sí áit sa chéim Abhcóide Dlí. Dá bharr sin, ba ise an chéad duine ar ar glaodh ar an lá, mar atá luaite ar a leacht cuimhneacháin.

Frances Kyle Memorial,1921. Le Caoinchead Chumann Onórach Óstaí an Rí

D’fhill sí ar Bhéal Feirste, a háit dúchais, áit ar éirigh sí bheith ar an gcéad Abhcóide mná a glaodh chun an Bharra nua i dTuaisceart Éireann agus ba sa bhliain 1922 a ndeachaigh sí i mbun oibre den chéad uair i gCúirt i mBéal Feirste. Leagann an tOllamh Kenny comhthéacs na tréimhse amach – thionóil na binseoirí cruinniú speisialta chun sraith rún a rith maidir le hiarmhairtí chríochdheighilt na hÉireann agus bhí sé mar aidhm acu ‘mar obair in aisce’ go leanfadh abhcóidí agus breithimh araon, thuaidh agus theas, de pháirt a ghlacadh maidir le hÓstaí an Rí a rialú. 

Ba í Averil Katherine Statter Deverell, a glaodh chun an bharra an lá céanna ar glaodh Frances Kyle, ar an gcéad bhean a chuaigh i mbun cleachtaidh ag Barra na hÉireann. Chuir sí tús lena gairm an tréimhse chéanna a raibh Saorstát Éireann á bhunú agus d’oibrigh sí le linn an chéad chaoga bliain de Dháil Éireann, sula ndeachaigh sí ar scor sa bhliain 1969. Ba ise an chéad bhean a chuaigh  os comhair na Cúirte Uachtaraí agus na Cúirte Achomhairc Choiriúil agus, mar shóisear a chuaigh os comhair na Ríchomhairle sa bhliain 1928, bhí sí i dteideal a mionteagaisc a iompar i mála dearg agus ba ise an chéad bhean Éireannach agus an t-aon bhean Éireannach a bhain an chéimíocht sin amach.

Averil Derverell Memorial, 1921. Le Caoinchead Chumann Onórach Óstaí an Rí.

Bhain na mná Éireannacha seo clú agus cáil amach i stair na hÉireann agus i stair Shasana araon, toisc gur glaodh orthu sular ligeadh bean ar bith isteach i mBarra Shasana. Bhí an saol idirnáisiúnta ag caint faoina scéalta.  Rinne Liz Goldthorpe, atá ina breitheamh Binse agus údar, taighde ar an gcéad bhean i ngairm an dlí i Sasana, sa Bhreatain Bheag agus san Impireacht, agus í ag obair in éineacht leis an Dr Judith Bourne, Ceann na Roinne Dlí, Coireolaíochta agus Polaitíochta, St Mary’s University, Twickenham. Aithníonn sí cuidiú ó Ivana Bacik TD, a roinn go flaithiúil taighde ar thug sí faoi i dtús na 2000í.

Chinntigh Liz Goldthorpe go mbeadh saol Averil Deverell ina ghné de dhíospóireacht ar bith maidir leis na chéad abhcóidí mná agus labhair sí ag comhdhálacha le roinnt blianta anuas, ina measc sin ceann a tionóladh sa Jubilee Room i bPálás Westminster in 2018 agus ceann eile in Middle Temple Hall in 2020. Éist anseo le cuid de shraith léachtaí maidir le Mná Ceannródaíocha sa Dlí ar láithreán gréasáin The Inner Temple.

Chun aitheantas a thabhairt dá gcuid éachtaí, mar chuid de Chlár Deich mBliana Chomóradh an Chéid, rinne Oifig Ealaíon Chomhairle Chontae Chill Mhantáin aird an phobail i gcoitinne a dhíriú ar na mná seo trí bhíthin cainteanna, saothar ealaíne, seónna soilse, agus póstaeir, agus tríd an ábhar seo a dhéanamh do Mná100.ie. San alt seo, caithfimid súil ar thaifid agus ar earraí ar leis na mná iad agus a caomhnaíodh i mbailiúcháin phoiblí do na glúnta atá le teacht. Cad a tháinig slán agus cad atá caillte? Cad a chuirtear in iúl dúinn sna doiciméid? Conas a dhéanann Staraithe agus Beathaisnéisithe a gcuid oibre chun na bearnaí eolais a líonadh? Cén fáth a gcoinnítear roinnt daoine i gcuimhne agus a ligtear daoine eile i ndearmad?

Déanaimid comóradh ar na daoine a théann i mbun oibre chun an cuimhne sin a chaomhnú do na glúnta atá le teacht: údair, beathaisnéisithe agus staraithe (focal a d’éirigh coitianta i gcultúr na ndaoine is ea Herstorians. Ní thagann an focal historian, ó ‘his story’ ach ón bhfocal historia arb é is brí leis eolas a fháil trí iniúchadh a dhéanamh).

Tá obair le déanamh ag staraithe ach ní bheadh an obair sin indéanta ach amháin trí ábhar bheith á chaomhnú ag daoine aonair agus tríd an obair a dhéanann leabharlannaithe, cartlannaithe agus coimeádaithe iarsmalainne, agus iad sin a dhéanann na déantáin stairiúla seo a roghnú, a dhigitiú a chaomhnú agus a chosaint. Tús na hoibre is ea an t-ábhar a choinneáil, agus céad bliain ina dhiaidh sin, faighimid amach faoina scéalta trí na giotaí atá tagtha slán.

San alt seo, dírímid ár n-aird ar chartlann Averil Katherine Statter Deverell atá le fáil i gcartlann Óstaí an Rí, Baile Átha Cliath sa lá atá inniu ann agus déantáin a bhaineann le saol Kate Tyrrell atá ina gcuid de bhailiúchán Iarsmalann Mhuirí an Inbhir Mhóir.

Ba é Ellesmere, Bóthar na hEaglaise, na Clocha Liatha, a bhí mar bhaile ag Averil Deverell ó bhí sí óg sna 1910í go dtí na 1970í. Bhí go leor athruithe feicthe aici le linn a saoil – I dtús báire, is sráidbhaile beag cois cósta a bhí sna Clocha Liatha, a ndeachaigh slua cuairteoirí ann gach samhraidh agus ina raibh daonra seasta d’iascairí, siopadóirí, fir ghairmiúla agus a dteaghlach, státseirbhísigh choilíneachta ar scor, fir mhíleata agus cléir. I gcaitheamh na mblianta, tháinig méadú air agus d’éirigh sé níos uirbí, níos éagsúla agus bhí ceangal níos láidre idir é agus na phríomhchathair, Baile Átha Cliath, díreach lastall de theorainn an chontae. Bhí sí ina ball d’Eaglais na hÉireann, agus bhí a saol sna Clocha Liatha bunaithe ar a teaghlach, cairde agus an eaglais. Idir a hóige agus seanaois, tháinig athrú ar a pobal de réir mar a tháinig athrú ar an tír féin le linn na mblianta sin. Bhí a hathair ina Chléireach Coróineach agus Síochána do Chill Mhantáin. Bhí sé ina Aontachtach, de réir mar a bhí an chuid ba mhó de ghrúpa cairde mhuintir Deverell. Cuireadh síos ar William Deverell in The Weekly Irish Times a bheith ina oibrí iomráiteach don chúis Aontachtach. Tharraing Rosemary Raughter, Staraí Áitiúil agus ball de chuid Chumann Seandálaíochta agus Staire na gCloch Liath, aird ar an traidisiún láidir dílseach i gContae Chill Mhantáin, a bhí le feiceáil go mór sna Clocha Liatha, agus mná mar aon le fir ag glacadh páirt i gCumainn agus gníomhaíochtaí Aontachtacha. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le ceangail aontachtacha i gCill Mhantáin agus sna Clocha Liatha, féach an t-alt le Rosemary Raughter:‘Home Rule is throwing many a shadow just now’: ‘Wicklow women, Unionism and the Women’s Declaration of 1912.’ Irisleabhar Chumann Staire Iarthar Chill Mhantáin, Uimh. 11, 2021.

