An Chéad 100 Bliain Eile de Ghníomhaíochas ó Oidhreacht go Saoránacht Ghníomhach: Catherine McGuinness

Agus Mná100 ag teacht chun críche, sa phíosa deiridh seo, breathnóidh muid ar an gcéad ghlúin eile de mhná ceannródaíocha.

Shuigh an Dr Sinéad McCoole síos le Catherine McGuinness ar an gCéadaoin, an 25 Deireadh Fómhair 2023 agus í ag plé a saol agus i mbun machnaimh ar a máthair chéile, Mairéad McGuinness (née de Lappe), a cuireadh i bpríosún le linn Chogadh na gCarad.  Beidh tú in ann éisteacht lena gcomhrá thuas agus beathaisnéis ghearr bunaithe ar an agallamh seo a léamh, le go mbeidh tú in ann a saol agus go leor de na héachtaí a rinne sí a chur i gcomhthéacs níos fearr.

Cé gur fearr aithne uirthi faoina hainm pósta, Catherine McGuinness, rugadh Catherine Isabel Brigid Ellis i nDún Muirígh, Co. Aontroma, i dTuaisceart Éireann, ar an 14 Samhain 1934. Ba iad Sylvia agus Robert Ellis a tuismitheoirí.

Dhá bhliain roimhe sin a d’aistrigh an lánúin go sráidbhaile Dhún Muirígh, nuair a ceapadh Robert Ellis mar churáideach i gceannas ar phobal St. Colman’s, Eaglais na hÉireann. Bhí an séipéal suite i sráidbhaile Dhún Muirígh ar an bpríomhbhóthar idir Béal Feirste agus Lios na gCearrbhach, ach atá anois i gcúlchríoch Iarthar Bhéal Feirste.

Ba í Catherine an chéad leanbh a bhí ag an lánúin, agus rugadh beirt eile dóibh ina dhiaidh sin, a deartháireacha Ernest Stewart a tháinig ar an saol ar a dara breithlá i 1936 agus Stephen a rugadh sa bhliain 1944.

Bhuail tuismitheoirí Catherine le chéile i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. I gContae an Chláir a rugadh Robert Ellis (1906-1994) agus b’as Rinn na Spáinneach in Iarthar an Chláir dá mhuintir. Bhí a athair, an Captaen Ernest Albert George, in Arm na Breataine agus throid sé sa Chéad Chogadh Domhanda. Tholg sé an eitinn agus fuair sé bás i 1931, gan é ach 52 dó bliain d’aois. D’aistrigh an teaghlach go Baile Átha Cliath. Bhí cúigear leanaí óga ag baintreach Robert, Mildred. Thuill sí airgead trí sheomraí i dteach an teaghlaigh ar Bhóthar Bhaile Phámar a ligean ar cíos le mic léinn de chuid Choláiste na Tríonóide. Bhí athair Catherine, Robert, an duine ba shine den teaghlach, ina scoláire cónaithe sa Galway Grammar School nuair a d’éag a athair. Nuair a chríochnaigh sé a chuid scolaíochta tháinig sé ar ais go Baile Átha Cliath le freastal ar Choláiste na Tríonóide agus staidéar a dhéanamh ar an diagacht.

Ba san ollscoil a chas Robert Ellis le Sylvia Kathleen Eleanor Craig (1908-1985) as an Tulach Mhór, Contae Uíbh Fhailí. Duine den chléir a bhí ina hathair, An tUrramach Robert Stewart Craig, agus bheadh beirt dá deartháireacha – An tUrramach Graham Fetherstonhaugh Craig agus an tUrramach Cecil Henry Stewart Craig ina ministrí freisin.  Bhí an-chur amach ag Sylvia ar an obair a chaithfeadh bean chéile an mhinistir a dhéanamh; chomh maith leis na dualgais a bhí le comhlíonadh aici don pharóiste, d’fhan sí muinteartha i gcónaí leis na cairde a bhí aici sa choláiste. Ba chuimhin le Catherine cairde a máthar a bheith ag teacht ar cuairt chuig an teach agus ba chuimhin léi na comhráite a bhíodh acu agus an dúil a bhí ag an mbeirt acu sa litríocht. Tharla an Dara Cogadh Domhanda le linn óige Catherine agus ar chuid de na chéad chuimhní a bhí aici bhí ar na tithe a scriosadh de bharr buamála. D’fhan an teaghlach ina gcónaí i nDún Muirígh agus ceapadh a hathair, Robert Ellis, ina Reachtaire ar St. Colman’s i 1945.

