Ceart Vótála an Uile Dhuine

Is breá le Mná100 an togra i gcomhar seo idir Mná100, Tithe an Oireachtais agus an Músaem Náisiúnta Cló a chur i láthair.

Eagraíodh an dara ceardlann seo sa tsraith ar an 25 Deireadh Fómhair 2022 le ceiliúradh a dhéanamh ar chothrom céad bliain ó tugadh isteach an Ceart Vótála ag an Uile Dhuine.

Tháinig Bunreacht Shaorstát Éireann i bhfeidhm ar an 25 Deireadh Fómhair 1922. Bhí sin ar cheann de na bearta riachtanacha a bhain le Saorstát Éireann a chur ar bun.  Faoin mBunreacht sin, is saoránaigh muintir na hÉireann feasta seachas géillsinigh.  Bhí cead vótála ag mná sa bhliain 1918 má bhí siad cáilithe chuige sin ó thaobh úinéireacht maoine, má bhí 30 bliain slán acu nó má bhí oideachas ollscoile orthu.

Faoin mBunreacht seo a tugadh isteach ceart vótála ag an uile dhuine fásta.

Bhí na téarmaí céanna ag baint anois le ceart vótála na mban i dtoghcháin Pharlaiminte agus a bhí leis an gceart sin ag fir.

De réir thuairisc na nuachtán, cuireadh 400,000 ainm le clár nua na dtoghthóirí.  Bhí fear nó bean i dteideal clárú ina t(h)oghthóir Parlaiminte feasta.

Tugadh Franchise Resolutions ar an réimse seo i dtráchtaireacht na linne.  Tuairiscítear:

Notice was given by Mr Blythe, Minister of Local Government, of an intention to introduce tomorrow [20 Meán Fómhair 1922] a series of franchise Resolutions which, with the inclusion of franchise resolutions, which, with the inclusion of adult suffrage, are to be put forward as the basis upon which the election for a permanent Free State Parliament will take place after the passing of the Constitutions and the completion, probably by the end of February of the new register.

Aberdeen Press and Journal, an 19 Meán Fómhair 1922.  

Bhí Saorstát Éireann ina tír cheannródaíochta agus cead vótála á thabhairt don uile dhuine sa bhliain 1922 ós iomaí tír nár thug dlí den sórt sin isteach go ceann i bhfad dár gcionn.  Ábhar iontais ag daoine nár tharla a thabhairt i bhfeidhm i dtíortha de leithéid na Fraince go dtí i bhfad ina dhiaidh sin.  Seo an tuairisc oifigiúil ar dhíospóireacht i nDáil Éireann an 2 Márta  1922.

Kate O’Callaghan TD

‘I move ‘that a decree be passed having for its object the admission of Irish women to the Parliamentary franchise on the same terms as Irish men’

Deir sí freisin:

‘Ba mhaith liom an rún so do chuir os bhúr gcomhair.’

‘I hope there is no Teachta here against it’

‘The brave men who put their names to the proclamation of the Irish Republic in Easter week wanted to put the men and women on the same footing on the voting register.’

Fiafraíodh de dhaltaí bunscoile Scoil Mhuire ar an gClochán cén cineál póstaeir a chuirfidís le chéile ag iarraidh Ceart Vótála don Uile Dhuine a bhaint amach.

D’oibrigh daltaí Rang a Cúig ina ngrúpaí gur tháinig ar mhanaí a bhraith siad a bheith oiriúnach don chúram maidir le Ceart Vótála don Uile Dhuine.  Ansin, leis na modhanna céanna clódóireachta a bhíodh ar fáil 100 bliain ó shin in úsáid acu, rinne siad rogha maidir le clófhoireann, stíl agus leagan amach ar an leathanach.  Bhí deis acu freisin a gcuid póstaer a chur i gcló.  Bhain na daltaí leas as dathanna éagsúla páipéir agus as éagsúlacht méide maidir leis na litreacha le béim a leagan ar fhocail faoi leith.

Thug ár gcomhghleacaithe i dTithe an Oireachtais na daltaí ar cuairt go Dáil Éireann agus chuig an taispeántas iontach Seanad 100.  Chonaic siad oibriú an daonlathais ag díospóireacht Dála a bhí ar siúl le linn na cuairte.  Féach an gailearaí thíos maidir le híomhánna breise de chuairt na ndaoine óga seo ar Thithe an Oireachtais.