“However, while Averil was of this background and indeed would be one of those Presented at a Court in Dublin Castle during the visit of King George and Queen Mary in 1911, her early involvement in suffragism, her university education and war work, as well as her subsequent legal career would have brought her into contact and co-operation with those political opinions diverged sharply from those of her parents’ generation.”

Rosemary Raughter

Ní raibh tábhacht staraithe áitiúla chomh soiléir riamh ná mar atá le linn Dheich mBliana Chomóradh an Chéid seo. Nuair a tháinig Liz Goldthorpe, Breitheamh Binse ar Scor a bhí ag obair ar leabhar faoi na chéad mhná i ngairm an dlí, chuig na Clocha Liatha, bhí teacht aici ar líonra daoine eolacha agus nasctha san áit, Rosemary Raughter agus Colin Love ina measc. Luann sí an dara duine acu as ucht í a chur in aithne d’úinéir reatha Ellesmere, a raibh a fhios ag a athair go raibh na húinéirí roimhe sin, Osborne ‘Ozzy’ agus Betty Spurling, ina gcaomhnóirí le 40 bliain anuas ar roinnt earraí pearsanta ar le Averil Deverell iad. Cheannaigh siad teach Deverell sa bhliain 1975 agus trí sin, d’éirigh leo an chartlann a fháil mar chuid d’inneachar an tí.

Sa bhliain 2017, fuarthas áit bhuan don ábhar seo in Óstaí an Rí. Is é an tOllamh Colum Kenny, atá ina bhinseoir oinigh de chuid Óstaí an Rí, agus Leabharlannaí Óstaí an Rí, Renate Ní Uigin, a rinne aistriú casta an ábhair chuig Óstaí an Rí a bhainistiú.

Caomhnaítear na hearraí seo san áit a ndeachaigh Averil Deverell isteach mar mhac léinn i mí Eanáir 1920 , agus éacht stairiúil á dhéanamh aici mar dhuine de na chéad mhná, nuair a chuaigh sí isteach i ndiaidh cheadú an Sex Disqualification (Removal) Act, 1919.

Sex Disqualification (Removal) Act, 1919. Le Caoinchead Chumann Onórach Óstaí an Rí.

I measc earraí eile a bhí i Leabharlann Óstaí an Rí cheana féin, bhí iontráil Averil Deverell i Minute Book of the Council, 1917-1918, a scrúdaigh an tOllamh Kenny, (le linn a chuid oibre féin maidir le hoidhreacht ban ceannródaíoch i ngairm an dlí in Éirinn) agus a léiríonn gur ceadaíodh isteach í mar mhac léinn ar an 8 Eanáir 1920, a bhí cúpla lá roimh Kyle, mar a tharlaíonn sé, cé gur íocadh iad araon ar an gcéad lá, an 11 Feabhra 1920. Chomh maith leis sin, d’aimsigh an tOllamh Kenny iatán suimiúil sa mheabhrúchán iontrála, ina luaitear gur ceadaíodh Averil isteach mar mhac léinn i dtéarma na féile Michíl 1919. Tuairiscíodh san Evening Telegraph an 22 Eanáir 1920 gur ciorraíodh tréimhse cáilíochta na beirte ban toisc gur bhain siad céim LLB amach in Ollscoil Chathair Bhaile Átha. Tugadh díolúine do Averil Deverell agus Frances Kyle araon ó chuid de na commons (dinnéir) a leagadh síos faoi rialacha Óstaí an Rí, do Kyle mar aitheantas ar Scoláireacht John Brooke bheith bronnta uirthi, agus do Deverell mar chúiteamh ar a seirbhís chogaidh. Mar gheall air sin, cuireadh dlús lena mbealach le bheith ar na chéad Abhcóidí Mná a glaodh chun an Bharra in Éirinn roimh dhlínsí eile. Chuaigh Averil Deverell isteach i Leabharlann an Dlí i mBaile Átha Cliath díreach ag an tráth céanna a d’fhill Frances Kyle ar a háit dúchais, Béal Feirste. D’éirigh Frances as cleachtas ag tráth réasúnta gairid ina dhiaidh sin.

Tá cartlann Averil Katherine Statter Deverell comhdhéanta de leabhair, leabhar gearrthóg, leabhar sínithe, seodra, roinnt earraí fóillíochta ar nós cártaí imeartha maisithe a bhfuil ciumhais órga orthu, mar aon le comhfhreagras, portráidí agus priontaí. Tá na déantáin faoi choinneáil shábháilte i gcartlann Óstaí an Rí sa lá atá inniu ann. Machnaíonn an leabharlannaí Renate Ní Uigin ar an tábhacht a bhaineann leis an mbailiúchán seo

King’s Inn were delighted to incorporate the Averil Deverell material into our existing archive. We were always aware of the landmark event of the call to the Bar of the first two women, but the additional materials presented an opportunity to learn more about Averil, various aspects of her life and life in the early Twentieth Century. Two key items that stand out are her scrapbook, and the Brief for her appearance before the Privy Council, giving completely different, but equally significant, glimpses of her personal and professional life.

Renate Ní Uigin

Léaráid de Frances Kyle agus Averil Deverell le Lauren O’Neill. Arna coimisiúnú faoi Chlár Deich mBliana Chomóradh an Chéid Chomhairle Chontae Chill Mhantáin 2021.

Cad a léirítear dúinn sa chartlann?

1911

Dráma taispeántas amháin, ‘How the vote was won’

D’fhreastail Averil Deverell ar an Scoil Fhrancach i pPlás Shuí Mhantáin, Bré i dtús na 1900í. Ba ansin a ndeachaigh sí ar stáitse in go leor léiriúcháin drámaíochta sa scoil. Ina leabhar gearrthóg ina gclúdaítear an tréimhse 1911-1916, tá cártaí damhsa, ticéid, agus biachláir – tacar iomlán ábhair atá mar thaifead ar a saol atá fós á scrúdú.

One-Act, Suffrage Play “How the Vote was Won”. An 7 Eanáir, 1911. Le Caoinchead Chumann Onórach Óstaí an Rís.

