An Ealaín mar Chuimhneachán
Tá úsáid á baint as an bportráidíocht mar chineál cuimhneacháin leis na céadta bliain. Le linn Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023, coimisiúnaíodh roinnt portráidí díobh siúd a bhí páirteach san Éirí Amach.
Bhuail an Dr Sinéad McCoole ó Mhná 100 leis an ealaíontóir Emma Stroude le plé a dhéanamh ar an bpróiseas a úsáideann sí chun portráidí a bhíonn coimisiúnaithe a chruthú.
Rinne an t-ealaíontóir Emma Stroude a cuid staidéir sa Chelsea College of Art and Design agus sa Slade School of Art i Londain. Bhog sí go hÉirinn i 1996 agus chuaigh sí i mbun staidéir sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha.
Cuireann sí síos uirthi féin mar phéintéir thar aon ní eile. Tá cleachtas Stroude faoi láthair, a deir sí, ‘underpinned by a dedication to life-drawing, which has a strong influence on her work.’
In 2022, mar chuid de chomóradh céad bliain Sheanad Éireann, choimisiúnaigh Oifig na nOibreacha Poiblí sraith portráidí den chéad cheathrar ban a toghadh, agus bheadh na portráidí le crochadh i dTithe an Oireachtais.
Roghnaíodh Stroude chun tabhairt faoin tasc íomhánna comhaimseartha de na mná seo ón stair a chruthú – Alice Stopford Green (1847-1929) Ellen Cuffe, Countess of Desart (1857-1933), Jennie Wyse Power (1858-1941) agus Eileen Costello (1870-1962).
Chuaigh Stroude i mbun taighde le cúnamh ó Áine McCarthy agus i gcomhpháirt le chéile thug siad léargas gearr, i bhfoirm scríofa agus gcruth pictiúir, ar shaol na mban seo.
‘In late 2022 I was commissioned by the Office of Public Works to create portraits of the first four women elected to the first Seanad Éireann in 1922. The paintings are now part of the State Collection at Leinster House and hang at the top of the Seanad stairs.
The making of the portraits was a rewarding learning experience for me. Prior to the commission I was unfamiliar with Alice Stopford Green, Ellen Cuffe (Countess of Desart), Jennie Wyse Power and Eileen Costello. Through my research I discovered four diversely different women who are all equally interesting and who all contributed significantly to the Ireland we live in today.’
Staraí, scríbhneoir náisiúnach agus ball de Chumann na Saoirse ab ea Alice Stopford Green, chomh maith le bheith ina hanamchara ag Micheál Ó Coileáin. Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar a cuid sonraí in Dictionary of Irish Biography anseo. Is féidir léamh faoin scéal a bhaineann le coimisiúnú Chisteog an tSeanaid anseo.
Daonchara agus duine daonnúil ab ea Ellen Cuffe, Cuntaois Desart. Fuair Stroude amach go raibh aithne mhaith ar Ellen i gCill Chainnigh mar gur bhunaigh sí an t-ospidéal Aut Even, agus an amharclann, na monarchana agus na gnólachtaí a chuir obair agus ioncam ar fáil do phobal na háite. Chun tuilleadh eolais a fháil, tá an nasc chuig a sonraí in Dictionary of Irish Biography anseo.
Bhí Jennie Wyse Power ar dhuine de na sufragóirí ba mhó cáil, agus bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann na mBan agus ina dhiaidh sin de Chumann na Saoirse. Fuair Stroude amach óna cuid léitheoireachta go raibh sí gníomhach ó thaobh na polaitíochta de ó bhí sí an-óg. Bhí sí gníomhach le linn Chogadh na Talún, agus is sa siopa a bhí aici ar Shráid Anraí a síníodh an Forógra, sular tugadh é go dtí Ard-Oifig an Phoist. Chomh maith leis sin bhí sí ina Leas-Uachtarán ar Shinn Féin. Chun tuilleadh eolais a fháil, léigh a cuid sonraí in Dictionary of Irish Biography anseo.
