Mar a chonaic Meiriceánach – Ellen F. O’Connor as Bostún, ‘Tar éis Chath Bhaile Átha Cliath.’

Múinteoir as Meiriceá a bhí in Ellen F. O’Connor (1874-1943), í 46 bliana d’aois ag an am.  Bhí sí ag teagasc ag an Prince School agus ina dhiaidh sin ag West Roxbury High i mBostún.  Amhránaí a bhí inti agus bhíodh sí páirteach i seónna ceoil de chuid na heaglaise agus i gcoirmeacha ceoil de chineálacha eile.  Thugadh sí léacht bhliantúil faoi Ealaín na hÉireann san Boston Library.

Thapaigh sí an deis saoire shabóideach a ghlacadh ón scoil agus dul i mbun taistil.  Shiúil sí an Eoraip, Meiriceá Láir agus Meiriceá Theas ar a cuid turasóireachta agus tá na mílte grianghraf dá cuid i dtaisce anois i mbailiúchán an Boston Library, an chuid is mó acu ceangailte lena cuid taistil.  Tá 1,984 pictiúr ina measc a thóg sí in Éirinn.

10 Bóthar Pheambróg, Baile Átha Cliath, an parlús tigh Evelyn Gleeson, mar a raibh cónaí ar an ngrianghrafadóir geimhreadh 1921-1922. Grianghraf le caoinchead ó bhailiúchán Ellen F. O’Connor, Boston Public Library.
10 Bóthar Pheambróg, Baile Átha Cliath, teach Evelyn Gleeson, tithe de chuid an 18ú céad. Grianghraf le caoinchead ó bhailiúchán Ellen F. O’Connor, Boston Public Library.

D’fhan sí le Evelyn Gleeson (a bhunaigh tionscal ceardaíochta Dún Emer) nó Miss Gleeson mar ba nós léi féin tagairt di. Fágann Ellen F. O’Connor tuairisc ar scrios  Bhaile Átha Cliath mar gheall ar an troid i mí an Mheithimh agus i dtús mí Iúil 1922. Is é an tuairisc a bhreac sí féin leis na picitiúir ‘aftermath of the Battle of Dublin.’

Baile Átha Cliath, Éire, cóngarach do na Ceithre Cúirteanna, tar éis an bhombardaithe agus na tine. Grianghraf le caoinchead ó bhailiúchán Ellen F. O’Connor, Boston Public Library.
Ar Shráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath, tar éis an bhombardaithe agus na tine. Grianghraf le caoinchead ó bhailiúchán Ellen F. O’Connor, Boston Public Library.
Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath, tar éis an bhombardaithe agus na tine. Grianghraf le caoinchead ó bhailiúchán Ellen F. O’Connor, Boston Public Library.
Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath, tar éis an bhombardaithe agus na tine. Grianghraf le caoinchead ó bhailiúchán Ellen F. O’Connor, Boston Public Library.
Ballaí i Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath, tar éis na trodaíochta agus na tine. Grianghraf le caoinchead ó bhailiúchán Ellen F. O’Connor, Boston Public Library.
Ballaí na gCeithre Cúirteanna, Baile Átha Cliath, tar éis an bhombardaithe agus na tine, Baile Átha Cliath. Grianghraf le caoinchead ó bhailiúchán Ellen F. O’Connor, Boston Public Library.
Ballaí na gCeithre Cúirteanna, Baile Átha Cliath, tar éis an bhombardaithe. Grianghraf le caoinchead ó bhailiúchán Ellen F. O’Connor, Boston Public Library.
Tar éis Chath Bhaile Átha Cliath. Grianghraf le caoinchead ó bhailiúchán Ellen F. O’Connor, Boston Public Library.
Tar éis Chath Bhaile Átha Cliath. Grianghraf le caoinchead ó bhailiúchán Ellen F. O’Connor, Boston Public Library.

Is féidir bailiúchán iomlán Ellen F. O’Connor a fheiceáil ar láithreán gréasáin an Boston Public Library anseo.