Bhí ceann de na hearraí an-choscrach ag tréimhse cuimhneacháin 2018 nuair a comóradh cearta vótála a thabhairt isteach do mhná mar aon lena gceart seasamh i dtoghcháin pharlaiminte: Cuireadh ‘How the vote was won’ ar taispeáint in Óstaí an Rí. Ar script lámhdhéanta den choiméide a bhí ann a bhí bunaithe ar an gcoincheap maidir le hollstailc iomlán na mban, a scríobh Cicely Hamilton a chóirigh sí in éineacht le Christopher St John. Cuireadh é ar stáitse den chéad uair i Londain sa bhliain 1909, chuaigh sé ar camchuairt i bhfad agus i ngearr agus cuireadh é ar stáitse i mBaile Átha Cliath an bhliain dár gcionn. Bhí sé seo beartaithe bheith ina thaibhiú parlúis agus i gCill Mhantáin, bhí Averil Deverell ar dhuine de na haisteoirí a thug ordú dá comhaisteoirí agus cairde óga suaitheantais Conradh Cearta Vótála Aisteoirí Mná a chaitheamh. (Buíochas le Liz Goldthorpe as an bhfaisnéis seo). Tá ciall na ndathanna tábhachtach:  tá an ribín cearta vótála corcra, uaine agus bán (nach iad na dathanna cearta vótála in Éirinn a scaip Conradh Cearta Vótála Mná na hÉireann Hanna Sheehy Skeffington, ach dathanna an Aontais Polaitíochta um Chearta Vótála na mBan a bhunaigh muintir Pankhurst).

Rinne Liz Goldthorpe amach gur dócha gur cuireadh an drámaíocht ar stáitse i dteach mhuintir West. Tugann an staraí Rosemary Raughter tuilleadh comhthéacs ina leith sin. Mar chuid dá taighde ar mhná sa ghluaiseacht chearta vótála i gContae Chill Mhantáin, tá tuairiscí faighte aici maidir le cruinnithe bheith á dtionóil ag Caroline West, (ba é a fear céile an Dublin Jeweller iomráiteach) ina teach, Mount Offaly, ar Bhóthar Choillín na Carraige. I measc na gcainteoirí ar ócáid amháin bhí Louie Bennett, ceannasaí Pháirtí an Lucht Oibre, agus sufragóir Meiriceánach a bhí ar cuairt. Chomh maith leis sin, bhí Mrs. West  ina hóstach don údar agus sufragóir Laurence Housman, nuair a thug sé cuairt ar na Clocha Liatha le linn a chamchuairt ar Éirinn sa bhliain 1912 – rinne cara de chuid Averil Deverell ceann de dhánta de chuid Housman ar son chearta vótála na mban, a bhí ina scigaithris ar an dán ‘If’ le Kipling, a thras-scríobh ina leabhar sínithe.

Bhí cóisirí leadóige ina mbealach eile chun airgead a thiomsú agus i mí an Mheithimh 1914 d’óstáil máthair Averil, Ada Kate Statter Deverell, comórtas leadóige in Ellesmere chun airgead a bhailiú don chúis chearta vótála. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis an ngluaiseacht chearta vótála sna Clocha Liatha agus in aice láimhe i mBré féach an t-alt le Rosemary Raughter ‘Preaching the suffrage gospel in County Wicklow: a Local perspective on the women’s suffrage campaign, 1908-1918. Irisleabhar Chumann Staire Iarthar Chill Mhantáin, Uimh. 10, 2019, lgh47-71.

1911

Grianghraf Foirmiúil Averil Katherine Statter Deverell

I measc na ngrianghraf i mBailiúchán Averil Deverell, tá ceann di a thóg Lafayette. Agus í ocht mbliana déag d’aois, bhí sí ar dhuine de na deibiútant a cuireadh in aithne don Rí Seoirse V agus an Bhanríon Máire i Seomra an Ríchathaoireach i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Tharla cur in aithne an deibiútant i Seomra an Ríchathaoireach agus i Halla Naomh Pádraig, Caisleán Bhaile Átha Cliath. Bhí gúna foirmeálta mar chuid dá cur in aithne, a cuireadh síos mar ‘full dress’. Chomhlíon sí an riachtanas bheith gléasta i mbán agus le scofall, le lámhainní fada agus trí chleite bán ostraise ina gruaig. Chomh maith leis sin, tá an cárta cuiridh chun na Cúirte i gCaisleán Bhaile Átha Cliath Dé Máirt an 11 Iúil 1911, ag 9.30pm sa chartlann. Léirithe anseo. Bhí sé ar an gcur in aithne deiridh a tharla in Éirinn.

Grianghraf Foirmiúil de Chur in Aithne Cúirte, Caisleán Bhaile Átha Cliath, An 11 Iúil 1911. Le Caoinchead Chumann Onórach Óstaí an Rí.

D’fhreastail Averil Deverell ar an ollscoil díreach os cionn deich mbliana i ndiaidh don chéad bhean bheith ceadaithe isteach i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ar théarmaí cothroma. D’fhreastail sí féin agus a leathchúpla dearthár William Berenger Statter Deverell in éineacht agus bhain siad a gcéimeanna dlí amach sa bhliain 1915. Sé bliana ina dhiaidh sin, glaodh iad chun an Bharra in Éirinn ar an lá céanna.

Le linn na tréimhse céanna a raibh Averil Deverell ag freastal ar Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, bhí an Chéad Chogadh Domhanda (1914-1918) ar siúl. D’éirigh Averil Deverell ina Siúr Bhanaltrais den Díorma un Chúnamh Deonach ag Ospidéal an Díorma um Chúnamh Deonach   Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. D’fhóin sí idir 1915-1917 de réir thaifid Bhriogáid Otharsheirbhíse Naomh Eoin agus Chumann Croise Deirge na Breataine. Chomh maith leis sin, d’fhóin sí sa VAD ina baile dúchais, Na Clocha Liatha. Rinne Averil Deverell seirbhís ghníomhach idir mí Iúil agus mí na Nollag 1918 nuair a thaistil sí chun na Fraince agus Flóndrais, áit a d’fhóin sí ina tiománaí otharchairr. (Ba é a hathair, a bhí ar dhuine de na chéad fir sna Clocha Liatha a raibh carr aige, a mhúin tiomáint di.) D’fhóin sí in ospidéal in Villeneuve-sur-Lot agus í ag obair le Cros Dhearg na Fraince. Tá an pas a tugadh di sa bhliain 1918 i measc na ndéantán atá in Óstaí an Rí sa lá atá inniu ann. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir lena seirbhís sa Chéad Chogadh Domhanda agus a Cur in Aithne i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, féach an t-alt le Liz Goldthorpe ar láithreán gréasáin Chaisleán Bhaile Átha Cliath. Is féidir a pas Míleata, mar aon le grianghraf di a chuir an Oifig Gnóthaí Eachtracha stampa air an 30 Iúil 1918, a fheiceáil anseo.

