100 Year Journey
Turas 100 Bliain

Cuireadh an tAistear 100 Bliain seo i dtoll a chéile chun béim a leagan ar chomh casta agus chomh héagsúil agus a bhí taithí na mban le 100 bliain anuas.

Ní liosta críochnaitheach é an liosta sin ach tá sé i gceist gur cáipéis bheo a bheadh inti agus molaimid do dhaoine páirt a ghlacadh sa tionscadal agus moltaí a dhéanamh lena gcur san áireamh.




1940s

AIMSIR  NA hÉIGEANDÁLA

D’fhan Éire neodrach sa Dara Cogadh Domhanda agus sa tír seo is éard a tugadh  ar an tréimhse seo ná ‘Aimsir na hÉigeandála’ nó ‘an Éigeandáil’. Ba é Proinsias Mac Aodhagáin an tAire Comhordaithe Bearta Cosanta chomh maith le freagracht a bheith aige as an bhFórsa Cosanta Áitiúil (FCÁ) (i bpáirt leis an arm, leis an aerchór agus leis an tseirbhís muirí). Chuir an FCÁ paráidí ‘Step Together’ ar siúl ina ndeachaigh comhaltaí na Croise Deirge isteach leo. I measc na n-eagraíochtaí deonacha eile a bhí ann, agus a raibh an gharchabhair acu mar shainchúram bhí an tOrd Mhálta agus Otharsheirbhís Naomh Eoin in Éirinn (lena raibh a lán ban ina mball iontu).

Chuaigh bardaigh um réamhchúram in Aghaidh Aer-ruathar (ARP) ar phatróil  ar na sráideanna le linn uaireanta lándorchaithe chun deimhniú  nach raibh aon solas le feiceáil. Bhí rannóg mná tí san ARP. Tugadh le fios go raibh bean le fáil sa teach a raibh oiliúint uirthi chun cúnamh a thabhairt sa chás go raibh cárta gorm ar taispeáint i bhfuinneog an tí. Léiríodh gur cheannaire sráide ab ea an bhean nuair ba chárta dearg a bhí ann.

Fuair 58,776 bean ceadúnas Taistil chun obair lasmuigh d’Éirinn ó 1940  go dtí 1945. I measc na bpost  a bhí sonraithe do na ceadúnais sin, bhí múinteoirí, banaltraí, mná cabhrach, cailíní aimsire,  oibrithe monarchan agus stiúrthóirí bus nó oibrithe iompair eile.

Tuairiscíodh go raibh 60 oifigeach agus 4,500 ban-eitleoir i dTuaisceart Éireann idir 1943  agus 1944.  Dóibh siúd, tuairiscíodh sa Bhéarla gur mhná as ‘Northern Ireland’ nó as ‘Éire’ 40% díobh.

Aisghaireadh an staid éigeandála oifigiúil in Éirinn ar an 2 Meán Fómhair 1946 ach leanadh ar aghaidh leis an gciondáil sna 1950í.

An Chead Bhean a Rinneadh Abhcóide Sinsearach Di

In 1941, ba í an tOllamh Frances Moran an chéad bhean a rinneadh abhcóide sinsir di nuair a glacadh isteach sa bharra laistigh í, ach níor chleachtaigh sí riamh mar Abhcóide Sinsearach. Chomh maith leis sin, ba ise an chéad bhean riamh a ceapadh sa phost measúil mar Ollamh Regius i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, in 1944, teideal a choimeád sí ar feadh tréimhse 30 bliain. Chomh maith leis sin, ba ise an chéad bhean a bhí ina comhalta de Bhord an Choláiste. In 1968 rinneadh í ina Comhalta agus Binseoir Oinigh d’Óstaí an Rí i mBaile Cliath.

Leis an Acht Rialtais Áitiúil, 1941, cuireadh an tAire Rialtais Áitiúil ar a chumas a fhógairt, maidir le haon oifig ainmnithe, nach mbeadh bean incháilithe don oifig sin ach amháin más baintreach nó más rud é nach raibh sí pósta.

Tugadh isteach íocaíocht leasa shóisialaigh  an Liúntais Leanaí.

D’éirigh leis an gCumann Múinteoirí Éireann comhionannas a bhaint  amach maidir le tuarastal pá incriminteach do mhúinteoirí idir mná agus fir shingil trí stocaireacht a dhéanamh.

1942

Cumann Mhná Tí na hÉireann

Bunaíodh Cumann Mhná Tí na hÉireann in 1942  agus leithdháileadh cothrom bia agus earraí gann eile le linn na tréimhse ganntanais i rith an chogaidh mar sprioc ag an eagraíocht. Is éard a bhí sa chuspóir a bhí acu ná: ‘páirt ghníomhach a ghlacadh i ngach uile ghné den phleanáil atá á déanamh don tír’. Bhí siad ag iarraidh leasuithe a chur i bhfeidhm: ‘fíor comhionannas maidir le saoráidí, stádas agus deiseanna do gach aon duine’.