Bhí Eileen Costello ina ball de Chumann na Saoirse freisin. Bhíodh sí ag bailiú amhráin agus cheol na hÉireann do Scoileanna na hÉireann agus do ranganna Chonradh na Gaeilge. Tar éis di Díospóireachtaí na Dála, atá ar fáil ar líne, a léamh thuig Stroude go raibh guth láidir ag Eileen sa Seanad, agus í ag tabhairt poiblíocht do chomhionannas na mban agus á bhrú chun cinn. Chun tuilleadh eolais a fháil, léigh a sonraí in Dictionary of Irish Biography anseo.
An Coimisiún
Thug an Dr Sinéad McCoole cuairt ar Stroude ina stiúideo i Sligeach chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcur chuige a bhíonn aici nuair a fhaigheann sí coimisiún ar nós an chinn seo. Le linn na cuairte lig sí don Dr McCoole breathnú trína leabhair nótaí. Tá an bunábhar foinseach seo ríthábhachtach ó thaobh guth pearsanta an ealaíontóra a aimsiú.
An Leabhar Nótaí
Ba léir ón leabhar nótaí seo go raibh smacht ag Emma Stroude ar an ábhar ón tús.
Le linn di a bheith ag obair ar an gcoimisiún seo, bhí sí ag scríobh ina leabhar nótaí. Ar cheann de na chéad leathanaigh scríobh Stroude an sliocht seo a leanas:
‘Short-term thinking always tries to avoid the genuine need to suffer the opposites long enough for a third way to emerge.’
Michael Meade
Bhí Stroude ag éisteacht le podchraoladh de chuid Mhichael Meade ag an am. Ag éisteacht duit le duine ag caint faoi chonstaicí agus an chaoi a dtéann siad i bhfeidhm ar an tsochaí, ar an tsaoránacht agus ar an gceartas is féidir tuiscint a fháil ar an gceangal agus an chaoi go bhféadfaí íomhánna de na mná seo mar sheanadóirí, a chruthú. Cé gur fada anois ó bhásaigh siad, bheadh an tuiscint sin ar a gcuid oibre agus ar an rud a spreag iad ríthábhachtach chun tuiscint a fháil ar an méid a rinne siad agus an fáth ar oibrigh siad ar son daoine eile.
Fuair Stroude amach gur mná gnó, caomhnóirí dhlí na mbocht, comhairleoirí contae agus cathrach, múinteoirí, meantóirí, gníomhaithe, máithreacha, mná céile, deirfiúracha agus iníonacha a bhí sna mná seo.
‘They lived full lives working for others, their selection for the senate was because of their body of work, the fact of their standing in their respective communities. All of these women were in older age when they were senators.’
Thug an méid a bhí sa leabhar nótaí an-léargas ar intinn an ealaíontóra agus Stroude ag tosú amach ar a cuid oibre.
Scríobh Stroude nóta di féin agus í ag cur tús leis an gcoimisiún seo: learn to sit with uncertainty. Is féidir na mothúcháin a bhaineann leis an bpróiseas cruthaitheach a aimsiú sa leabhar nótaí toisc go bhfuil an focal UNCERTAINTY i gcinn litreacha. Tá teannas anseo, an obair a bheith déanta i gceart don chliant, don lucht féachana, don áit, ach ag an am céanna go mbraithfeadh an t-ealaíontóir go raibh na riachtanais a bhain lena cleachtas féin á gcomhlíonadh, le bheith dílis dá foirm ealaíne féin.
Treoir céim ar chéim atá sa leabhar nótaí seo.
‘Notes on what to do next. The search was on for better quality photographs.’
Ní raibh suiteoirí beo ag Stroude, ná fiú daoine a bhféadfadh sí labhairt leo toisc aithne a bheith acu ar na mná seo nuair a bhí siad beo, ní raibh duine ar bith ann lena scéalta a insint, ní raibh aici ach seanghrianghraif, iad uaireanta i leabhar, gan fáil fiú ar na híomhánna bunaidh. Pléann siad an easpa bunábhair. Cé mhéad ábhar meas tú a bhí caillte le linn ruathair agus tinte, toisc go raibh na mná seo ag maireachtáil le linn cogaí.