Bhí Averil Deverell sa Fhrainc nuair a tháinig an cogadh chun deiridh. Laistigh de roinnt blianta, ní hamháin go mbeadh sí mar chuid den stair, ach bheadh sí ag cruthú na staire freisin. Deirtear gurbh é a hathair a spreag í chun staidéar a dhéanamh ar an dlí, agus sa bhliain 1919 ritheadh reachtaíocht le go mbeadh sí in ann cleachtadh. Bhí dlíodóirí ar thaobh a máthar freisin. Bhí a máthair, Ada Kate Statter Deverell, ar an aon iníon ag Aturnae as Londain, a ndearna a theaghlach a shaibhreas sa Rúis. D’éirigh Naomi Constance Wallace, col ceathrar le Averil, ar dhuine de na chéad mhná ag Barra Shasana.

A.K.S. Deverell, Abhcóide Dlí

Bhí A.K.S. Deverell, Abhcóide Dlí, ar an gcéad bhean, agus ar feadh ocht mí dhéag, ar an aon bhean amháin sa Leabharlann Dlí. Bhí sí ar an gcéad bhean in Éirinn a scríobh tuarascáil dlí. Bhí tionchar ag imeachtaí 1922 ar a saol gairmiúil, nuair a forghabhadh na Ceithre Chúirteanna agus nuair a rinneadh damáiste dóibh le linn an chéad chomhraic de Chogadh Cathartha na hÉireann, go gairid i ndiaidh di dul os comhair na cúirte den chéad uair. Aistríodh an Leabharlann Dlí chuig Caisleán Bhaile Átha Cliath, áit ar úsáideadh Halla Naomh Pádraig mar an Leabharlann Dlí ón mbliain 1923 go dtí 1931. Mar a léirítear anseo.

Le linn shaol gairmiúil Averil Deverell, a mhair daichead bliain ó na 1920í go dtí na 1960í, d’oibrigh sí le linn na chéadbhlianta den Stát nuair a cuireadh srianta i bhfeidhm ar dhul chun cinn na mban agus cuireadh teorainn trí reachtaíocht le rannpháirtíocht na mban sa saol poiblí, lena n-áirítear cosc a chur le mná bheith ar ghiúiréithe. Chun comhthéacs a fháil, féach 100 Year Journey. Trí thaighde a rinne Liz Goldthorpe, nochtadh rannpháirtíocht Averil Deverell i gCumann Gailf an Bharra, agus a díbharrú ina dhiaidh sin nuair a athraíodh na rialacha ballraíochta go tobann:  (Lean Averil ag imirt ina ainneoin sin). Sa bhliain 1927, vótáil an cumann ballraíocht a theorannú d’fhir na mbreithiúna agus an Bharra. Bhí sé sin fós i bhfeidhm nuair a chuaigh Averil Deverell ar scor sa bhliain 1969. Níor cuireadh ar ceal é go dtí cruinniú cinn bhliana in 1975. B’shin an bhliain a d’fhág Averil Ellesmere don uair dheiridh mar gheall ar chúiseanna sláinte.

Lean Averil Katherine Statter Deverell de thacaíocht a thabhairt dá halma mater, do bhanchéimithe, agus do mhná sa dlí le linn a saoil. Nuair a fuair sí bás in 1979, d’fhág sí tiomnacht ina huacht chun post léachtóra a bhunú sa Scoil Dlí, ar post é a bhí ag  Iarbhreitheamh na Cúirte Uachtaraí an tOnórach Fidelma Macken SC. Chun cuntas níos iomláine ar a saol a fháil, féach: Liz Goldthorpe A Quiet Woman?’ in Irisleabhar Seandálaíochta agus Staire na gCloch Liath, Imleabhar 9, 2018-2019. Is féidir leat breathnú air anseo.

Tá sé bunriachtanach chun scéalta na mban atá á dtaifeadadh agus á n-athinsint do na glúnta atá le teacht cuimhne a chaomhnú agus cartlanna a chaomhnú. Chinntigh garpháistí Kate go gcaomhnófaí earraí a bhaineann leis an saol agus leis an  Denbighshire Lass in Iarsmalann Muirí an Inbhir Mhóir.

Catherine (Kate) Tyrrell Fitzpatrick

(18 Meitheamh 1862-4 Deireadh Fómhair 1921)

George Victor Du Noyer, ‘Arklow, April 22. 1862‘, i_00605001. Íomhá le Cumann Ríoga Ársaíochta na hÉireann.

Cad a léirítear dúinn fúithi sna Doiciméid Oifigiúla?

Léirítear dúinn sna doiciméid oifigiúla faoi bhás Kate Tyrrell: cuirtear í sa taifead mar Catherine Fitzpatrick, bean chéile Mháistir-Mhairnéalaigh, agus go bhfuair sí bás de bharr eitinne scamhóige an 3 Deireadh Fómhair 1921 i dteach ar stráice den tSráid Mhór Íochtarach, An tInbhear Mór. Tugadh Cnoc na Rí air go háitiúil. Luaitear ina deimhniú báis go raibh sí tinn ar feadh sé mhí sula bhfuair sí bás. Is é a mac James, a bhí 21 bliain d’aois ag an am, a chláraigh an bás.-

Clárú báis Kate Tyrrell (Catherine Fitzpatrick), 1921. Le Caoinchead IrishGeneology.ie

Is í a hiníon Elizabeth ‘Lillie’, nach raibh ach sé bliana déag d’aois nuair a fuair a máthair bás, a chuir a leac uaighe in airde i Reilig Naomh Gaibriéil, An tInbhear Mór ina dhiaidh sin. Fuair a mac, James Edward bás sa bhliain 1947, agus cuireadh ansin é freisin. D’fhág sé baintreach, Ellen agus ceathrar páistí, Michael, John, Charlie agus Kathleen, ar a dtugtar Mrs MacBride.

D’fhan Lillie, ar tugadh Mrs Mahon uirthi, san Inbhear Mór. Choinnigh sí cuimhne a ‘máthar dhil’ beo. Ní hamháin trí leac cuimhneacháin a chur in airde, ach trí scéalta, déantáin, agus doiciméid a chaomhnú, agus spéis ina máthair a spreagadh ina páistí féin, David, Cora (Mrs Redmond), Leila (Mrs Whelan), John agus Angela (Mrs Power). Bé é a mac ab óige, John Mahon, a choinnigh oidhreacht a Sheanmháthar Kate beo i gcónaí trí bheathaisnéis a scríobh fúithi, dar teideal: Kate Tyrrell, ‘Lady Mariner’ The story of the extraordinary woman who sailed the Denbighshire Lass. Is é Basement Press, inphrionta de Attic Press, a d’fhoilsigh an leabhar in 1995 le cúnamh ón gComhairle Ealaíon.-

John Mahon, Cover of ‘Kate Tyrell “Lady Mariner” – The story of the extraordinary women who sailed the Denbighshire Lass’. Basement Press. Le Caoinchead Leabharlann.