Sa bhliain 1946, agus í 12 bliain d’aois, chuaigh Catherine go Baile Átha Cliath chun freastal ar Choláiste Alexandra, scoil a raibh cáil uirthi mar gheall ar an ardchaighdeán oideachais a chuir sí ar fáil do chailíní. Mac léinn cumasach ba ea Catherine agus bhí scoláireachtaí ofráilte di chuig dhá scoil eile. Bhí sí ina scoláire cónaithe sa Scoil le haghaidh Iníonacha na Ministrí, in Ardán Phort an Iarla, i mBaile Átha Cliath. Cé gur bunaíodh í seo mar scoil ar leith chun oideachas a chur ar iníonacha le ministrí de chuid Eaglais na hÉireann, faoin am ar fhreastail Catherine ar an scoil bhí sí mar chuid de Choláiste Alexandra. Nuair a rinneadh Príomhchinnire di buaicphointe a bhí ann do Catherine ar na blianta a bhí caite aici sa scoil.

Nuair a chríochnaigh sí a cuid scolaíochta i 1952 chuaigh Catherine go Coláiste na Tríonóide chun staidéar a dhéanamh ar na nuatheangacha, ar an nGaeilge agus ar an bhFraincis. Níor fhill sí riamh ar Bhéal Feirste le cónaí ann, ach thugadh sí cuairt ar an áit go minic mar gur chaith a tuismitheoirí an chuid eile dá saol ina gcónaí i nDún Muirígh.

Catherine McGuinness ar an lá a bronnadh a céim ó Choláiste na Tríonóide uirthi. Le caoinchead ó chartlann mhuintir Mhic Aonghusa.

Agus í fós san Ollscoil, sa bhliain 1955 phós Catherine Proinsias Mac Aonghusa. Bhí sise 21 agus seisean 22. Ní raibh Proinsias ina mhac léinn san ollscoil; ina chainteoir dúchais Gaeilge bhí sé sa choláiste mar go raibh baint aige leis an gCumann Gaelach. Bhí sé ina aisteoir in Amharclann na Mainistreach cheana féin. Thosaigh sé ag obair do Radio Éireann nuair a bhí sé 19 mbliana d’aois, i dtús báire mar aisteoir, agus ina dhiaidh sin ag léamh gearrscéalta i nGaeilge agus i mBéarla. Faoin am ar bhuail sé le Catherine bhí sé cheana féin ag plé le cláracha cúrsaí reatha. Agus í críochnaithe san ollscoil thosaigh Catherine ag múineadh ina seanscoil, Coláiste Alexandra.

Sa bhliain 1957, dhá bhliain tar éis di pósadh, fuair Catherine taithí ar chúrsaí toghchánaíochta den chéad uair nuair a bhí a máthair chéile, Mairéad McGuinness, ina hiarrthóir sa toghchán. Cé nár toghadh Mairéad, bhí tús curtha ag Catherine lena saol sa pholaitíocht.

Bileog thoghcháin Mhairéad McGuinness a foilsíodh in 1957. Le caoinchead ó chartlann mhuintir Mhic Aonghusa.

Chuaigh Catherine agus Proinsias isteach i gcraobh Sheáin Ó Conghaile de Pháirtí an Lucht Oibre, craobh a raibh sé ráite ina taobh gur ‘tearmann d’intleachtóirí’ a bhí inti. I 1961 ceapadh Catherine ina hOifigeach Parlaiminte i dTithe an Oireachtais, agus í ag obair do ceannaire an pháirtí, Brendan Corish.

Saorchraoltóir a bhí ina fear céile, a raibh a stiúideo taifeadta féin aige agus é ag obair trína chomhlacht féin. Bhí baint aige leis an gclár teilifíse ‘An Fear agus a Scéal’ chomh maith le bheith ag scríobh do nuachtáin. Thacaigh Catherine le feachtas toghchánaíochta Phroinsiais nuair a bhí sé ina iarrthóir ar son Pháirtí an Lucht Oibre i ndáilcheantar Lú sa bhliain 1965. Bhí sé ina Leas-Chathaoirleach ar an bpáirtí ar feadh tamaill ach díbríodh as an bpáirtí é i 1967. Mar gheall air sin, d’éirigh Catherine as a post mar Oifigeach Parlaiminte.

