Plé Comhchéime ar Chogadh Cathartha na hÉireann

Tá ríméad ar Mná100 a bheith i gcomhpháirtíocht le  Grúpa Shliocht Ghlúin an Chonartha don phlé comhchéime seo ina rachfar siar ar thionchar agus oidhreacht an Chogaidh Chathartha agus ina leagfar béim ar leith ar thaithí na mban le linn an ama sin. 

Rannpháirtithe an phlé comhchéime seo:

Nora Owen, iarAire Dlí agus Cirt 1994-1997, agus an 7ú Aire Rialtais Mná. Labhair sí faoin nasc atá aici le beirt Teachtaí Dála eile; is í garneacht Mhíchíl Uí Choileáin agus Margaret Collins-O’Driscoll.

Emer Nowlan, iníon gharpháiste Arthur agus Maud Griffith. Ghlac sí páirt sa phlé comhchéime ar na Ceannairí Ar Lár freisin.

Is í Déirdre Brugha, gariníon Chathail Brugha, TD agus Chaitlín Brugha, TD agus Terence agus Muriel MacSwiney, agus is í garneacht Mary agus Annie MacSwiney. 

Is éRichard Mulcahy  garmhac Richard Mulcahy agus Mary Jospehine, a dtugtaí Min uirthi, duine de shliocht Uí Riain as Tuaim Chúil i Loch Garman. Bhí Min agus a deirfiúr, Agnes, i bhfábhar an Chonartha, ach bhí a ndeartháir Jim agus a dtriúr deirfiúracha eile, Phyllis, Nell agus Kit (Mary), ina choinne. Bhí Richard Mulcahy ina Ardcheannasaí ar an Arm Náisiúnta le linn Chogadh Cathartha na hÉireann.

Tugadh faoin taifeadadh seo 100 bliain i ndiaidh ceann de na laethanta ba ghruama de Chogadh Cathartha na hÉireann, an 7 Márta 1923.

Ó chlé go deas: Richard Mulcahy, Emer Nowlan, Nora Owen, Déirdre Brugha, an Dr Sinéad McCoole (Cathaoirleach) agus Cathal MacSwiney Brugha i gclós Ard-Mhúsaem na hÉireann –  Dún Uí Choileáin.

Is é an Plé Comhchéime seo an tríú ceann as trí thogra a ndearnadh scannánú orthu maidir le cuimhneachán eiticiúil Ghrúpa Shliocht Ghlúin an Chonartha. Tá fáil ar láithreán gréasáin an ghrúpa anseo; grúpa a bhfuil baint ag teaghlaigh na ndaoine a bhí páirteach in – nó a mhair le linn – aimsir an Chonartha, lena n-áirítear gach aon taobh den scoilt pholaitiúil, shóisialta agus chreidimh. Is é cuspóir an tsleachta ná cuimhne, machnamh agus athmhuintearas maidir leis an tréimhse achrannach sin a spreagadh – chun scéalta daonspéise daoine agus teaghlach a insint – gan milleán a chur, gan breithiúnas a thabhairt ach fírinne na gcuimhní sin a choinneáil beo mar sin féin.

Ba é Cathal MacSwiney Brugha a chomheagraigh an t-imeacht seo thar cheann Ghrúpa Shliocht Ghlúin an Chonartha. Scríobh sé píosa machnaimh faoin bplé comhchéime a féidir a léamh anseo.