Is é 1957 an dáta a chuireann John le spéis bheith aige i stair a cheantair dhúchais. Bhí scéal a sheanmháthar fós i gcuimhne na ndaoine, agus thug daoine aosta cuntais dó faoina saol (lena n-áirítear Bessie Lynch, duine muinteartha). D’inis Bessie scéalta dó faoina seanmháthair agus faoin Inbhear Mór, í ag fás suas san Iascach, faoi mharaithe agus faoi aistir chuig tíortha i bhfad i gcéin. Thaispeáin fear a mhair san Iascach inar cláraíodh a seanmháthair mar Chaptaen an Denbighshire Lass mórleabhar dearg dó (atá scriosta anois)Fuair sé taifid ina dhiaidh sin inar deimhníodh a sheanmháthair mar úinéir bainistíochta, sa Chlár Ginearálta agus Oifig Taifead um Loingseoireacht  agus Mhairnéalaigh, Tower Hill, Londain. Sa teach inar chaith sé a óige, san Inbhear Mór, bhí earraí ann – an solas deasbhoird – logaí luais – agus pictiúr a rinne Ruben Chapell (1870-1940), ealaíontóir as an mBreatain a rinne speisialtóireacht i muirdhreacha agus a chuir an Denbighshire Lass ar chanbhás.  

Bronnann John Mahon cóip dá leabhar ar an Uachtarán Mary Robinson, circa 1995. ‘Kate Tyrell “Lady Mariner” – The story of the extraordinary women who sailed the Denbighshire Lass’. Basement Press, inphrionta de Attic Press, 1995. Sa ghrianghraf seo freisin, tá Róisín Conroy, comhbhunaitheoir agus foilsitheoir in The Attic Press. (Tá páipéir de chuid The Attic Press agus dá ról mar ghníomhaí i nGluaiseacht Ban na hÉireann curtha i dtaisce i Leabharlann Boole, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.) Íomhá le Caoinchead John Mahon.

Nuair a bhí John ina ghasúr, bhí an long imithe le fada, ach rinne sé taighde ar an méid sonraí a raibh sé in ann a fháil. D’aimsigh sé taifid – bhí meáchan seasca is a haon tonna inti agus bhí deireadh cruinn uirthi. Ba iad James Jones & Co a céad úinéirí, agus cláraíodh í sa chalafort Beaumaris, Inis Món, díreach céad bliain sular músclaíodh a dhúspéis sa scúnar seo agus a naisc le stair a theaghlaigh agus é ina óige. Seoladh í den chéad uair i mí Lúnasa 1857 in Flint, an Bhreatain Bheag ar inbhear Abhainn an Dee. Úsáideadh í chun seoladh leis an gcósta ó Merseyside, in Iarthuaisceart Shasana, sula ndearna a shin-seanathair, Edward Tyrell, Athair Kate, í a cheannach agus a thabhairt ar ais chuig An tInbhear Mór, Contae Chill Mhantáin. Bhí an scúnar 29 bliain d’aois nuair a thug Edward, athair Kate, í chuig An tInbhear Mór sa bhliain 1886, bhí an bád sé bliana níos sine ná Kate í féin, a bhí 23 bliana d’aois ag an am.

San am sin, luadh an sloinne Tyrrell, mar a luaitear é sa lá atá inniu ann, le longa agus le tionscal na longthógála san Inbhear Mór. Meastar go bhfuil suas le 10 gcraobh éagsúil den sloinne seo san Inbhear Mór sa lá atá inniu ann. Thóg John Tyrell & Sons an chéad bhád iascaigh ina raibh inneall in Éirinn agus an Bhreatain Mhór sa bliain 1907/8. Sna 1930í, bhuaigh The Aideen ar le Tyrell í, an chéad áit i rás aigéin idir Éire agus Albain. Sa lá atá inniu ann, rinne Institiúid na mBróicéirí Long cur síos ar  Shiela M. Tyrrell ó Arklow Shipping Ltd mar ‘arguably one of the most important people in the history of the mercantile marine in Ireland.’

Catherine (Kate) Tyrrell Fitzpatrick (18 Meitheamh 1862-4 Deireadh Fómhair 1921)

Rugadh Kate Tyrrell sa bhliain 1862 san Inbhear Mór ar chósta Chontae Chill Mhantáin. Rugadh í i limistéar sa bhaile ar tugadh an tIascach air. Measadh daoine a mhair san áit sin bheith ina ‘gcine ar leith’ agus luadh an tIascach bheith mar bhaile laistigh de bhaile, dar leis an údar bisiúil Jim Rees, a n-áirítear lena chuid leabhar Arklow: The Story of the Town (Dee-Jay Publications, 2004), agus The Fishery of Arklow 1800-1950 (Four Courts Press, 2008), atá bunaithe ar a Chéim Mháistreachta sa Stair Áitiúil, Ollscoil Mhá Nuad.

George Victor Du Noyer, ‘The Fishery, Arklow, August 1861‘ i_00604802. Íomhá le Cumann Ríoga Ársaíochta na hÉireann.

Bhí a máthair Elizabeth ‘Eliza’ Kearon (a tugadh mar Kearns freisin) ina duine de bhunadh na háite san Inbhear Mór. Rugadh í sa bhaile sa bhliain 1838. Ag an am sin, bhí an tInbhear Mór roinnte ina bhaile uachtarach agus íochtarach. Measadh go raibh beagán níos mó ná 6,000 duine ag cur fúthu ann, agus ar liostáladh 1,926 díobh sin bheith ag cur fúthu san Iascach. Bhí 702 teach ann a raibh ceann tuí orthu. Bhí 200 bád ann a úsáideadh chun iascaireacht a dhéanamh agus oisrí a dhreideáil, dar le Samuel’s Lewis, A Topographical Dictionary of Ireland, 1837.

Bhí Edward Tyrrell cúig bliana níos sine ná a bhean chéile. Nuair a bhí siad ina bpáistí, mhair siad tríd an nGorta Mór idir na blianta 1847-1851 (ar smol a bhí i gceist a scrios an barr prátaí, príomhbhia na mbochtán, agus a bhí ina chúis le thart ar 2 mhilliún duine bheith ag fáil bháis nó ag dul ar imirce). Mar phobal iascaireachta, bhí daoine san Inbhear Mór níos ámharaí ná daoine i réigiúin eile in Éirinn. 

Trí éadaí is féidir a fheiceáil in Iarsmalann Mhuirí an Inbhir Mhóir, insítear an scéal maidir le traidisiún fada loingseoireachta san Inbhir Mór. Tá geansaí a chaith mairnéalaigh an Inbhir Mhóir, ar tugadh  ‘gansey’ air, an chosúil le focal Lochlainnise do gheansaí. Cniotáladh an ball éadaigh seo ar shnáthaid amháin, agus bhí cáilíochtaí uisce-éarthacha ann. Bhí patrúin ar leith ag baint leis na geansaithe seo (agus gan amhras, bhain greamanna áirithe le teaghlaigh aonair ar leith). Dá bharr sin, dá dtitfeadh fear as an gceantar san fharraige, fiú i dtír i bhfad i gcéin, d’fhéadfaí a aithint gurbh as an Inbhear Mór dó. Tá samplaí ar taispeáint in Iarsmalann Mhuirí an Inbhir Mhóir.