Rugadh iníon, Caitríona, do Catherine sa bhliain 1963 agus dhá bhliain ina dhiaidh sin i 1965 rugadh mac, Dónal, di. Rugadh an duine ab óige den teaghlach, Diarmaid, ceithre bliana ina dhiaidh sin i 1969. An bhliain chéanna sin sheas Proinsias ina iarrthóir neamhspleách i ndáilcheantar Dhún Laoghaire. Cé nár toghadh é, bhí Catherine gníomhach ina fheachtas an uair seo freisin.

Le linn an ama seo bhí Catherine páirteach i bhfeachtas le scoil a bhunú sa chomharsanacht aici, is í sin Newpark Comprehensive School, a bunaíodh as dhá scoil de chuid Eaglais na hÉireann a nascadh. Bhí cáil uirthi mar scoil fhorásach, agus í ar an gcéad scoil in Éirinn ag a raibh Idirbhliain. Osclaíodh í mar scoil chuimsitheach stáit i 1972.  Tá an scoil tar éis cáil a bhaint amach mar lárionad don nuálaíocht san oideachais.

Faoi thús na 1970idí bhí Proinsias ina chraoltóir aitheanta agus é ag déanamh go maith ar na cláir Ghaeilge, ar nós Féach.

I 1975 agus 1976 thóg Proinsias sos óna shaol sa chraoltóireacht le dul ag obair ina Ionadaí Speisialta do na Náisiún Aontaithe i nDeisceart na hAfraice, áit ar oibrigh sé le Seán MacBride. Bhí baint acu le Cogadh na Saoirse sa Namaib. Bhunaigh sé stáisiún raidió chun cabhrú le hEagraíocht Phobail na hAfraice Thiar Theas, a bhí ag troid ar son neamhspleáchais ó Rialtas Apartheid na hAfraice Theas. Bhíodh Catherine agus an teaghlach ina gcónaí in éineacht leis i Lusaka sa tSaimbia le linn an tsamhraidh agus thugadh a mháthair, Mairéad McGuinness, cuairt orthu ansin. In Éirinn ba dhlúthchairde iad le Kadar Asmal, bunaitheoir Ghluaiseacht Frith-Apartheid na hÉireann. Ollamh le Dlí a bhí ann i gColáiste na Tríonóide agus mhol sé do Chaitríona céim a bhaint amach sa Dlí. Bhí sé ina Aire rialtais ina dhiaidh sin sa chéad Rialtas iar-Apartheid a bhí ag an Afraic Theas, faoi cheannas an Uachtaráin Nelson Mandela.

Nuair a d’fhill a fear céile ar a chuid oibre in RTÉ agus é ag obair ar an gclár teilifíse Féach, chuaigh Catherine go Coláiste na Tríonóide le staidéar a dhéanamh ar an Dlí. Ina dhiaidh sin chuaigh sí go dtí Óstaí an Rí. I 1977 glaodh chun an Bharra í agus chuir sí tús lena gairm sa dlí. Faoin am sin bhí sí 42. Bhí a cuid leanaí 14, 12 agus 8. Bhí Catherine gníomhach sa Dlí Teaghlaigh ón tús. Ba bheag reachtaíochta a bhí sa réimse seo ag an am agus ní raibh mórán tacaíochta ann do dhaoine ar chlis ar a bpóstaí.  Bhí sí bainteach le hathruithe mór le rá le linn a gairme sa dlí, ó thaobh an reachtaíocht a athrú.

I 1979 d’fhill Catherine ar Thithe an Oireachtais nuair a toghadh í ina Seanadóir do Choláiste na Tríonóide sa bhfothoghchán a bhí ar siúl i mí na Nollag. Atoghadh í i 1981 agus arís ó 1983 go dtí 1987. Le linn a tréimhse sa Seanad, bhí ról tábhachtach aici mar a bhain le cur i gcoinne an 8ú Leasú ar an mBunreacht a thabhairt isteach, agus ó thaobh tacú leis an bhfeachtas chun deireadh a chur leis an gcosc bunreachtúil ar cholscaradh i 1986.

An Seanadóir Catherine McGuinness, 1983. Le caoinchead Chartlann RTÉ.

Ar an 2 Bealtaine 1988, cheap an tUachtarán Patrick Hillery Catherine ar an gComhairle Stáit agus bhí sí ann nó gur tháinig deireadh le téarma an Uachtaráin sa bhliain 1990. I 1989 glaodh chun an Bharra na Sinsear í.