Tapa go leor, thug Cumann Mhná Tí na hÉireann faoi deara nár leor é a bheith ag impí ar an rialtas,  mar a luaigh an ball bunaidh Hilda Tweedy níos deireanaí, “is éard a bhí gá leis ná mná a bheith sna háiteanna ina raibh na cinntí á mbeartú”. In Olltoghchán 1943  chuir an Cumann feachtas i mbun ar son an iarrthóra Hanna Sheehy-Skeffington i mBaile  Átha Cliath Theas. Fuair Hanna Sheehy-Skeffington 917 vóta ach níor toghadh í.  Toghadh an triúr ban chéanna a toghadh roimhe sin chuig an 11ú Dáil Éireann. Toghadh an triúr ban a luadh roimhe seo chun an 11ú Dáil: Bridget Mary Rice (FF), Bridget Mary Redmond (FG) agus Mary Reynolds (FG). Ba í Bridget Rice an t-aon bhean amháin  a shuí ar Bhinsí an Rialtais. 

Toghadh Helena Concannon, Margaret ‘Loo’ Kennedy agus Margaret Pearse chun an Seanad tar éis an toghchán Seanaid ar an 25 Lúnasa 1943 agus ansin toghadh iad go léir arís chun an Seanad, leis, sa toghchán a cuireadh ar siúl ar an 1 Lúnasa 1944.

PARLAIMINT NA mBAN.

Thionóil an Chomhairle um Praghsanna ísle agus Comhairle Mhná Tí na hÉireann Comhairle Náisiúnta na mBan um Ghníomhú, a tugadh Parlaimint na mBan uirthi.

Na blianta i ndiaidh an ChogaidhPost-War Years

Sna blianta a tháinig sna sála ar an gcogadh, ba í Dorothy Macardle duine de na mná a raibh a haird dírithe ar chúrsaí lasmuigh d’Éirinn. Rinne sí sraith de chraoltaí chun suntas a thabhairt den anró a bhí á fhulaingt ag leanaí san Eoraip ag an am, agus d’fhoilsigh sí Children of Europe in 1946, atá i measc na hábhair is luaithe ina ndearnadh doiciméadú ar imeachtaí an chogaidh agus an Uileloiscthe. Tugadh líon beag de leanaí Giúdacha go hÉirinn in 1946 tar éis idirghabháil a rinne Éamon de Valera. 

Bhunaigh  an Dr Kathleen  Murphy, péidiatraí ó Bhaile Átha Cliath, Save the German Children. I mí Iúil 1946, tháinig cúpla céad leanbh Gearmánach go hÉirinn, idir trí agus ceithre bliana d’aois, in imeacht ar a dtugtar Operation Shamrock. Ní raibh na leanaí sin go léir ina ndílleachtaí, níor tugadh iad anseo ach ar feadh  tréimhse, ach sa deireadh d’fhan roinnt mhaith díobh sa tír.

Roimh an gcogadh bhí an Dr Dorothy Stopford Price ag staidéar sa Ghearmáin, sa tSualainn, sa Danmhairg  agus san Eilvéis chun tuiscint níos fearr a fháil ar mhodhanna nua sa mhíochaine choisctheach agus sa vacsaíniú. Bhí an eitinn (TB) tar éis dó a bheith  ina chrá croí ag muintir na hÉireann leis na glúnta agus fuair níos mó ná leath an oiread de na daoine a fuair an galar bás. Ceapadh an Dr Noel Browne ina Aire Sláinte in 1948. I measc na ngealltanas a thug Clann na Poblachta don toghchán, gheall siad go ndéanfaidís réidh den eitinn sa tír. Laistigh de dhá bhliain bhí breis is cúig mhíle leaba curtha ar fáil ag an rialtas i sanatóirí speisialta.

Bhí an Dr Stopford Price tar éis vacsaín BCG nua a thabhairt isteach in Ospidéal Naomh Ultán le haghaidh trialach ar ghrúpa beag leanaí in 1938. Mar thoradh air sin, bhunaigh Bardas Bhaile Átha Cliath córas ollmhór um vacsaín BCG, an chéad cheann dá leithéid in Éirinn. Deich mbliana ina dhiaidh sin, bhí sé i mbun a bheith curtha i bhfeidhm ar fud an chuid eile den tír. In 1949 d’éirigh leis an Dr Stopford Price, a scríobh Tuberculosis in Childhood a bheith ina cathaoirleach ar an gCoiste Náisiúnta  BCG.

ComhrialtasInter-Party Government

San olltoghchán a ritheadh in 1948, toghadh Bridget Mary Rice, i Muineachán, Honor Mary Crowley, i gCiarraí, agus Mary Bridget Ryan, i dTiobraid Árann mar theachtaí de chuid Fhianna Fáil sa Dáil.