Tionscal eile a bhain leis an Inbhear Mór ó thús na 1800í, agus inar fostaíodh mná agus páistí, ab ea líonta a dhéanamh. Bhí sé seo ina fhoinse bhreise ioncaim ag teaghlaigh san Inbhear Mór. Leanadh den oilteacht áitiúil seo, ar scála i bhfad níos mó, san 20ú haois. Mar a scríobh Jim Rees: ‘The success of a maritime community depends as much on the physical and intellectual strength of its women as it does on the skills and courage of its men.’ Ba mhinic a fágadh mná an Inbhir Mhóir ina n-aonar ar feadh míonna nuair a bhí a fir i mbun iascaireachta do ronnaigh amach ó chósta Iarthar Chorcaí nó do scadáin i Muir Éireann. Uaireanta, bhíodh na fir imithe ar feadh blianta nuair a chuaigh siad ar aistir san fharraige mhór.

George Victor Du Noyer, ‘The Launch – Arklow Creek, 22 June 1861. Sea fog drifting in from the SE‘. i_00604101v. Íomhá le Cumann Ríoga Ársaíochta na hÉireann.

Bhí ceathrar iníonacha ag Edward agus Eliza Tyrrell. Iníon ab ea an páiste ba shine, ar tugadh Ellen uirthi, agus a rugadh sa bhliain 1861. Rugadh Kate an bhliain ina dhiaidh sin. Dhá bhliain ina dhiaidh sin arís, rugadh cailín eile, ar tugadh Lucy uirthi, agus sa bhliain 1867, rugadh an ceathrú cailín, Alice (ar tugadh Alecia uirthi freisin). Tháinig an ceathrar cailíní Tyrrell ar fad slán as naíonacht agus luath-óige, rud a bhí neamhghnách, toisc go bhfuair an oiread sin leanaí bás le linn na chéadbhlianta. Eachtraíodh i scéalta an teaghlaigh go raibh Eliza Tyrrell dian agus go ndearna sí cinnte de go raibh Ellen, Kate, Lucy, agus Alice glan agus gléasta go néata don scoil. Cuimhnítear freisin go raibh dlúthchaidreamh ag Ellen lena máthair, agus go raibh sí ‘suaimhneach agus réchúiseach’ cé gur dúradh faoi Kate i scéalta an teaghlaigh go raibh ‘pearsantacht theasaí’ aici agus gur chaith sí a cuid ama lena h-athair ó bhí sí an-óg.

Ó bhí sí cúig bliana déag d’aois, chuaigh Kate in éineacht lena hathair agus leis na Brennans ar thurais chuig calafort sa Bhreatain Bheag, Connahs Quay, Flintshire, laistigh den cheirtleán uirbeach Deeside ar feadh Abhainn an Dee. I measc na gcúram a bhí uirthi ar bord, bhí uirthi an cúrsa a leagan amach, eolas an bhealaigh a dhéanamh, cuidiú a thabhairt le rigín, seolta agus stiúradh, dar lena hiníon garpháiste Paula Redmond in ‘Mariner Kate Tyrrell’, a bhí in Ireland’s Own. Bhí an teaghlach ina gcónaí i gcuid den bhaile, an tSráid Mhór Íochtarach, ar a dtugtaí Cnoc an Rí.

Luacháil agus léaráid den tSráid Mhór Íochtarach, An tInbhear Mór, Contae Chill Mhantáin, maoin de chuid Lord Carysfort, 1877, Pg 127. Le Caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Bhí na 1880í ina tréimhse dheacair do mhuintir Tyrrell. Bhí na longa gaile, faoi lár na 1880í, ag tógáil gnó ó na hárthaigh níos lú ach bhí gnó sách maith ann chun obair a chur ar fáil do shoithigh níos lú. Ba é an príomhúdar imní ag Edward Tyrrell agus a theaghlach ná go raibh Alice breoite. Fuair sí bás ina ceathrú haois déag. Cuimhníonn an teaghlach go minic ar a chróga a bhí sí agus í ina ursain an bháis. Ina bheathaisnéis faoi Kate Tyrrell, scríobhann John Mahon go raibh Alice ‘an-chosúil le Kate’. Chuaigh breoiteacht agus bás a deirféar ‘i gcion go mór ar Kate.’ Luann sé go raibh ‘creideamh láidir aici, ach gur buaileadh buille trom uirthi féachaint ar a deirfiúr ag streachailt dá saol ach é a chailleadh sa deireadh.’ Dúirt an dochtúir go raibh fiabhras uirthi agus go ndearna sé gach rud a raibh sé in ann a dhéanamh. Bhí an oiread sin galair le linn na tréimhse sin nach raibh leigheasanna ann chun cóireáil a chur orthu. Luaigh an dochtúir sa deimhniú báis go raibh at neamhghnách ag Alice ach nach raibh eolas ar chúis dhíreach a báis. Ba faoi chúram brónach a máthar, a bhí i láthair nuair a fuair sí bás, an bás a chlárú roinnt seachtainí ina dhiaidh sin.

Clárú báis Alice Tyrrell, 1882. Le Caoinchead IrishGeneology.ie

Dúirt an teaghlach nár tháinig Eliza Tyrrell chuici féin i ndiaidh bhás a hiníne agus gur chuir Edward stop le seoltóireacht ar feadh tréimhse chun bheith in éineacht léi. Ba é John Fitzpatrick a thóg a áit ar na haistir – tugadh Parks air – mar gheall ar a phearsantacht réchúiseach, agus ba as Loch Garman dó. Is é fírinne an scéil go raibh ailse ar Eliza Tyrrell agus fuair sí bás roimh dheireadh na bliana i dteach mhuintir Tyrrell an 10 Nollaig 1882. Bhí sí 44 bliana d’aois de réir na dtaifead oifigiúil. Bhí Kate i láthair nuair a fuair sí bás agus ba ise a thug tuairisc ina leith do na húdaráis.

Clárú báis Elizabeth Tyrrell, 1882. Le Caoinchead IrishGeneology.ie

Ghlac Kate ceannas ar dhualgais a máthar ag ullmhú an páipéarachas ar fad dá hathair. Mar a scríobh a hiníon garpháiste Paula Redmond ina halt ‘Marnier Kate Tyrrell’, rinne sí staidéar ar leabharchoimeád le linn a oideachais fhoirmiúil. Mar atá luaite ag Jim Rees, bhí rátaí litearthachta na mban san Iascach níos airde ná an meán. Bhí seachtó is a naoi faoin gcéad de mhná in ann léamh agus scríobh. Bunaíodh Scoil Naomh Mhuire, a bhí á reáchtáil ag Siúracha na Trócaire, sa bhaile sna 1870í, agus ní raibh sé i bhfad scoil do chailíní amháin a bhunú. Tá torthaí maithe a gcuid oibre i gcás cailíní san Iascach le feiceáil i dtuairiscí litearthachta dhaonáireamh 1901.