Ba í Catherine an chéad bhean le bheith ceaptha ina Breitheamh sa Chúirte Chuarda, nuair a ceapadh í sa bhliain 1994. An bhliain chéanna ceapadh Catherine ina cathaoirleach ar an bhFóram um Shíocháin agus Athmhuintearas, a bhunaigh Rialtas na hÉireann tar éis Dhearbhú Shráid Downing i 1993. Rinneadh cur síos ar an bhfóram sna nuachtáin ag an am mar ‘fhóram chun dul i gcomhairle le chéile agus a bheith páirteach san idirphlé faoin todhchaí pholaitiúil.’ Bhí an chéad suí ag an bhFóram ar an 28 Deireadh Fómhair 1994.

Tháinig an fóram le chéile i gCaisleán Bhaile Átha Cliath sa dá bhliain ina dhiaidh sin. Bhí 41 seisiún iomlánach aige agus choimisiúnaigh sé na tuarascálacha, an Joint Framework Document (1995) agus Paths to a Political Settlement: Realities, Principles and Requirements.’ (1996). Sa bhliain 1996 ceapadh Catherine chuig an Ard-Chúirt.

Léaráid de Catherine McGuinness mar bhreitheamh. Le caoinchead ó chartlann mhuintir Mhic Aonghusa.

Fuair Catherine ardú céime go dtí an Chúirt Uachtarach i mí Eanáir na bliana 2000 agus bhí sí ann go dtí 2006.

Le linn a tréimhse sa Chúirt Uachtarach, fuair fear céile Catherine bás, i 2003.  Bhí siad pósta ar feadh 48 bliain.

Bhí na blianta ina dhiaidh sin lán de cheapacháin. I mí Feabhra 2005 ghlac sí le téarma cúig bliana ina hUachtarán ar an gCoimisiún um Athchóiriú ar an Dlí.

Chomh maith leis sin, i mí na Samhna 2005 ceapadh Catherine ina hOllamh Taca i nDámh an Dlí in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Bhí teach ag an teaghlach riamh anall i nGaillimh, áit ar chaith Proinsias blianta a óige. Thaitin an contae le Catherine ón tréimhse a chaith sí ar an gcoláiste ann, tráth a raibh sí ina cónaí le teaghlach sa Spidéal ar mhaithe le barr feabhais a chur ar a cuid Gaeilge.

I mí na Samhna 2011, ceapadh Catherine ina Cathaoirleach ar an ‘bhFeachtas do Leanaí‘ a dtugtaí ‘Yes for Children’ air chomh maith. Bhí sí i gceannas ar an bhfeachtas cathartha chun athrú a dhéanamh ar an leasú ar an mBunreacht. Sular ceapadh chun na Cúirte Cuarda í sa bhliain 1993, d’iarr an tAire Sláinte a bhí ann ag an am, Brendan Howlin, ar Catherine McGuinness a bheith i gceannas ar Imscrúdú Ciorrú Coil Chill Chainnigh a bhain le nár thug na gníomhaireachtaí stáit ábhartha aird ar cearta íospartaigh ciorrú coil thar thréimhse 15 bliana. Mar thoradh ar an tuarascáil, rinneadh athruithe ar an dlí a bhain le cúram leanaí, agus ar an bhfeachtas chun cearta leanaí a bhíonn tagtha ar an saol a chur isteach in Airteagail 14 agus 42 de Bhunreacht na hÉireann.

In 2011 freisin, cheap an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha a bhí ann ag an am, Eamon Gilmore, í mar ionadaí d’Éirinn ar an Eagraíocht um Shlándáil agus Chomhoibriú san Eoraip. Ba é an sainchúram a bhí uirthi ná dul i ngleic le ciníochas, seineafóibe agus idirdhealú, chomh maith le díriú ar an éadulaingt agus ar an idirdhealú i gcoinne Críostaithe agus baill de reiligiúin eile.

Thug a hainm gradam d’fheachtais agus d’eagraíochtaí.  Sa bhliain 2009 bronnadh gradam an Ardmhéara uirthi mar gheall ar an méid a chuir sí le ‘saol leanaí agus teaghlaigh sa chathair {lena} hobair cheannródaíoch’.  In 2010 ainmníodh í mar dhuine de Dhaoine na Bliana, gradam a thug aitheantas don tseirbhís a bhí tugtha aici le fada do mhuintir na hÉireann.

Sa bhliain 2013 thosaigh sí ag tacú leis an bhfeachtas chun deireadh a chur le soláthar díreach agus an bhliain chéanna ceapadh í ina hUachtarán Oinigh ar Sheirbhís Chomhairle Dlí Choláiste na Tríonóide. Bhronn Ollscoil na hÉireann, Ollscoil Uladh agus Coláiste Ríoga na Máinlianna dámhachtainí agus dochtúireachtaí oinigh uirthi.