Tháinig Comhrialtas i gcumhacht agus John A Costello (FG) ina Thaoiseach air, lenar cuireadh deireadh le tréimhse sé bliana déag d’Fhianna Fáil a bheith sa rialtas. Sa 13ú Dáil bhí Bridget Mary Redmond (FG) agus Mary Reynolds (FG) ar bhinsí an rialtais, cé gur chúlbhinseoirí iad, áfach.

Faoin am sin bhí Páirtí an Lucht Oibre scoilte idir Páirtí an Lucht Oibre agus Páirtí Náisiúnta an Lucht Oibre, agus ní raibh bean ina TD i gceachtar acu. Chuaigh Eleanor Butler san iomaíocht i dtoghchán 1948 ar son Pháirtí an Lucht Oibre ach fuair Noel Browne as Clann na Poblachta an ceann is fearr  uirthi, agus 400 vóta sa bhreis aigesean uirthi, i nDáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thoir Theas. Bhain Clann na Poblachta 10 suíochán amach. Ba é Seán MacBride, mac Sheáin Mhic Giolla Bhríde (a cuireadh chun bás é in 1916) agus Maud Gonne MacBride  (a bhunaigh  Inghinidhe na hÉireann), ceannaire an pháirtí. Sheas Caitlín Bean Uí Chléirigh ar son an pháirtí i mBaile Átha Cliath Thoir Thuaidh ach níor éirigh léi sa toghchán.

I dtoghchán an tSeanaid ar an 7 Aibreán 1948,  toghadh Helena Concannon agus Margaret Mary Pearse, ar iarrthóirí  Fhianna Fáil iad an bheirt  acu, chun an tSeanaid, agus chuaigh Eleanor Butler, duine ar ainmnigh an Taoiseach í, isteach leo ann, chomh  maith (rud a d’fhág gur ise an chéad  bhean a bhí ina ball de chuid Pháirtí an Lucht Oibre). Bhí Eleanor, a raibh oiliúint ailtire uirthi, tar éis a bheith ina Comhairleoir i gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ar feadh trí bliana. Tharla go raibh suim aici sa pholaitíocht cúrsaí oibre mar gheall ar dhálaí maireachtála na mbocht uirbeach.

Bhí Evelyn P. Owens ina céad bhan-oifigeach i gCeardchumann Oifigí an Rialtas Áitiúil in Éirinn (níos déanaí Comhairle Lucht Trádála an Rialtais Áitiúil agus Seirbhísí  Poiblí) chomh maith sa bhliain chéanna.

Fógraíodh Acht Phoblacht na hÉireann 1948

Fógraíodh Acht Phoblacht na hÉireann 1948  ar an 21 Nollaig 1948 agus cuireadh tús leis an bPoblacht go hoifigiúil ar an Luan Cásca 18 Aibreán 1949 – ar chomóradh 33 bliain Éirí Amach 1916.  Cuireadh searmanais ar siúl lasmuigh d’Ard-Oifig an Phoist chun an ócáid a cheiliúradh agus bhí Aifreann speisialta sa Leas-Ardeaglais. Leis an Acht sin, cuireadh deireadh oifigiúil leis an ról reachtúil a bhí ag an gCoróin Bhriotanach sa Stát Éireannach a rinneadh trí aisghairm an Achta Caidrimh Eachtraigh. Ina theannta sin, ag an am céanna, d’fhág Éire Comhlathas Briotanach na Náisiún – lena gcuimsíodh críocha a bhí in Impireacht na Breataine roimhe sin. Ina dhiaidh sin thug an rialtas Ireland Act 1949 isteach chun réiteach a chur le hiarmhairtí Achta Phoblacht na hÉireann 1948.  Leis an Acht sin, tugadh aitheantas don fhíric go raibh an Stát Éireannach tar éis an Comhlathas a fhágáil ach lena ndearnadh foráil, leis, go leanfar le saoránaigh Éireannacha seasmhacht dála an tseasmhachta a bhíonn  ag daoine ó thíortha an Chomhaltais faoi dhlí na Breataine.

Bhí an Seanadóir Eleanor Butler ar dhuine de na 750 toscaire a d’fhreastail ar Chomhdháil na hEorpa sa Háig i mBealtaine 1948.  Ba ise an t-aon ionadaí amháin ar son na hÉireann a bhí ag an gcéad chruinniú chun an Reachtaíocht a tharraingt anuas don struchtúr agus don ról a bheadh ag Comhairle na hEorpa níos déanaí.

D’éirigh le Hilda Tweedy ó Chumann Mhná Tí na hÉireann a bheith ina hambasadóir neamhoifigiúil ar an gComhaontas Idirnáisiúnta Ban.