Bhí athair Kate ina Mháistir-Mhairnéalach faoin tráth seo. Chuaigh sé ar thurais chuig Connah’s Quay, Garston nó Learpholl, ag filleadh ar ais le lastas a díluchtaíodh i mBaile Átha Cliath, Port Láirge agus Baile na Cúirte i gContae Loch Garman. Sa bhliain 1885, chuaigh Kate go dtí Connah’s Quay nuair a cheannaigh a hathair an Denbighshire Lass. Sheol siad go Baile Átha Cliath, chláraigh siad an bád, bhailigh siad leacáin agus d’fhill siad ar an Inbhear Mór. Le linn na bliana dár gcionn, bhí Kate ar bord ar aistir chuig Abhantrach Cumberland agus Cainéal Bhriostó.

Robert French, ‘General View, Arklow, Co. Wicklow.’ Le Caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. L_ROY_05672.

Ní raibh ach bliain eile caite nuair a fuair a hathair bás, an 9 Iúil 1886 in Garston, Sasana. Tá Garston  ina cheantar onnmhairíochta guail cois abhann i Learpholl, a raibh an-tóir ag árthaigh as an Inbhear Mór air. Tugadh a chorp ar ais chuig an Inbhear Mór ar an Denbighshire Lass. Bhí sé ag iarraidh go mbeadh sciar ag a thrí iníon a bhí fágtha in úinéireacht an Denbighshire Lass, ach ní hamhlaidh a bheadh cúrsaí. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, fuair Lucy, a bhí breoite ar feadh roinnt mhaith ama, bás sa tSráid Mhór Íochtarach. Ní raibh a sláinte go maith aici ar feadh roinnt mhaith ama. Bhí sí i bhfeighil an tí dá deirfiúracha Ellen agus Kate ach ba mhinic í bheith ag coinneáil na leapa le linn na mblianta sin. Fuair sí bás an 17 Samhain 1888. Ní raibh sí ach 20 bliain d’aois. Tuairiscíodh go hoifigiúil go raibh Eitinn (TB) uirthi. Ba í Kate a chláraigh bás a deirféar.

Registry of Lucy Tyrrell’s death, 1888. Le Caoinchead IrishGeneology.ie
Robert French, ‘The Harbour, Arklow’. Le Caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. L_ROY_00417. Tógadh an grianghraf i ndiaidh stoirme, mí Dheireadh Fómhair 1886.

D’fhan Kate agus Ellen in aontíos lena chéile sa tSráid Mhór Íochtarach , go dtí samhradh na bliana 1895 nuair a phós Kate John Fitzpatrick. Bhí John agus Kate ina gcompánaigh dhílse nuair a sheol siad lena chéile ar feadh níos mó ná deich mbliana ar an Denbighshire Lass. I mí Iúil, phós Kate agus John san Inbhear Mór. Bhí Kate 33 bliana d’aois.

Grianghraf portráide ag pósadh Kate Tyrrell agus John Fitzpatrick, i seilbh John Mahon. Léaráid le Lauren O’Neill. Arna choimisiúnú do Chlár Deich mBliana Chomóradh an Chéid Chomhairle Contae Chill Mhantáin 2021.

Blianta gnóthacha a bhí sna blianta 1896 agus 1897 don chúpla agus iad ag obair go crua agus ag tabhairt faoi go leor aistir. Chuir Kate tús le rigí citse a shuiteáil d’fhonn an Denbighshire Lass a bheith níos sciobtha agus níos fusa a bhainistiú. Faoin tráth sin, bhí an long tríocha is a hocht mbliana d’aois, agus mar gheall ar na deisithe ar cuireadh tús leo, coinníodh an long sa riocht ab fhearr.  Na laethanta sin, sheol siad an scúnar le linn mhíonna an gheimhridh.  Phós Ellen, a bhí 36 bliana d’aois an t-am sin, Joseph Hyland, mairnéalach agus mac iascaire.

Clárú pósta do Ellen Tyrrell agus Joseph Hyland, 1897. Le Caoinchead IrishGeneology.ie

Anois, dar le taighde a rinne John Mahon, bhí a sciar ag Kate den Denbighshire Lass.

Le linn taighde a dhéanamh ar an Inbhear Mór agus an tIascach, d’aimsigh Jim Rees mná eile a raibh ról lárnach acu i ngnó an teaghlaigh, ar nós Mary Murray, Kavanagh roimh phósadh di, a bhí ina scipéir ar bhád iascaireachta an teaghlaigh nuair a bhí a fear céile ar shiúl san fharraige ar árthaigh eile.

Sa bhliain 1901, déantar taifead de Kate agus a fear céile sa daonáireamh, agus is anseo a fheictear an t-aon chomhartha d’imeacht ó ghnás an ama, shínigh Kate Fitzpatrick, 32 bliana d’aois (toisc go raibh sí níos sine ná John, tá seans ann gur athraigh sí a haois) an tuairisceán agus tá sí taifeadta go hoifigiúil mar Cheann an Teaghlaigh, agus Constábla Chonstáblacht Ríoga na hÉireann Edward A Lester ann mar fhinné. Bhí John ina Mháistir-Mhairnéalach anois, agus é 35 bliana d’aois. Bhí páiste amháin ag an gcúpla, James Edward (ar tugadh Sony air sa teaghlach). Bhí banaltra acu a chuir fúithi sa teach, Nannie Fitzwilliam, a bhí 19 mbliana d’aois.

Sa bhliain 1905, thug Kate an dara leanbh aici ar an saol – bhí sí daichead is a dó bliain d’aois agus is beag nach bhfuair sí féin agus a cailín beag bás. Ainmníodh an leanbh i ndiaidh a Seanmháthar, Elizabeth, agus tugadh Lily uirthi freisin. As sin amach, ní bheadh Kate ina bean chomh gníomhach is a bhí inti roimh bhreith Lily.

Le linn bhlianta an Chogaidh Mhóir 1914-1918 (ar a dtugtar an Chéad Chogadh Domhanda sa lá atá inniu ann) d’éirigh coinníollacha níos measa do dhaoine a bhí ag obair i ngnó an ghaltáin fáin. Anois, mar aon leis an gcontúirt a bhain le drochaimsir, mar ba ghnách, bhí orthu dul i ngleic leis an gcontúirt a bhain le U-bháid na Gearmáine, a chuir roinnt scúnar as an Inbhear Mór go tóin poill, de réir mar a thaifeadtar in Iarsmalann Mhuirí an Inbhir Mhóir. Chomh maith leis sin, bhí sé ina tréimhse rachmasach san Inbhear Mór, ina raibh monarcha muinisean ag Kynoch-Arklow Ltd, monarcha a osclaíodh sa bhliain 1895 chun pléascáin a dhéanamh agus a bhí ag déanamh muinisean anois le linn a chogaidh. Fostaíodh na céadta bean shingil sa mhonarcha ach bhí sé luaite i mbeartas an chuideachta go mbeadh orthu fágáil dá bpósfadh siad. Athraíodh an riail seo sa bhliain 1914 ar feadh tréimhse an chogaidh agus spreagadh fostaithe a bhí pósta filleadh ar an monarcha.

Kynoch-Arklow Ltd, Explosives Factory, pamphlet, 1915. Le Caoinchead Jim Rees/Iarsmalann Mhuirí an Inbhir Mhóir.