An bhliain chéanna sin cheap an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Náisiúnta ag an am, Pat Rabbitte, Catherine le bheith ina cathaoirleach ar phainéal de shaineolaithe chun scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht a bhainfeadh le bealaí faoi thalamh a chur ar fáil don eangach náisiúnta.

In 2014, bhunaigh an Chomhghuaillíocht um Chearta Leanaí ‘The Catherine McGuinness Fellowship on Children’s Rights and Child Law’. Tugann an clár bliana seo deis d’abhcóide nuacháilithe a bheith ag obair mar chuid d’fhoireann dlí agus beartais. Thug sé seo léargas ar saol oibre ina ndeachaigh sí ó bheith ina hOifigeach Parlaiminte go dtí go raibh sí ina Breitheamh sa Chúirt Uachtarach. Ceapadh í ar an gComhairle Stáit den dara huair tar éis do Mhicheál D. Ó hUigínn a bheith tofa ina Uachtaráin agus bhí sí ann go dtí 2019.

Óstálann an tUachtarán lón do chomhaltaí nuacheaptha na Comhairle Stáit in Áras an Uachtaráin. An tUachtarán Michael D. Ó hUiginn in éineacht le baill nuacheaptha den Chomhairle Stáit ó chlé, An tOllamh Gearoid Ó Tuathaigh Leas-Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Ruairí Mc Kiernan Gníomhaí Pobail agus fiontraí sóisialta, An tOllamh Gerard Quinn Stiúrthóir an Ionad Dlí agus Beartas Míchumais i Scoil Dlí OÉ Gaillimh, an Breitheamh Onórach Catherine McGuinness, an tOllamh Deirdre Heenan Propast agus Déan na Forbartha Acadúla ar Champas Mhic Aodha Ollscoil Uladh Sally Mulready, Comhairleoir Oibreachais i mBuirg Hackney i Londain agus Michael Farrell aturnae sinsearach le hIonaid Chomhairle Dlí Saor in Aisce. Pictiúr le Maxwells. Le caoinchead ó chartlann mhuintir Mhic Aonghusa.

Idir 2015 agus 2017, bhí Catherine ina cathaoirleach ar Chomhairle Náisiúnta an Fhóraim um Dheireadh Saoil tar éis imscrúdú, a thosaigh in 2009, a bheidh críochnaithe An bhForas Ospíse. Mar thoradh air sin, bunaíodh an Chomhairle Náisiúnta. Ag labhairt di ag an am, dúirt Catherine ‘Mar shaoránaigh agus mar shochaí is gá dúinn deireadh a chur leis an tabú a bhaineann leis an mbás. Ní mór dúinn tacú lena chéile chun tuiscint níos fearr ar an bhfreagracht phearsanta a fhorbairt agus córais éifeachtacha a chur i bhfeidhm.’

Le linn an fheachtais chun an 8ú Leasú a Aisghairm, bhí Catherine i mbun feachtais ar an teilifís agus ar an raidió, labhair sí ag imeachtaí agus thug sí bileoga amach. Bhí trí ghlúin dá muintir páirteach ann, agus tá an lúcháir a bhí ar Catherine mar gheall ar an toradh ar taifead.

Catherine McGuinness le Kay Burley i gCaisleán Bhaile Átha Cliath do thorthaí an reifrinn maidir leis an 8ú Leasú a Aisghairm. Le caoinchead ó chartlann mhuintir Mhic Aonghusa.
Feachtas Together for Yes Catherine McGuinness (sa lár). Le caoinchead ó chartlann mhuintir Mhic Aonghusa.

Anois agus í ina cuid 80idí theastaigh ó Catherine a bheith fós gníomhach agus ghlac sí le Cathaoirleacht ar an Údarás Rialaithe in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, cúram a bhí uirthi go dtí Mí na Nollag 2022, nuair a bhí sí 88 bliain d’aois.

Sa lá atá inniu ann tá a híomhá crochta i gcuid mhaith foirgnimh phoiblí, agus saothair ar bhallaí Choláiste Alexandra, Thithe an Oireachtais, san Aula Maxima, in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann.

Miseon Lee, Justice Catherine McGuinness, Supreme Court Judge and Reformer, 2022. Presented, Tara Doyle, 2022 NGI.2022.33 National Gallery of Ireland Collection
© Miseon Lee. Photo, National Gallery of Ireland

Buíochas le Diarmaid agus Cian Mac Aonghusa chomh maith le Vivienne Wood agus Ian Doyle as cabhrú le Mná100.