Bhí Stroude ag obair ó íomhánna as nuachtáin, a bhí ar dhroch-chaighdeán chomh maith le cúpla grianghraf a bhí, den chuid is mó, cóipeáilte trí nó ceithre huaire cheana. Mhínigh Stroude go ndearna sí an cinneadh go luath sa phróiseas íomhánna de na mná agus iad ina seanadóirí a úsáid agus labhair sí faoin gcuardach a rinne sí chun teacht ar na híomhánna sin.
Feicfidh tú sa leabhar nótaí seo bean i mbun a cuid oibre, an t-ealaíontóir, an déantóir ag a bhfuil riachtanais phraiticiúla, an leagan amach, an gá a bhí le spás stiúideo a fháil. An t-am, an stró, an costas, an phleanáil, na rudaí sin nach smaoiníonn daoine orthu nuair a fheiceann siad stríoc na scuaibe ar an gcanbhás.
Níor cheart breathnú air mar leabhar nótaí ina bhfuil sonraí faoi riarachán saoil, is amhlaidh gur taifead atá ann ar shaothar an ealaíontóra. Fiú nuair a bhreacann Stroude nóta ag meabhrú di féin leabhar a chríochnú: ‘Have it all done by tomorrow pm so I can paint all day Thursday and Friday.’
Ní raibh mórán ama tugtha do Stroude roimh dháta chomóradh an chéid. An gcabhraíonn sé leis an bpróiseas nuair nach mbíonn ach tréimhse ghearr ann go dtí comóradh céad bliain nach féidir a athrú? Deir Stroude gur spreag sé í. Macalla é seo d’ealaíontóir eile a bhí páirteach i Mná100: Estella Solomon.
Feictear i leathanaigh an leabhair seo go raibh cinneadh le glacadh maidir leis an gcruth a bheadh ar an saothar. Sa leabhar nótaí fiafraíonn Stroude cé acu ab fhearr cruth cearnach nó cruth portráide agus cé chomh mór agus ba chóir dóibh a bheith. Socraíonn sí gur formáid phortráide 40cm x 30cm ab fhearr a d’oibreodh sa spás.
Thuig sí ón tús go gcaithfeadh loinnir a bheith ag baint le gach pictiúr.
Ansin bhí sé in am aici an áit a mbeadh an ealaín crochta a fheiceáil di féin. Thaistil Stroude go Baile Átha Cliath chun cuairt a thabhairt ar an suíomh a bhí beartaithe do na pictiúir sa Seanad agus chun an tionscadal a phlé le Ceann Bainistíochta Ealaíne in Oifig na nOibreacha Poiblí, Jacquie Moore. Thug Stroude aird ar mholadh Jacquie faoi ‘a contemporary frame with a nod to tradition’. Chláraigh sí toisí an spáis ar an mballa agus airde na síleála. Rinne sí nóta faoin leithead a bhí idir an balla agus ciumhais an staighre, rud a thabharfaidh spás féachana níos dlúithe agus níos pearsanta.
Tar éis di cuairt a thabhairt ar Thithe an Oireachtais, rinne Stroude a bealach chuig Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, atá in aice láimhe. Scríobh sí faoina cuairt ina dialann oibre:
The National Gallery makes my heart sing. I walked around in it today. Mind blown. Always new discoveries and old friends. Estella Solomons – girl with a red tie – YES.’ Caravaggio spray paint before there was spray paint.’ Faces. Faces. Faces. Velasquez ‘Maid with supper’ 400 years old, … still a face that rings true today.
D’fhill sí ar a cuid oibre sa stiúideo le pointí tagartha ón am a bhí thart agus thug sí isteach ina cuid oibre iad san am i láthair. Thosaigh sí ar a cuid saothar a chur ar chanbhás le péint agus d’fhorbair a cuid íomhánna.