Lean Kate Tyrrell i mbun an gnó a reáchtáil ach níor chaith sí an méid céanna ama ar muir. Sa bhliain 1916, fuair a deirfiúr Ellen Hyland bás, agus chuaigh sé sin i bhfeidhm go mór ar Kate.  Thug a muintir faoi deara go raibh a sláinte ag meath tuilleadh.  Blianta deacra a bhí ann agus an cogadh domhanda fós ar siúl. Ní raibh trodaíocht ar siúl san Inbhear Mór le linn Éirí Amach na Cásca 1916, ós rud é gur i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, i Loch Garman agus sa Mhí a bhí an chuid ba mó den choimhlint ar siúl. Sna blianta ina dhiaidh sin, tháinig athrú ar dhílseacht pholaitíochta agus sa bhliain 1918, bhí ollbhua ag Sinn Féin, ar scáthgrúpa a bhí ann do dhaoine a bhí ag iarraidh féinrialú in Éirinn.

Sa bhliain 1918, rinne Kate Tyrrell maoirseacht ar athruithe don Denbighshire Lass, ina raibh crann mór agus seol deiridh nua agus iad araon rigeáilte le seolta geaifil agus bumaile, mar atá taifeadta ag John Mahon, agus dá mbarr sin, bhí sé i bhfad níos éasca na seolta a láimhseáil. Le linn na bliana sin, sheol a mac James, a bhí ocht mbliana déag d’aois ag an am, in éineacht lena athair mar mháta. Rinne siad turais rialta ó Phort Láirge go Cardiff. Sheol Lily in éineacht lena hathair agus a deartháir freisin le linn na mblianta sin. Ba mhinic ag Kate na laethanta sin fanacht ar tír toisc go raibh deacrachtaí aici le soghluaiseacht.

An 15 Eanáir 1920, dhearbhaigh Comhairle Ceantair Uirbigh an Inbhir Mhóir ar son Sinn Féin, agus toghadh Maria Curran. Bhí Maria Curran 59 bliana d’aois an t-am sin, an aois chéanna le Kate Tyrrell. Ba iníon í le gabha áitiúil, Matthew Curran, agus d’fhás Maria suas i dteaghlach náisiúnach. Sa bhliain 1914, úsáideadh an bád a bhí aici nuair a tugadh airm i dtír i gcalafort Chill Chomhghaill i gContae Chill Mhantáin chun airm a sholáthar d’Óglaigh na hÉireann. Bhí sí ar dhuine de na chéad comhairleoirí mná in Éirinn agus bhí sí ar an gcéad bhean a rinne cathaoirleacht ar Chomhairle Uirbeach in áit ar bith in Éirinn.  Bhí Maria Curran ina comhalta de chuid Shinn Féin agus Chumann an mBan. Ba é nia léi, Matthew Kavanagh, a bhí ina Cheannfort de Bhriogáid Oirthear Chill Mhantáin d’Óglaigh na hÉireann le linn an fheachtais ar son neamhspleáchas.  An 19 Márta 1920, bhí UDC an Inbhir Mhóir ar cheann de na chéad údaráis áitiúla chun rún a rith inar tugadh aitheantas do Dháil Éireann. … this council hereby acknowledges the authority of Dáil Éireann as the duly elected government of the Irish People … Le linn tréimhse Chogadh na Saoirse, rinne na póilíní ruathar ar chruinnithe na comhairle idir cruinnithe. Tá eolas ann gur cheil Maria leabhar miontuairiscí na comhairle i gcloigtheach sa séipéal a bhí trasna an bhóthair ón teach cúirte inar tionóladh cruinnithe.

Bhí tacaíocht Kate Tyrrell i leith fhéinchinntiúchán na hÉireann aitheanta go fairsing toisc gur chuir sí bratach in airde ar chrann an Denbighshire Lass ar cuireadh síos uirthi mar ‘Bratach Fhíníneach’. (Le linn an 19ú haois, bhí roinnt bratacha ag Bráithreachas Phoblacht na hÉireann, ar tugadh na Fíníní orthu freisin – ba í an bhratach ba choitianta an bhratach uaine ina raibh cruit)Bhí Kate fós beo nuair a bhí Sos Cogaidh sa trodaíocht agus nuair a cuireadh tús le cainteanna le haghaidh síocháin agus socrú le linn shamhradh na bliana 1921.

I bhfómhar na bliana 1921, tháinig meath ar shláinte Kate, agus bhí Eitinn (TB) uirthi. Le linn laethanta tosaigh mhí Dheireadh Fómhair, chuir Lily scéala chuig a hathair agus a deartháir teacht abhaile, agus nuair a tháinig siad, bhí a máthair ag saothrú an bháis. Agus a teaghlach timpeall uirthi anois, fuair sí bás an 4 Deireadh Fómhair 1921.

I ndiaidh a báis, chomhlíon teaghlach Kate Tyrrell ceann dá mianta deiridh. I ndiaidh na hidirbheartaíochta, síníodh na hAirteagail Chomhaontaithe do Chonradh idir An Bhreatain Mhór agus Éire. Cuireadh an Trídhathach a bhí stóráilte ar an mbád in airde ar chrann an Denbighshire Lass. Ba é an chéad uair a cuireadh í in airde ná an t-am a bhí an bád sa duga thuaidh i gcalafort Swansea sa Bhreatain Bheag. An lá a bhí sí ar foluain ar an gcrann, tarraingíodh raic i measc na ndaoine as tíortha éagsúla sa chalafort, – go deimhin, shíl grúpa Iodálach gurbh í a mbratach féin a bhí inti. Creidtear gurb é an chéad scúnar a chuir Bratach na hÉireann in airde i gcalafort sa Bhreatain.

Scríobhadh an t-alt seo le cúnamh ó –

  • Deirdre Burns (Oifigeach Oidhreachta i gComhairle Chontae Chill Mhantáin),
  • Sarah Connaghan (ó Chumann Ríoga Ársaíochta na hÉireann),
  • Eileen Fitzgerald (ó Chomhairle Chontae Chill Mhantáin),
  • An Breitheamh Liz Goldthorpe, Liz Kelly (ó Oifig Ealaíon Chill Mhantáin),
  • An tOllamh Colum Kenny (Ollamh Emeritus, B.C.L., Abhcóide Dlí, Ph.D),
  • John Mahon (Beathaisnéisí agus garmhac le Kate Tyrrell),
  • Gerlanda Maniglia (Leabharlannaí um Staidéar Áitiúil i gComhairle Contae Chill Mhantáin),
  • Berni Metcalfe (ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann),
  • Renate Ní Uigin (Leabharlannaí ó Óstaí an Rí),
  • An Maisitheoir Lauren O’Neill, Rosemary Raughter (Staraí agus údar),
  • Jim Rees (MA sa Stair Áitiúil, Iarsmalann Mhuirí an Inbhir Mhóir),
  • Jenny Sherwin (ó Chomhairle Chontae Chill Mhantáin),
  • Oifig Paróiste Eaglais Naomh Muire & Peadar An tInbhear Mór.