Toghchán na bliana 1923
Fógraíodh olltoghchán chun an ceathrú Dáil Éireann an 27 Lúnasa 1923. Bhí síocháin, cé go mba mhíshocair, i réim tar éis éileamh go gcuirfeadh daoine a bhí páirteach i gCogadh na gCarad uathu a gcuid airm. Toghadh cúigear ban ach ní raibh ach aon duine amháin acu sin, Máighréad Ní Choileáin Bean Uí Dhrisceoil, a d’fhreastail seomra na Dála. Ba dheartháir dise Micheál Ó Coileáin a maraíodh nuair a rinneadh ionsaí as luíochán air mí Lúnasa na bliana roimhe sin agus bhí sí i bhfabhar an chonartha. B’iad an ceathrar eile, a toghadh ach nár thaobhaigh seomra na Dála, an Chuntaois Constance de Markievicz, an Dr Caitlín Lynn, Caitlín Brugha agus Máire Nic Shuibhne. Ní raibh siadsan i bhfabhar Saorstát Éireann a chur ar bun. Is féidir níos mó a fhoghlaim faoi na mná seo agus faoin olltoghchán mar chuid den Turas Fíorúil agus ar an Turas 100 Bliain.
Mar chuid den cheiliúradh ar chothrom céad bliain olltoghchán na bliana 1923, d’eagraigh Mná100 an tríú ceardlann i gcomhar leis an Músaem Náisiúnta Cló. Tugadh cuireadh do dhaltaí rang a ceathair agus rang a cúig i Scoil Náisiúnta an Ghleanna Bhig, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge póstaeir thoghchánaíochta a chruthú maidir leis an gcúigear ban a toghadh.
Póstaeir a rinne na leanaí ag an gceardlann sa Mhúsaem Náisiúnta Cló
Roinneadh an rang ina dhá ghrúpa. A fhad a bhí grúpa amháin i mbun clódóireachta, bhí deis ag an dara grúpa cuairt a thabhairt ar Ard-Mhúsaem na hÉireann i nDún Uí Choileáin. Tugadh ar cuairt ansin iad, arna chóiriú go speisialta do dhaltaí bunscoile, ar an taispeántas ‘Mná na Réabhlóidíochta’. Tá roinnt de na hacmhainní iontacha atá ag Ard-Mhúsaem na hÉireann i nDún Uí Choileáin d’oidí agus do theaghlaigh le feiceáil anseo.
Póstaeir a rinne na leanaí ag an gceardlann sa Mhúsaem Náisiúnta Cló
Is féidir grianghraif breise den cheardlann a fheiceáil thíos.