Léiríonn an tsraith pictiúr seo a leanas an chaoi ar cuireadh leis an bpéint de réir a chéile, de réir mar a thosaigh na portráidí á nochtadh féin.
Céim 1:
Céim 2:
Céim 3:
Céim 4:
Stiúideo Emma Stroude i Sligeach. Grianghrafadóireacht le Kate Nevin.
Creideann Emma Stroude go bhfuil sé an-tábhachtach d’fhonn tuiscint a fháil ar an bpróiseas cruthaitheach, a riachtanaí atá sé an spás a ghlanadh chun bheith ag cruthú, chun go mbeifeá leis an bpéint agus leis an gcanbhás, chun tabhairt faoin obair.
Tá stiúideo Stroude suite go cluthar ag bun Bhinn Ghulbáin, an sliabh maorga atá cothrom ar a bharr agus atá ina chuid de Shliabhraon Dhartraí. Scríobh W.B. Yeats Under Ben Bulben sna míonna sula bhfuair sé bás i 1938 agus ina dhiaidh sin bhí na focail atá i ndeireadh an dáin snoite ar a chloch chinn i gclós an tséipéil i nDroim Chliabh, in aice láimhe.
Baineann an dán seo leis na seanscéalta agus le seanchas béil Shligigh. Tá macallaí na scríbhneoirí, na bhfilí agus na bpéintéirí ón seansaol i gcuid mhaith den áit ina bhfuil Stroude ag maireachtáil agus ag obair.
Tá Stroude gníomhach i bpobal ealaíne an cheantair seo, shílfeá go bhfuil na línte as an dán i láthair agus iad ag suí síos chun cainte ina stiúideo, agus an solas ón sorn ag soilsiú ar na seanbhallaí mar a dhéanfadh sé 100 bliain ó shin.
….Poet and sculptor do the work
Nor let the modish painter shirk
What his great forefathers did,
Bring the soul of man to God,
Make him fill the cradles right.
extract from Under Ben Bulben by WB Yeats
Sraith Maud
Bhí spéis á cur ag Stroude i mná na hÉireann roimh Dheich mBliana na gCuimhneachán 1912-1923, nuair a thosaigh sí ag léamh faoi stair na hÉireann agus nuair a tharraing íomhánna de Maud Gonne MacBride (1866-1953) a haird.
Chuir Stroude tús lena cuid taighde ar mhná na hÉireann le sraith d’íomhánna de Maud Gonne, an bhean ar fearr aithne uirthi, chomh fada is a bhaineann le go leor daoine, mar bhé W.B. Yeats. Tamall ina dhiaidh sin Madame Gonne MacBride a bhí uirthi nuair a phós sí John MacBride, a cuireadh chun báis mar gheall ar go raibh sé páirteach in Éirí Amach 1916. I gcás Stroude, bhí spéis aici i Maud Gonne mar bhean láidir. Chun tuilleadh a fháil amach fúithi, léigh a cuid sonraí in Dictionary of Irish Biography anseo.
Nuair a thosaigh Stroude ag déanamh na líníochtaí sin de Maud os cionn 10 mbliana ó shin, ní mar gheall ar, a deir sí, ‘an interest in Irish History that led her to Maud, but that Maud led her to an interest in Irish History.’ Seo a bhí le rá ag Stroude: ‘My fascination’ which began ‘because of a deep-seated need in me – a time in which I needed to develop her qualities of courage, determination, fearlessness, and persistence. I think this is what drew me to her. It was a time that I left a full-time job to return to my original ambition of becoming a professional artist and for this I needed to build resilience and a strong will.’
Tá cuid de na líníochtaí stóráilte sa stiúideo anois.
Seo an cur síos a rinne Stroude:
The challenge in Maud’s gaze is remarkable. She invites you to step up to the mark, to put all in and not to bury your head or shy away from facing the difficult path forwards. When I face Maud, I feel that it is me who is being scrutinised, my morals, my actions, my intentions, and I do not want to fall short. Drawing her over and over again allowed me to focus on my own determination and persistence in the act of trying to create work of weight and substance and finding that elusive presence in a portrait.
