Captivity – Civil War,
Eagrán 5 de shraith podchraoltaí Mná100

Tá an cúigiú heagrán, dar teideal Captivity – Civil War, seolta ag Catherine Martin T.D., an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, i sraith podchraoltaí Mná 100 a thagann faoi chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023.  Leantar san eagrán seo le scéal na mban i ngéibheann a eascraíonn ón aiste grianghrafadóireachta ‘Inside Out’ arna fhoilsiú den chéad uair i mí Feabhra ag Mná100 i gcomhar le hAonad Oideachais Chathair Bhaile Átha Cliath agus Ionad Oideachais an Bhoird Oiliúna i bPríosún Mhuinseo. San eagrán seo, tugtar scrúdú níos mine ar an saol a chaith na ‘suspect women’ sin a gabhadh agus a cuireadh i bpríosún i rith na mblianta 1922 agus 1923.

San eagrán seo den tsraith podchraoltaí, pléann an Dr Sinéad McCoole stair na ‘suspect women’ a cuireadh i ngéibheann i rith Chogadh na gCarad, déanann sí cíoradh ar an saol a bhí acu agus iad i bpríosún agus ar an méid a tharla dóibh tar éis iad a ligean amach.  Tráchtann an Dr McCoole freisin ar Shaorstát Éireann mar a bhí ag teacht chun cinn ag an am.  Cloistear caint ó Tessie O’Connell den chéad uair agus tá ábhar léargais sa chur síos corraitheach atá aici ar shaol an phríosúin.  Tugann Manchán Magan chun cuimhne Sighle Humphreys, a sheanmháthair.  Pléann sé aithinsint a scéil mar a chuireann sé féin agus a dheartháir i láthair é agus an dóigh ina bhfuil a shaol féin á mhúnlú ag an saol a chaith sise.

Cloistear freisin glórtha na ndaoine atá ag tabhairt faoin Ardteistiméireacht faoi láthair i bPríosún Mhuinseo faoi láthair.  Tugann an Dr McCoole cuairt go Príosún Chill Mhaighneann agus tugann sí cuntas ar na cillíní inar coinníodh roinnt de na mná. Tá leagan den ‘Foggy Dew’ taifeadta ag Ailbhe Reddy a chan na mná a bhí i ngéibheann mar chomóradh, a eagraíodh i bPríosún Chill Mhaighneann, ar chothrom seacht mbliana ó Éirí Amach na Cásca.

Is féidir cuntas a scríobh Dorothy Macardle 1889-1958 ar shaol an phríosúin mar a bhí ag na mná i gCill Mhaighneann sa bhliain 1923, agus mar a chonaic sí féin, a léamh anseo.