The more I drew Maud, the more I felt the need to begin reading about her and finding out about who she was. Her attitude to conquering her fears by facing them directly inspired me to do the same. The challenges she met in her life and the risks she had to take were so much greater than anything that I was facing that it put my own fears in perspective and gave me the courage to plough ahead with my own chosen path.
Tuigfidh an dream atá ar an eolas faoin taifead mór grianghrafadóireachta atá againn de Maud Gonne ón am a raibh sí ina cainteoir cáiliúil nó go raibh sí ina seanbhean mhaorga, chomh hiontach agus a d’éirigh le Stroude a híomhá a dhéanamh ina cosúlacht.
Pléann Stroude oidhreacht Maud mar go bhfuair Madame MacBride saol fada agus gur lean sí uirthi ag cur in aghaidh na héagóra go dtí deireadh a saoil.
Tá na saothair, den chuid is mó, déanta le gualach agus murab ionann agus saothair eile, tá siad fós aici, fós sa stiúideo, agus tá go leor ‘Mauds’ bronnta aici ar chairde agus ar lucht tacaíochta.
Of course I did not realise any of this at the time. I always find with my work that it takes about 3 years’ distance for me to be able to look back and see the truth of what I was doing at the time. In 2012 I was fascinated by her; I needed a focus to develop my portraiture skills and she had such an interesting face and personal history that working on her became a bit of an obsession for a while. Now I can see the significance much more clearly and gratefully it marked the beginning of a much wider interest in people who played key roles in shaping Ireland and the experiences of the people who live here today
Tá sé tráthúil anois go mbeadh Stroude ag péinteáil an chéad cheathrar Seanadóirí mná ar bhain an díograis chéanna leo agus le Maud Gonne.
Ní le haghaidh comóradh céad bliain amháin a dhéantar píosa ealaíne a choimisiúnú.Sa bhliain 1924 choimisiúnaigh an Seanadóir Alice Stopford Green píosa speisialta ón ealaíontóir agus dearthóir Mia Cranwill. B’iontach an rogha é seo; toisc go raibh staidéar déanta ag Miss Cranwill ar stair agus ar mhiotaseolaíocht na hÉireann, de réir a sonraí in Dictionary of Irish Biography, agus gur oibrigh sí ina stíl Cheilteach féin. Bhí sé i gceist go mbeadh Cisteog an tSeanaid, a cuireadh i láthair i 1924, ag iompar scrolla le hainmneacha na seanadóirí air, agus bhí sé le bheith ar sheastán d’iúr na hÉireann, ach go bhféadfaí é a iompar freisin. Bhí sé bunaithe ar na seanscrínte reiligiúnacha agus ar Shéipéilín Ghallarais i gContae Chiarraí. Bhí an dearadh bunaithe ar dhéantáin agus ar lámhscríbhinní de chuid na Éireann a mhair ó ‘Old Ireland,’ mar a dúirt an seanadóir ag an gcur i láthair. Dúirt sí leis an lucht éisteachta dá mba mhian leo náisiún na hÉireann a ‘athbheochan’ ‘we must dig our roots back to the soil and be nourished by the ancient earth.’
Le linn cheiliúradh 100 bliain an tSeanaid, bhí an chisteog ar taispeáint i lár Dháil Éireann san áit ar bhailigh na seanadóirí ar fad le chéile chun a gcuid óráidí a thabhairt. Agus í ag smaoiniú ar an taispeántas dúirt Stroude gur chuid shuntasach d’oidhreacht Alice a bhí sa saothar ealaíne.
Tá obair Stroude le feiceáil anois i bhfoirgnimh phoiblí áitiúla, in ionaid náisiúnta agus idirnáisiúnta. Mairfidh saothar Stroude mar oidhreacht ar an tréimhse seo, ach mhairfidh sé freisin mar léiriú ar an gcaoi a bhfuilimid anois, dírithe ar an todhchaí chomh maith leis an am atá caite.